Ag féachaint chun cinn roimh Lá Fhéile Vailintín ar an 14 Feabhra 2024, léirítear freisin san anailís ar an gciseán Meánphraghsanna Náisiúnta go bhféadfadh sé a bheith níos costasaí freisin go leor de na bronntanais thraidisiúnta ar nós seacláidí agus bláthanna a thabhairt do do ghrá geal speisialta.
Tháinig ardú nach mór 9% ar chostas seacláidí sna 12 mhí go Nollaig 2023 agus tháinig ardú de bheagán 0.7% ar bhláthanna.
Beidh Lá Fhéile Vailintín agus Céadaoin an Luaithrigh ag tarlú ar an lá céanna freisin i mbliana, an lá a gcuirtear tús leis an gCarghas de ghnáth agus nuair a bhíonn daoine ag cuimhneamh ar thoitíní nó alcól a thabhairt suas go ceann 40 lá. Maidir leis na hearraí sin, tháinig ardú 6% ar chostas na dtoitíní, sin ardú ó €15.39 go €16.34 ar bhosca 20 toitín scagtha sna 12 mhí go Nollaig 2023.
Tháinig ardú ó €5.20 go €5.64 nó ardú 8% ar an bpraghas atá ar phionta de lean dubh sna 12 mhí go Nollaig 2023 agus tháinig ardú ó €5.73 go €6.06 nó ardú de bheagnach 6% sa bhliain ar an bpraghas atá ar phionta lágair.
Foilseofar ciseán uasdátaithe na n-earraí agus seirbhísí a úsáidtear do na Meánphraghsanna Náisiúnta ag 11am an 15 Feabhra 2024 chomh maith le heisiúint Eanáir 2024 ar an bPraghasinnéacs Tomhaltóirí. Uasdátaíodh na hearraí sa chiseán go deireanach in 2017. Léiríonn na huasdátuithe ar chiseán na n-earraí agus seirbhísí na nósanna ceannaigh atá ag tomhaltóirí atá ag athrú.
Beidh preasócáid ar líne ar siúl ag 11am ar an lá chun na hathruithe a rinneadh ar chiseán na n-earraí agus seirbhísí agus atá san áireamh sa phraghasinnéacs tomhaltóirí a leagan amach agus a mhíniú. Seol ríomhphost chuig cpi@cso.ie chun tuilleadh eolais a fháil.
R-phost | cpi@cso.ie |
---|---|
R-phost | pressoffice@cso.ie |
-- CRÍOCH --
Costas na gComhábhar Pancóg ag Méadú 2024
Roimh Mháirt na hInide an 13 Feabhra 2024, tá an costas a bhaineann le pancóga a dhéanamh ríofa ag an bPríomh-Oifig Staidrimh trí úsáid a bhaint as an bpraghas atá ar roinnt de na hearraí a bhailímid mar chuid den chiseán Meánphraghsanna Náisiúnta. Tá na praghsanna sin ina gcuid den Phraghasinnéacs Tomhaltóirí a dhéanann tomhas ar bhoilsciú in Éirinn.
Fuarthas amach san anailís go bhfuil ardú 3% tagtha ar an gcostas a bhaineann le pancóg bhunúsach a dhéanamh le 12 mhí anuas.
Léirítear i gciseán Meánphraghsanna Náisiúnta na n-earraí agus seirbhísí gur tháinig ardú 3% ar an gcostas a bhaineann le comhábhair a cheannach do mheascán bunúsach pancóg ina bhfuil uibheacha, bainne agus plúr sa tréimhse 12 mhí go dtí Nollaig 2023, an tréimhse 12 mhí is déanaí ina raibh figiúirí ar fáil.
Tháinig ardú 10% ar an gcostas atá ar 2kg plúr bán éiritheach le linn na tréimhse 12 mhí sin, agus tháinig ardú 3% ar an bpraghas atá ar leathdhosaen uibheacha móra. Is é 2 lítear bainne lánmhéathrais an t-aon chomhábhar bunúsach do phancóga a bhfuil laghdú tagtha air le linn na tréimhse sin, sin laghdú 3% sa bhliain.
Maidir le praghsanna iarbhír, tháinig ardú ar phraghas an phlúir ó €2.39 go €2.62, tháinig ardú ar phraghas na n-uibheacha ó €2.16 go €2.21, agus tháinig laghdú ar an meánphraghas atá ar 2 lítear bainne ó €2.26 go €2.12 le linn na 12 mhí go Nollaig 2023.
Más maith leat beagán siúcra a chur ar do phancóg, tá ardú 24% tagtha ar an gcostas atá ar 1kg siúcra bán gránaithe le linn na 12 mhí. Má chuireann tú an spúnóg shiúcra sin ar do phancóg, tagann ardú 6.4% ar an gcostas iomlán a bhaineann le pancóga a dhéanamh le linn na 12 mhí go Nollaig 2023.
Maidir le praghsanna, tháinig ardú ó €1.51 go €1.88 ar an meánphraghas atá ar 1kg siúcra bán gránaithe le linn na tréimhse sin.
Is fiú a rá nach bhfuil meánphraghas líomóidí ná sú líomóide san áireamh sa mheánchiseán earraí agus seirbhísí.