Skip navigation

Seoladh 'Le Chéile', an Straitéis Daonna CSO (2020-2022) de chuid na Príomh-Oifige Staidrimh, le déanaí. Áirítear ann na lár-spriocanna straitéiseacha maidir le foireann na hOifige.

Cuimsítear ceithre sprioc sa straitéis sin:

  • láthair iontach oibre a chothú, a mheallfaidh agus a chumasóidh ár ndaoine
  • acmhainneacht staitistiúil agus neamhstaitistiúil ár ndaoine a fhorbairt
  • cumais cheannaireachta agus bhainistíochta a chur chun tosaigh
  • an fheidhm acmhainní daonna a chur chun cinn sa chaoi go mbeidh sí lárnach in athruithe staitéiseacha a spreagadh.

Is iad na baill foirne cumasóirí bunriachtanacha an mhéid a dhéantar san Oifig; ag obair i gcomhair le chéile, ag tacú le chéile, ag cur le seachadadh ár spriocanna straitéiseacha agus ag leanúint den fhás agus den rathú. Is féidir linn, trí oibriú as lámh a chéile ár nDaoine a chumasú chun barr feabhais a bhaint amach.

Straitéis Daonna CSO - Le Chéile - Creat Straitéiseach (2020-2022) (PDF 821KB)

CSO Director General, Pádraig Dalton speaking at the launch of Le Chéile People Strategy at CSO Cork