Skip navigation

Scéim Teanga na hOifige 2019-2022

Tháinig dara scéim teanga na Príomh-Oifige Staidrimh i bhfeidhm ar an 8 Aibreán 2019. Mairfidh sí tréimhse trí bliana ón dáta tosaithe sin nó go dtí go gceadaítear scéim le teacht i gcomharbacht uirthi, cibé acu is déanaí.

Leagtar amach sa scéim seo na seirbhísí reatha ar fáil i nGaeilge, i mBéarla agus go dátheangach ón Oifig. Ina theannta sin, sonraítear na bearta atá le déanamh sna trí bliana idir 2019 agus 2022 chun cur le soláthar seirbhísí agus freastal ar fhreagróirí suirbhé, custaiméirí eile agus an pobal i gcoitinne.

 
Scéim is déanaí
Scéim Teanga na Príomh-Oifige Staidrimh 2019-2022 (PDF 330KB)

 
Féach chomh maith
Scéim Teanga na Príomh-Oifige Staidrimh 2007-2010 (PDF 140 KB)

Acht na dTeangacha Oifigiúla

Leagtar dualgais dhíreacha ar an Oifig agus ar chomhlachtaí poiblí eile maidir le gníomhaíochtaí trí Ghaeilge agus trí Bhéarla, faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003. Ina theannta sin, bíonn ar chomhlachtaí poiblí scéimeanna teanga a réiteach go tréimhsiúil faoin Acht.

Is é an Coimisinéir Teanga an t-údarás monatóireachta maidir le comhlíonadh forálacha an Achta agus na scéimeanna teanga. Is féidir teacht ar a thuilleadh eolais faoi chearta teanga an phobail, dualgais teanga comhlachtaí poiblí agus feidhmeanna an Choimisinéara ar an suíomh www.coimisineir.ie

 

  • CSO Language Scheme