Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

Fógra Trédhearcachta maidir le Cosaint Sonraí

Ainm an tSuirbhé:

Fás Aníos in Éirinn (FAÉ).

Cuspóir agus bunús dlí an tsuirbhé:

Is staidéar náisiúnta, fadaimseartha é Fás Aníos in Éirinn ar leanaí agus ar dhaoine óga, tionscadal i gcomhar idir an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige (RLCMLÓ) agus an Phríomh-Oifig Staidrimh.  Is í an Phríomh-Oifig Staidrimh an rialaitheoir sonraí do shonraí FAÉ.  Bailítear sonraí faoi FAÉ ar réimse ábhair lena n-áirítear cúram leanaí, struchtúir teaghlaigh, oideachas agus oiliúint, sláinte choirp agus mheabhrach, tithíocht agus fostaíocht.

Buntacaítear leis an rochtain atá ag an bPríomh-Oifig Staidrimh ar shonraí FAÉ agus foráiltear don rochtain sin in Alt 24 den Acht Staidrimh, 1993 – ‘Cuireadh faisnéis a sholáthar ar bhonn saorálach’.  Tugann an Oifig faoi fheidhmiú a cuid cumhachtaí faoi Alt 24 den Acht i gcomhthéacs a cuid feidhmeanna arna n-ainmniú de réir dlí, atá leagtha amach in Alt 10 d’Acht 1993.

Tá trí ghrúpa nó chohórt ann faoi láthair a ndearnadh suirbhé orthu faoin tionscadal FAÉ.  Tá suirbhé déanta ar an dá ghrúpa sin ó cuireadh tús le FAÉ, is iad sin Cohórt ’98, ar rugadh a bhformhór sa bhliain 1998; agus Cohórt ’08, ar rugadh a bhformhór sa bhliain 2008.  Bailítear sonraí ón leanbh/duine óg, óna dtuismitheoirí/gcaomhnóirí, múinteoirí agus príomhoidí scoile, agus faoin leanbh/duine óg, faoina dtuismitheoirí/gcaomhnóirí, múinteoirí agus príomhoidí scoile.  Cuireadh tús le sonraí a bhailiú faoi chohórt breithe nua, Cohórt ‘24 i R4 2023. Tá FAÉ éagsúil ó fhormhór na suirbhéanna sa mhéid is go bhfuil sé fadaimseartha, ie, bailíonn sé sonraí ón ngrúpa céanna thar thréimhse fhada.  Fágann sé sin gur féidir an saol atá ag daoine amach sa saol agus iad níos sine, ar daoine iad a raibh eispéiris éagsúla acu nuair a bhí siad ag fás aníos, a mheas.

Buntacaítear leis an mbunús dlí atá leis an bpróiseáil in Airteagal 6(1)(e) den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS), a bhaineann leis an bpróiseáil is gá a dhéanamh chun oibleagáid dhlíthiúil a chomhlíonadh a bhfuil an rialaitheoir faoina réir.

Tá sonraí catagóire speisialta in athróga sonraí áirithe a fhaightear faoi FAÉ agus, sna cásanna sin, tá an phróiseáil i gcomhréir le hAirteagal 9(2)(j) ar gá próiseáil a dhéanamh chun críocha staidrimh agus Airteagal 10, próiseáil a dhéanamh ar shonraí pearsanta a bhaineann le ciontuithe coiriúla agus coireanna agus ceadaítear sin faoi Ailt 42(1)(c), 54(c), 55(1)(a), agus 55(2)(e) den Acht um Chosaint Sonraí, 2018.

Catagóirí sonraí pearsanta:

Coinnítear sonraí pearsanta ar rannpháirtithe FAÉ lena n-áirítear sonraí teagmhála, comhdhéanamh teaghlaigh, uimhreacha PSP agus CAO (Cohórt '98 amháin). Bailítear sonraí catagóire speisialta freisin, go sonrach: eitneacht, reiligiún, sláinte (lena n-áirítear meabhairshláinte), tuairimí polaitiúla, ballraíocht i gceardchumann, gnéaschlaonadh agus iompar.

Cé a úsáideann na sonraí?

Ní chuirtear na torthaí ar fáil don phobal ach amháin i bhfoirm chomhiomlán agus déanaimid cinnte go bhfuil sé dodhéanta daoine aonair a aithint.

Féadfar faisnéis anaithnidithe ó shuirbhéanna a chur ar fáil freisin do ranna rialtais eile, d’eagraíochtaí ceadaithe agus do thaighdeoirí ceadaithe chun críocha staidrimh amháin.

Bainfidh páirtithe leasmhara ábhartha, gníomhaireachtaí náisiúnta, Ranna Rialtais agus na meáin úsáid fhorleathan as na sonraí.

An mbeidh do shonraí pearsanta faoi rún agus cé chomh fada a choinneofar na sonraí?

Tá an t-eolas go léir a thugann tú don Phríomh-Oifig Staidrimh faoi rún daingean. Leagtar amach san Acht Staidrimh, 1993, caighdeáin dhiana rúndachta:  is féidir an t-eolas a bailíodh a úsáid chun críocha staidrimh amháin agus ní féidir aon sonraí a d’fhéadfadh a bheith bainteach le duine inaitheanta a nochtadh d’aon roinn nó comhlacht eile rialtais. 

Ós rud é gur suirbhé fadaimseartha FAÉ is gá sonraí pearsana amhail ainmneacha agus seoltaí a choinneáil fad a mhairfidh an suirbhé ionas gur féidir rannpháirtithe a áireamh i ngach babhta bailithe sonraí nua.  Tá plean bailithe sonraí i bhfeidhm faoi láthair do gach ceann de na trí chohórt in FAÉ go dtí 2030 ar a laghad, mar sin leanfar de do chuid sonraí pearsanta a choinneáil go dtí sin.     Déanfar athbhreithniú ar choinneáil sonraí in 2030 agus beidh aon chinneadh a dhéanfar chun sonraí a choinneáil tar éis an phointe sin ag brath ar phleananna aon sonraí a bhailiú as sin amach.

An roinneann an Phríomh-Oifig Staidrimh sonraí pearsanta le haon tríú páirtithe?

Baineann an Phríomh-Oifig Staidrimh feidhm as eagraíocht chomhpháirtíochta oibre allamuigh chun agallaimh le rannpháirtithe a dhéanamh ar an nguthán. Chun teagmháil idir na hagallóirí agus rannpháirtithe an tsuirbhé a éascú, cuireann an Phríomh-Oifig Staidrimh sonraí teagmhála na rannpháirtithe ar fáil dóibh. Tá comhaontú i bhfeidhm lena chinntiú nach n-úsáidfear sonraí ach amháin chun na gcríoch a shonraítear agus nach gcoinneofar gan ghá iad.

I gcásanna sonracha áirithe, féadfar leaganacha bréagainmnithe de shonraí a chur ar fáil do thaighdeoirí ceadaithe faoi phrótacail taighdeora dhochta agus faoi nósanna imeachta rialachais mionsonraithe. 

Ceann de na croíphrionsabail a rialaíonn Institiúidí Staitistiúla Náisiúnta a oibriú ná rúndacht an eolais go léir a sholáthraíonn soláthraithe sonraí a chosaint. Bunaítear cumas na Príomh-Oifige Staidrimh Staitisticí Oifigiúla a chur le chéile ar a mhéid iontaoibhe atá ag daoine aonair agus cuideachtaí as an bPríomh-Oifig Staidrimh maidir le heolas íogair agus tá an ráthaíocht a sholáthraíonn an Phríomh-Oifig Staidrimh maidir le rúndacht do na soláthraithe sonraí go léir bunaithe ar an mbunriachtanas nach nochtar sonraí rúnda, faoi mar a leagtar amach i reachtaíocht náisiúnta agus staidrimh an AE.

Cé na cearta atá agat mar ábhar sonraí?

Bronntar na cearta seo a leanas ar dhaoine aonair faoin Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS): 

  1. An ceart go gcuirtear ar an eolas thú
  2. An ceart rochtana
  3. An ceart chun ceartú
  4. An ceart go ndéanfaí léirscriosadh
  5. An ceart chun próiseáil a shrianadh
  6. An ceart chun agóid a dhéanamh in aghaidh próiseáil sonraí pearsanta

Is féidir le duine aonair ceart rochtana a fháil ar na sonraí pearsanta a sholáthraíonn Comhlachtaí Seirbhíse Poiblí (CSP).   D’fhéadfadh go mbeadh Ábhair Sonraí atá ag iarraidh a gcearta faoin RGCS a fheidhmiú maidir lena gcuid sonraí pearsanta ag iarraidh teagmháil a dhéanamh leis an CSP bunaidh mar an rialaitheoir céadchéime.

Más mian leat na cearta seo a fheidhmiú go díreach tríd an bPríomh-Oifig Staidrimh, mar gheall go bpróiseáiltear do shonraí chun críocha staidrimh, d’fhéadfadh feidhm a bheith ag teorainneacha áirithe i gcomhréir le hAirteagal 89 den RGCS.  Is amhlaidh atá mar go bhféadfadh feidhmiú aon cheann de na cearta sin a bheith dodhéanta nó cur as go mór do ghnóthachtáil na próiseála staidrimh agus d’fhéadfadh sé go mbeadh gá le srian den chineál sin chun na críocha sin a chomhlíonadh. Más mian leat do chearta maidir le do shonraí faoi FAÉ a fheidhmiú, is féidir leat teagmháil a dhéanamh le hOifigeach Cosanta Sonraí na Príomh-Oifige Staidrimh trí na sonraí atá leagtha amach thíos. Déanfar measúnú ar iarratais ar rochtain ar bhonn cás ar chás. Beartaíonn an Oifig seo na cearta seo a fheidhmiú pé áit ar féidir.

Cad iad na foinsí agus catagóirí do shonraí pearsanta, sa chás nár bailíodh na sonraí go díreach uait?

Baileofar sonraí faoi leanbh/duine óg trí agallaimh dhíreacha leo. Is féidir sonraí breise faoin leanbh/duine óg a bhailiú freisin óna t(h)uismitheoir/c(h)aomhnóir(í), feighlí leanaí, múinteoirí agus príomhoide na scoile, de réir mar a bhaineann siad lena n-aois.

Baileofar sonraí faoi thuismitheoir/chaomhnóir(í) an linbh trí agallaimh dhíreacha leo. Is féidir sonraí breise faoin tuismitheoir/caomhnóir a bhailiú ó thuismitheoir/chaomhnóir eile an linbh freisin.

Baineann an Phríomh-Oifig Staidrimh úsáid as sonraí riaracháin chun cur le sonraí suirbhé nó chun iad a chur in áit sonraí suirbhé, d’fhonn oibríochtaí staidrimh a dhéanamh níos éifeachtaí nó chun léargais nó táirgí nua a chruthú. Cuireann sé sin ar chumas na Príomh-Oifige Staidrimh an t-ualach freagartha agus na costais a bhaineann le suirbhéanna a laghdú, agus cáilíocht agus tráthúlacht sonraí a fheabhsú.  Tá an úsáid a bhaintear ar sonraí riaracháin rialaithe ag nósanna imeachta dianrialaithe i gcomhréir leis an Acht Staidrimh agus leis an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS).  Is chun críocha staitistiúla amháin a úsáidtear na sonraí go léir a fhaigheann an Phríomh-Oifig Staidrimh agus ní bheifí ábalta tú féin ná do theaghlach a aithint ar bhealach ar bith ó thorthaí na hainilíse.

Is féidir Prótacal Sonraí na Príomh-Oifige Staidrimh chomh maith le tionscadail meaitseála sonraí a fháil ar https://www.cso.ie/en/aboutus/lgdp/csodatapolicies/csodataprotocol/.

Foinsí Sonraí Riaracháin a mbaintear úsáid astu faoi láthair in FAÉ:

  • An Roinn Oideachais: Bunachar Sonraí na Scoláirí Iar-Bhunscoile
  • An Roinn Coimirce Sóisialaí: Sonraí maidir le Sochar Linbh; Córas Taifead Lárnach — Sonraí Cliant, Sonraí Íocaíochta agus Fostaíochta; Íocaíochtaí Fadtéarmacha agus Gearrthéarmacha Leasa Shóisialaigh
  • An Phríomh-Oifig Chlárúcháin: Sonraí na mBreitheanna Cláraithe
  • Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte: Tacar Sonraí Vacsaínithe COVAX
  • An tÚdarás um Ard-Oideachas: Sonraí maidir le Cúrsaí agus Dámhachtainí Ard-Oideachais (lena n-áirítear Springboard)
  • Ionad Seirbhísí Comhroinnte Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta na nÚdarás Áitiúil:  Íocaíochtaí Cúnaimh Tithíochta
  • Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim:  Sonraí Ioncaim ó Fhoirmeacha Cánach Ioncaim 11/12 agus ÍMAT
  • SOLAS: Sonraí maidir le Cúrsaí Printíseachta agus Dámhachtainí
  • Coimisiún na Scrúduithe Stáit:  Torthaí Scrúdú na hArdteistiméireachta agus na hArdteistiméireachta Feidhmí
  • Tacaíocht Chomhchoiteann do Mhic Léinn in Éirinn (SUSI):  Sonraí maidir le hIarratais ar Dheontas agus Íocaíochtaí
  • Dearbhú Cáilíochta agus Cáilíochtaí Éireann: Sonraí maidir le Cúrsaí agus Dámhachtainí QQI

Tugtar breac-chuntas ar shamplaí d’athróga atá á bhfáil ag an bPríomh-Oifig Staidrimh faoi chatagóirí sonraí pearsanta thuas.

Chun teacht ar eolas breise faoin suirbhé seo, faoi do chearta um chosaint sonraí agus faoin an gcaoi a úsáidtear do shonraí, déan teagmháil, le:

Bailiú Sonraí:  An Dr Amanda Quail, Staitisteoir, Bailiú Sonraí Líonta Tí, An Phríomh-Oifig Staidrimh, Bóthar Bhaile Átha Fhirdhia, Ráth Maonais, Baile Átha Cliath 6, DO6 FX52

Teil: +353 1 498 4000 Ríomhphost: Amanda.Quail@cso.ie

Cohórt FAÉ ’98: Daniel Watts, Staitisteoir, Fás Aníos in Éirinn, An Phríomh-Oifig Staidrimh, Bóthar Bhaile Átha Fhirdhia, Ráth Maoinais, Baile Átha Cliath 6, DO6 FX52

Teil: +353 1 498 4094 Ríomhphost: Daniel.Watts@cso.ie

Cohórt FAÉ ’08: Caragh Stapleton, Staitisteoir, Fás Aníos in Éirinn, An Phríomh-Oifig Staidrimh, Bóthar Bhaile Átha Fhirdhia, Ráth Maonais, Baile Átha Cliath 6, DO6 FX52

Teil: +35314984117 Ríomhphost: Caragh.Stapleton@cso.ie

Cohórt FAÉ ’24: Bridget Hearne, Staitisteoir, Fás Aníos in Éirinn, An Phríomh-Oifig Staidrimh, Bóthar Bhaile Átha Fhirdhia, Ráth Maonais, Baile Átha Cliath 6, DO6 FX52

Teil: +353 1 498 4127 Ríomhphost: Bridget.Hearne@cso.ie       

An ceart chun gearán a dhéanamh leis an Údarás Maoirseachta

Tá an ceart agat, faoin Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí, gearán a dhéanamh leis an gCoimisiún Cosanta Sonraí má cheapann tú go bhfuil próiseáil do shonraí pearsanta in aghaidh an dlí um chosaint sonraí. Is iad seo a leanas sonraí teagmhála an Choimisiúin:  

Seoladh Poist: Oifig an Choimisiúin um Chosaint Sonraí, 21 Cearnóg Mhic Liam Theas, Baile Átha Cliath 2, D02 RD28, Éire.

Seoladh Ríomhphoist:            info@dataprotection.ie

Uimhir Ghutháin:            01 7650100 / 1800 437 737

Foirm ar Líne:                https://www.dataprotection.ie/

Sonraí teagmhála an Oifigigh Cosanta Sonraí sa Phríomh-Oifig Staidrimh:

Tá Oifigeach Cosanta Sonraí (OCS) na Príomh-Oifige Staidrimh freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar cheisteanna i ndáil leis an bhFógra Trédhearcachta seo. Má bhíonn aon cheisteanna agat faoin bhfógra seo, aon iarrataí san áireamh chun do chearta dlíthiúla a fheidhmiú, déan teagmháil le hOifigeach Cosanta Sonraí na Príomh-Oifige Staidrimh, nó seol chucu iad, le do thoil:

Seoladh Poist:

Oifigeach Cosanta Sonraí,
An Phríomh-Oifig Staidrimh,
Bóthar na Sceiche Airde,
T12 X00E

Teil: 021-453 5000
Ríomhphost: dpo@cso.ie