(lonnaithe i gCorcaigh agus i mBaile Átha Cliath)
Is í an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) oifig staitistiúil náisiúnta na hÉireann, agus é mar phríomhaidhm aici staitisticí maidir le daoine, sochaí agus geilleagar na hÉireann a bhailiú, a anailísiú agus a scaipeadh ar bhonn neamhchlaonta. Le staitisticí oifigiúla an CSO, cuirtear bonn eolais faoi chinnteoireacht i mórán réimsí éagsúla, lena n-áirítear foirgníocht, sláinte, leas sóisialach, an comhshaol agus an geilleagar.
Lonnaithe i gCorcaigh agus i mBaile Átha Cliath, díríonn an CSO go háirithe ar thimpeallacht oibre fhorásach ghairmiúil a chothú agus a fhorbairt, timpeallacht ina spreagtar nuálaíocht agus a bhfuil caidrimh oibre náisiúnta agus idirnáisiúnta mar bhonn agus mar thaca aici.
Tá folúntais faoi láthair ag an CSO do Staitisteoirí/Anailísithe Sonraí (lonnaithe i gCorcaigh agus i mBaile Átha Cliath).
Beidh iarrthóirí rathúla:
DÁTA DEIRIDH AR A NGLACFAR LE hIARRATAIS: 3i.n. an 30 Eanáir 2025.
Tá an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) tiomanta do bheartas comhdheiseanna agus cuirtear fáilte roimh iarratais ar an naoi mbonn uile atá leagtha amach san Acht um Chomhionannas Fostaíochta.