Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

 

 

Bainisteoir Margaíochta agus Cumarsáide
Leibhéal Príomhoifigigh Chúnta

Is í an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) Oifig Staidrimh Náisiúnta na hÉireann. Is é ár misean staidreamh iontaofa, neamhchlaonta a chur ar fáil chun bonn eolais a chur faoin gcinnteoireacht ar fud an rialtais, an ghnó agus na sochaí sibhialta.
Tá folúntas againn faoi láthair do Bhainisteoir Margaíochta agus Cumarsáide ar leibhéal Príomhoifigigh Chúnta (AP) inár n-oifig i gCorcaigh.
Más gairmí uaillmhianach, díograiseach agus tiomanta thú atá ag lorg deis spreagúil chun an straitéis agus an cleachtas margaíochta agus cumarsáide in eagraíocht mhór san earnáil phoiblí a stiúradh agus a mhúnlú, agus chun do ghairm bheatha mar ghairmí oilte margaíochta agus cumarsáide a fhorbairt, is mian linn cloisteáil uait.
Mar Bhainisteoir Margaíochta agus Cumarsáide ar leibhéal Príomhoifigigh Chúnta (AP), beidh tú i gceannas ar fheidhmeanna an CSO i réimsí na margaíochta, na meán sóisialta, an deartha ghrafaigh agus na n-imeachtaí, agus beidh tú freagrach as ár n-aschuir i nGaeilge.
Éilíonn an ról cur chuige straitéiseach comhtháite i leith na margaíochta agus na cumarsáide a chur i bhfeidhm, lena gcinntítear go bhfuil aschuir an CSO inrochtana agus ábhartha agus go gcuirtear in iúl go héifeachtach iad do spriocphobail éagsúla.
Chun tuilleadh eolais a fháil faoi conas iarratas a dhéanamh, tabhair cuairt ar:

https://csorecruitment.tal.net/vx/appcentre-ext/brand-4/spa-1/candidate/so/pm/1/pl/3/opp/54-Open-Competition-for-Marketing-Communications-Manager-Assistant-Principal-Officer-Level-2026/en-GB [leathanach i mBéarla]

Is é 3:00pm ar 20 Lúnasa 2026 spriocdháta chun iarratais a fháil.


Tá an CSO tiomanta do bheartas comhdheiseanna agus spreagann sé iarratais faoi gach ceann de na naoi bhforas atá leagtha amach san Acht um Chomhionannas Fostaíochta.