Is í an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) institiúid náisiúnta staidrimh na hÉireann agus tá sé mar phríomhchúram againn staitisticí a bhailiú, a anailísiú agus a scaipeadh ar bhonn neamhchlaonta maidir le pobal, sochaí agus geilleagar na hÉireann. Le staitisticí oifigiúla an CSO, cuirtear bonn eolais faoi chinnteoireacht i mórán réimsí éagsúla, lena n-áirítear foirgníocht, sláinte, leas sóisialach, an comhshaol agus an geilleagar.
Táimid ag cuardach daoine fuinniúla éirimiúla chun a bheith páirteach inár gClár Céimithe 2025/2026 agus deiseanna againn sna catagóirí a leanas:
Tá ceanncheathrú na hOifige lonnaithe i gCorcaigh agus dhá láthair eile aici i mBaile Átha Cliath (Ráth Maoinis agus Sord).
D’fhéadfaí céimithe a cheapadh ón gcomórtas seo ar feadh tréimhse shainithe (9 mí) ag tosú i Meán Fómhair 2025, chun tabhairt faoi thionscadal leis an Oifig seo nó le roinn rialtais/comhlacht eile stáit faoi scáth an Chórais Staidrimh Náisiúnta.
Le haghaidh tuilleadh eolais ar conas iarratas a dhéanamh, téigh chuig:
Dáta deiridh a nglacfar le hiarratais: 3i.n. ar an 24 Feabhra 2025.
Tá an Phríomh-Oifig Staidrimh tiomanta do bheartas comhdheiseanna agus cuirtear fáilte roimh iarratais ar na naoi mbonn uile atá leagtha amach san Acht um Chomhionannas Fostaíochta.