
Is í an CSO Oifig Staidrimh Náisiúnta na hÉireann. Is é ár misean staidreamh iontaofa, neamhchlaonta a chur ar fáil a thacaíonn le cinnteoireacht ar fud an rialtais, an ghnó agus na sochaí sibhialta.
Tá folúntais againn faoi láthair d’Ailtire Sonraí (leibhéal Príomhoifigigh Chúnta) inár n-oifig i gCorcaigh/mBaile Átha Cliath.
Más ceannaire foirne thú le taithí, agus taithí chruthaithe agat ar ailtireacht sonraí, agus má fhaigheann tú spreagadh ó dhúshláin réitigh atá bunaithe ar shonraí a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm ar leibhéal oibríochtúil agus straitéiseach i dtimpeallacht chorparáideach, ba mhaith linn cloisteáil uait.
Mar Ailtire Sonraí (Leibhéal Príomhoifigigh Chúnta), beidh ról lárnach agat maidir le caidrimh láidre a thógáil agus a chothabháil le comhpháirtithe gnó, agus tú ag tacú le húsáid sonraí tánaisteacha ag an eagraíocht, lena n-áirítear sonraí riaracháin agus mórshonraí, agus soláthar ailtireachta inscálaithe agus éifeachtúla a chinntiú.
Chun tuilleadh eolais a fháil faoi conas iarratas a dhéanamh, tabhair cuairt ar: https://csorecruitment.tal.net/vx/mobile-0/appcentre-ext/brand-4/spa-1/candidate/so/pm/1/pl/3/opp/49-Data-Architect-Assistant-Principal-Officer-level-March-2026/en-GB
Is é an 15 Aibreán 2026 ar 3:00pm an dáta deiridh le haghaidh iarratas.
Tá an CSO tiomanta do bheartas comhionannais deiseanna agus spreagann sé iarratais faoi gach ceann de na naoi bhforas atá leagtha amach san Acht um Chomhionannas Fostaíochta.