Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

Níltear ag glacadh le hiarratais ar an bpost seo níos mó

 

Ailtire Sonraí

Tá iarratais á lorg againn do phost mar Ailtire Sonraí ó dhaoine ar mhaith leo deis a thapú chun forbairt bhonneagair shonraí a stiúradh thar ceann an eagras anailíse agus staidrimh is mó in Éirinn. Déanann an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) na tacair shonraí sóisialta agus geilleagracha is cuimsithí sa tír a bhailiú, a anailísiú agus a scaipeadh.

Beidh obair mheasúnaithe i gceist leis an ról seo, dírithe ar mhodhanna próiseála agus ar theicneolaíocht atá mar bhonn le raon leathan d’fhoinsí sonraí inmheánacha agus seachtracha. Cúram lárnach eile a bheidh ann ná an bonneagar sonraí a chruthú ionas gur féidir na sonraí comhcheangailte a chur i láthair go leanúnach ar mhaithe le hanailísiú. Ina theannta sin, beidh deis ag an duine a cheapfar ionchur díreach a bheith acu maidir le Straitéis Sonraí an Rialtais agus beartais eile.

DÁTA DEIREANACH D'IARRATAIS: 5.30 i.n., Dé Máirt 7 Lúnasa 2018

 

Chun tuilleadh eolais a fháil, breathnaigh ar www.sigmarrecruitment.com/cso nó déan teagmháil le Claire Kelly ag Sigmar Recruitment ar (+353) 1 4744637 nó ar ríomhphost chuig ckelly@sigmar.ie