Suirbhé ar Fhoréigean Gnéis 2022 - Príomhthorthaí
- Deir 52% de mhná go ndearnadh foréigean gnéis orthu am éigin le linn an tsaoil
- Deir 28% d'fhir go ndearnadh foréigean gnéis orthu am éigin le linn an tsaoil
- Deir 22% díobh siúd 18-24 bliana d'aois go ndearnadh foéigean gnéis orthu ina nduine fásta agus ina bpáiste
- Deir 8% díobh siúd 65 bliana d'aois agus níos sine go ndearnadh foréigean gnéis orthu ina nduine fásta agus ina bpáiste
Baineann an téarma foréigean gnéis anseo le réimse eispéireas nár thoiligh an freagróir leo, ó eachtraí neamhfhisiciúla gan cead go dtí gnéas gan cead. Tuilleadh míniú le fáil san fhoilseachán.