Skip navigation

Achoimre ar Thorthaí

Chuaigh an líon daoine nárbh acmhainn dóibh a mbailte a choinneáil te a dhóthain i méid in 2022

Foilseachán staitistiúil an CSO, , 11rn

Don Suirbhé ar Ioncam agus Dálaí Maireachtála (SILC), ualaítear torthaí chun léargas cruinn a thabhairt ar dhaonra uile an stáit. Foilsíodh an tuarascáil SILC 2022 – Díothacht Fhorghníomhach i Samhain 2022, sular críochnaíodh próiseáil na sonraí ioncaim. Rinneadh é seo chun staitisticí ar líonta tí a chur ar fáil ar bhonn níos tráthúla. I ndiaidh próiseáil na sonraí ioncaim agus seiceálacha comhleanúnachais in éadan sonraí riaracháin ó fhoinsí eile, tá beachtú déanta ar na hualaithe do thorthaí SILC 2022. Rinneadh coigeartuithe ach go háirithe ar an bpróiseas neamhfhreagartha agus ar na teorainneacha calabrúcháin. Fágann na hathruithe sin go bhfuil níos lú athraithis ag baint leis na luachanna ualaithe agus, mar gheall air sin, gur meastacháin níos cruinne atá sna torthaí. Táthar tar éis na meastacháin san fhoilseachán SILC 2022 – Díothacht Fhorghníomhach a leasú dá bharr. Chun teacht ar a thuilleadh eolais, féach an nóta eolais [en] ar an ábhar ina ndéantar comparáid idir na torthaí chéadfhoilsithe agus na cinn leasaithe.

Achoimre ar Thorthaí

Chuaigh an líon daoine nárbh acmhainn dóibh a mbailte a choinneáil te a dhóthain i méid in 2022

  • Ardú ar an sciar daoine i ndíothacht fhorghníomhach ó 13.8% in 2021 go 17.7% in 2022

  • Rátaí díothachta forghníomhaí is airde i measc: líonta tí aontuismitheora le páistí faoi 18 mbliana d’aois (43.5%); daoine dífhostaithe (48.6%); daoine nach féidir leo oibriú de bharr reachta sláinte fhadtéarmaigh (44.3%); daoine i gcóiríocht ar cíos nó saor ó cíos (35.6%)

  • Ardú ar an sciar daoine nach féidir leo íoc as maidin/tráthnóna/oíche amach sa choicís roimhe ó 3.8% in 2021 go 9.7% in 2022

  • Ardú ar an sciar daoine nárbh acmhainn dóibh a mbailte a choinneáil te a dhóthain ó 3.2% in 2021 go 7.2% in 2022

  • Ardú ar an sciar de líonta tí ar dóigh leo gur ualach mór airgeadais é costas tithíochta ó 23.0% in 2021 go 31.1% in 2022

  • Ardú ar an sciar de líonta tí a mbíonn sé deacair orthu íoc as bunriachtanais saoil ó 42.0% in 2021 go 50.8% in 2022

  • Ísliú ar an sciar de líonta tí i riaráistí morgáiste ó 11.0% in 2021 go 9.3% in 2022, ach ardú ar an sciar líonta tí i riaráistí lena mbillí fóntais ó 7.0% in 2021 go 9.9% in 2022

Trácht an Staitisteora

Tá torthaí foilsithe ag an bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO) inniu (23 Samhain 2022) ón Suirbhé ar Ioncam agus Dálaí Maireachtála (SILC) don bhliain 2022 maidir le díothacht fhorghníomhach.

Déanann Eva O’Regan, Staitisteoir sa Rannóg Ioncaim, Tomhaltais agus Maoine, trácht ar fhoilseachán an lae inniu:

“Léirítear dúinn sna torthaí seo ó SILC 2022 ardú foriomlán ar an sciar daoine i ndíothacht fhorghníomhach i mbliana. Chomh maith leis sin, tugtar aird san fhoilseachán seo ar chomh forleathan is atá an díothacht i measc dreamanna áirithe, amhail líonta tí aontuismitheora le clann, daoine nach féidir leo oibriú de bharr reachta sláinte fhadtéarmaigh, daoine atá dífhostaithe, agus daoine i gcóiríocht ar cíos.

Méadú ar Dhíothacht

Sainítear daoine a bheith i ndíothacht fhorghníomhaí má mhaireann siad i líon tí atá gann ar dhá cheann nó níos mó de 11 mhír bunúsacha, ar gnách go mbeidís ag líonta tí sa phobal i gcoitinne. Chun teacht ar liosta de na míreanna díothachta seo, féach Míniú ar Tháscairí Bochtaineachta.

In 2022, bhí 17.7% de dhaoine sa stát i ndíothacht fhorghníomhach, le hais 13.8% in 2021 agus 14.3% in 2020.

D’éirigh 8 as 11 de na míreanna díothachta níos coitianta i measc an phobail in 2022. Ar an athrú is mó, is é an sciar daoine nárbh fhéidir leo íoc as maidin, tráthnóna nó oíche amach sa choicís roimhe, ó 3.8% in 2021 go 9.7% in 2022. Sna sála air sin bhí an méadú ar dhaoine nach féidir leo a mbailte a choinneáil te a dhóthain, ó 3.2% in 2021 go 7.2% in 2022.

Stádas eacnamaíochta féintuairiscithe: Is iad is coitianta a bheith i ndíothacht fhorghníomhach ná daoine atá, dar leo féin, dífhostaithe (48.6%) nó ‘gan a bheith in ann oibriú de bharr reachta sláinte fhadtéarmaigh’ (44.3%). Is iad is annamha a bheith sa staid sin ná daoine a deir go bhfuil siad i bhfostaíocht (12.7%) nó ar scor (12.0%). Is iad an dream is mó nach féidir leo íoc as béile gach ré lá ina raibh feoil, sicín, iasc nó a gcomhionann veigeatórach ná daoine as obair de bharr a sláinte (9.3%), sin le hais 0.7% de dhaoine i bhfostaíocht.

Comhdhéanamh Líon Tí: Feictear rátaí díothachta níos airde i measc líonta tí aontuismitheora le clann – maireann 43.5% den dream seo i ndíothacht fhorghníomhach; tá 18.3% gan na hacmhainní chun a mbailte a choinneáil te a dhóthain; agus tá 16.6% nach féidir leo bronntanais a cheannach dá ngaolta nó dá gcairde uair sa mbliain.

Ar an taobh eile den scéal, tá na rátaí is ísle i líonta tí le beirt tuismitheoir agus suas le triúr páistí faoi 18 mbliana d’aois – maireann 17.7% i ndíothacht fhorghníomhach; tá 5.4% gan na hacmhainní chun a mbailte a choinneáil te a dhóthain; agus tá 2.3% nach féidir leo bronntanais a cheannach dá ngaolta nó dá gcairde uair sa mbliain.

Stádas Tionachta: Tá an ráta díothachta trí oiread níos mó i measc daoine a mhaireann i gcóiríocht ar cíos/saor ó cíos (35.6%) ná i measc daoine i gcóiríocht úinéir áitithe (10.2%). Is amhlaidh an scála difríochta don mhír díothachta ‘gan a bheith in ann íoc as maidin, tráthnóna nó oíche amach sa choicís roimhe’ le 18.6% agus 6.0% faoi seach.

Níos deacra ar dhaoine íoc as bunriachtanais

Iarradh ar líonta tí a dheacra is a mbíonn sé orthu íoc as bunriachtanais saoil, leis na freagraí féideartha: an-deacair, deacair, measartha deacair, measartha éasca, éasca, an-éasca.

Deir leath de líonta tí (50.8%) go raibh deacracht éigean acu íoc as bunriachtanais saoil in 2022, sin le hais 42.0% in 2021. Tá an sciar líonta tí a raibh sé an-deacair orthu íoc as bunriachtanais ardaithe de bheagán in 2022 agus a bhí in 2021, le 5.9% agus 5.6% faoi seach.

Laghdú ar riaráistí morgáiste agus cíosa

Riaráistí Cíosa: I measc líonta tí a íocann cíos in 2022, deir 14.9% go raibh uair amháin ar a laghad nár íoc siad an cíos in am de bharr deacrachtaí airgeadais sa 12 mhí roimh an tsuirbhé. In 2021, sheas an ráta sin ag 16.2%.

Riaráistí Morgáiste: I measc líonta tí le húinéireacht ar a n-áit chónaithe agus morgáiste air in 2022, deir 3.4% go raibh uair amháin ar a laghad nár íoc siad as a morgáiste in am de bharr deacrachtaí airgeadais sa 12 mhí roimh an tsuirbhé. In 2021, bhí ráta comhionann de 5.3%. Ní mór a bheith airdeallach go raibh sosanna morgáistí COVID-19 ann ar feadh tréimhse agus gur tháinig siad seo chun críche sa chuid deireanach de 2020, rud a bhí ábhartha d’fhreagróirí ar an suirbhé in 2021.

Billí Fóntais: Thug 99.5% de líonta tí in 2022 le fios go n-íocann siad billí fóntais. Astu sin, deir 9.9% go raibh uair amháin ar a laghad nár íoc siad as bille fóntais éigean faoina dáta dlite de bharr deacrachtaí airgeadais sa 12 mhí roimh an tsuirbhé. B’ardú 2.9 pointe céatadáin é seo ón bhfigiúr 7.0% in 2021.

Ardú san ualach airgeadais bainteach le tithíocht agus iasachtaí

Iarradh ar líonta tí cén ualach airgeadais dóibh a bhain le costais tithíochta agus le haisíoc iasachtaí eile. B’iad na freagraí féideartha ná: ualach mór, ualach éigean, ualach ar bith.

Costais tithíochta: Dúirt 31.1% de líonta tí in 2022 gur ualach mór a bhí i gcostais tithíochta, sin le hais 23% in 2021. Mhaigh 30.1% de líonta tí in 2022 gur ualach ar bith a bhí i gcostais tithíochta, titim ón sciar 30.1% a dúirt amhlaidh in 2021.

Deir 41.9% de líonta tí i gcóiríocht ar cíos nó i gcóiríocht saor ó cíos gur ualach mór atá i gcostais tithíochta, le hais 26.3% de líonta tí ar úinéir-áititheoirí iad.

Iasachtaí: I measc líonta tí le socruithe fruillcheannaigh agus/nó iasachtaí eile, dúirt 21.4% in 2022 gur ualach mór a bhí sna haisíocaíochta, ardú ón 16.9% a dúirt amhlaidh in 2021.”

Sliocht atá sa leagan Gaeilge seo, tógtha ó fhoilseachán níos mó