Is cuid de shraith torthaí ó Dhaonáireamh 2022 an foilseachán seo. Foilseofar tuilleadh foilseacháin théamacha mar atá leagtha amach sa Sceideal Foilsithe maidir le Daonáireamh 2022.
1,873,997 an líon iomlán daoine a bhí trí bliana d’aois agus níos sine agus a bhí in ann Gaeilge a labhairt in Aibreán 2022. B’ionann sin 40% den daonra a bhí trí bliana d'aois agus níos sine a chomhlánaigh an cheist ar an teanga Gaeilge, a bhfuil gan athrú ó 2016.
Bhí 112,577 níos mó daoine, áfach, a bhí in ann Gaeilge a labhairt i gcomparáid le 2016, sin méadú 6%.
6,685 an líon foirmeacha daonáirimh Gaeilge a chomhlánaigh líonta tí in 2022.
Dhearbhaigh níos mó ban ná fear go raibh siad in ann Gaeilge a labhairt le 1,030,171 cainteoirí mná (55%) i gcomparáid le 843,826 cainteoir fir (45%), an patrún céanna mar a bhíodh i ndaonáirimh roimhe seo.
Chuir níos mó ná dhá-thrian de na daoine sin a bhí idir 6 agus 19 mbliana d’aois in iúl go raibh siad in ann Gaeilge a labhairt (67%).
Bhí thart ar 47% de na daoine 20-24 bliain d’aois in ann Gaeilge a labhairt ach thit an figiúr sin go 35% i measc daoine 25-29 bliain d’aois agus 30% i measc daoine 30-34 bliain d’aois.
Bhí níos mó ná aon-trian de na daoine sin a bhí 65 bliain d’aois agus níos sine in ann Gaeilge a labhairt (35%).
Is i gContae na Gaillimhe (50%) agus i gContae an Chláir (47%) a taifeadadh an sciar ab airde de chainteoirí Gaeilge i measc an daonra a bhí trí bliana d’aois agus níos sine.
As na 1,873,997 duine a dhearbhaigh go raibh siad in ann Gaeilge a labhairt, luaigh beagnach 473,000 duine nach labhraíonn siad Gaeilge riamh. Méadú beagnach 55,000 duine é sin i gcomparáid leis an mbliain 2016 (+13%).
Chuir 553,965 duine eile in iúl gur laistigh den chóras oideachais amháin a labhair siad Gaeilge, sin laghdú 1% i gcomparáid le 2016 (-4,643 duine).
As an ngrúpa atá fanta, labhair 115,065 duine Gaeilge go seachtainiúil (+3%), 614,727 duine a chuir in iúl gur labhair siad Gaeilge níos lú ná go seachtainiúil (+5%), agus labhair díreach 71,968 duine Gaeilge go laethúil (-2%, -1,835).
In 2022, is iad Béal Átha an Ghaorthaidh (89%), Mín Lárach agus Bun Na Leaca (88% i ngach ceann) na bailte leis na sciartha ab airde cainteoirí Gaeilge i measc an daonra a bhí trí bliana d’aois agus níos sine.
Leasaíodh an Tábla 1.5 ar an 07 Eanáir 2025. Níor ríomh an céatadán staidrimh do chúig bhaile mar gheall dur luach ‘Neamhluaite’ nialasach a bhí curtha isteach do líon na daoine in ann Gaeilge a labhairt agus nach raibh in ann Gaeilge a labhairt.
Is ag an Bun Beag agus an gCeathrú Rua le 69% i ngach ceann a bhí na sciartha ab airde cainteoirí laethúla Gaeilge.
Ní raibh cainteoir laethúil ar bith ag níos mó ná 70 baile in Éirinn.
Cainteoirí laethúla Gaeilge (%) | |
An Bun Beag | 69 |
An Cheathrú Rua | 69 |
Mín Lárach | 68 |
Doirí Beaga | 66 |
Rann Na Feirste | 61 |
Bun Na Leaca | 60 |
Cill Rónáin | 58 |
Gort An Choirce | 56 |
An Spidéal | 48 |
Loch An Iúir | 44 |
Cuireadh leis an gceist faoin nGaeilge i nDaonáireamh 2022 agus fiafraíodh de dhaoine a labhraíonn Gaeilge cé chomh maith is a labhraíonn siad í.
As na daoine sin a bhí trí bliana d’aois agus níos sine agus a labhair Gaeilge, dhearbhaigh 10% acu go raibh siad an-mhaith á labhairt agus chuir 32% acu in iúl go raibh siad go maith á labhairt.
Chuir níos mó ná leath de na daoine a bhí in ann Gaeilge a labhairt in iúl nach raibh siad go maith á labhairt (55%).
Go ginearálta, i measc daoine trí bliana d’aois agus níos sine a labhair Gaeilge, bhí na daoine a labhair Gaeilge níos minice níos líofa inti.
Dhearbhaigh thart ar 90% de na daoine a labhair Gaeilge go laethúil taobh amuigh den chóras oideachais go raibh siad an-mhaith nó go maith á labhairt.
I measc na ndaoine a labhair Gaeilge níos lú ná go seachtainiúil taobh amuigh den chóras oideachais, dúirt 62% acu nach raibh siad go maith á labhairt.
Chuir thart ar 84% de na daoine nár labhair Gaeilge riamh taobh amuigh den chóras oideachais in iúl nach raibh siad go maith á labhairt.
Go ginearálta, tháinig feabhas ar an leibhéal Gaeilge labhartha leanaí nuair a bhain siad aois scoile amach.
Is ag timpeall 18 mbliana d’aois a thosaigh an leibhéal Gaeilge labhartha ag titim go seasta go dtí 35 bliain d’aois.
Tháinig laghdú ar an sciar sin de dhaoine a dhearbhaigh nach raibh siad go maith ag labhairt Gaeilge i measc daoine a bhí idir 13 agus 18 bliain d’aois.
Tháinig méadú, áfach, ar chéatadán na ndaoine nach raibh go maith ag labhairt Gaeilge ó 19 bliain d’aois.
I measc na ndaoine sin a bhí 65 bliain d’aois agus níos sine agus a labhair Gaeilge, bhí 34% acu an-mhaith nó go maith á labhairt.
I measc na ndaoine sin a bhí 15 bliain d’aois agus níos sine agus a raibh oideachas tríú leibhéal bainte amach acu, bhí 27% acu go maith á labhairt agus 10% acu an-mhaith á labhairt.
I measc daoine a bhí 15 mbliana d’aois agus níos sine agus nach raibh ach oideachas bunscoile nó oideachas foirmiúil bainte amach acu, níor labhair ach 17% go maith ag labhairt Gaeilge agus 11% an-mhaith á labhairt.
Ba iad na daoine sin arbh é iar-bhunoideachas sóisearach an leibhéal ab airde oideachais a bhí bainte amach acu a bhí sa sciar ab airde daoine nach raibh go maith ag labhairt Gaeilge (69%).
Labhraíonn Gaeilge - An-mhaith | Labhraíonn Gaeilge - Go maith | Labhraíonn Gaeilge - Go dona | Gan a bheith ráite | |
Gan oideachas foirmiúil/Bunoideachas | 11 | 17 | 66 | 6 |
Iomlán dara leibhéal | 5 | 21 | 69 | 5 |
Iomlán tríú léibhéal | 10 | 27 | 62 | 2 |
Gan a bheith ráite | 13 | 28 | 49 | 11 |
Bhí 106,220 duine ina gcónaí sna ceantair Ghaeltachta i nDaonáireamh 2022.
6,603 (7%) duine sa bhreis i gcomparáid le 2016.
Mar sin féin, ní raibh ann ach méadú 5% i gcomparáid le 2011. Is mar gheall go raibh laghdú beag ar dhaonra na Gaeltachta idir 2011 agus 2016 é sin.
Tháinig méadú ar an daonra i ngach ceann de na hocht gceantar Gaeltachta sna sé bliana go dtí 2022.
Ba i nGaeltacht Phort Láirge a bhí an t-ardú céatadáin ba mhó (+14% nó 247 duine).
Ba i nGaeltacht Chontae na Gaillimhe a bhí an méadú ba mhó sa líon daoine le 2,937 duine breise i gcomparáid le 2016.
Ba i ndaonra Gaeltachta Mhaigh Eo a bhí an méadú ba mhoille ar an daonra (+1% nó 129 duine).
Ceantair Ghaeltachta | 2011 | 2016 | 2022 | Athrú mar chéatadán 2016 to 2022 |
---|---|---|---|---|
Ceantair Ghaeltachta an Mí | 1771 | 1857 | 2093 | 12.7086698976844 |
Ceantair Ghaeltachta Chorcaí | 3895 | 3932 | 4110 | 4.52695829094608 |
Ceantair Ghaeltachta Chiarraí | 8729 | 8756 | 9036 | 3.19780721790772 |
Ceantair Ghaeltachta Phort Láirge | 1784 | 1816 | 2063 | 13.6013215859031 |
Ceantair Ghaeltachta Chathair na Gaillimhe | 15299 | 15774 | 17496 | 10.9166983643971 |
Ceantair Ghaeltachta Chontae na Gaillimhe | 33608 | 33750 | 36687 | 8.70222222222222 |
Ceantair Ghaeltachta Mhaigh Eo | 10886 | 10386 | 10515 | 1.2420566146736 |
Ceantair Ghaeltachta Dhún na nGall | 24744 | 23346 | 24220 | 3.74368200119935 |
Bhí 102,973 duine a bhí trí bliana d’aois agus níos sine sna ceantair Ghaeltachta; Chuir 65,156 de na daoine sin in iúl go raibh siad in ann Gaeilge a labhairt.
Ba mhéadú 1,492 é sin ar fhigiúr na bliana 2016 (+2%).
Mar sin féin, tháinig laghdú ó 69% in 2011 go 66% in 2022 ar an sciar daoine a bhí in ann Gaeilge a labhairt sna ceantair Ghaeltachta.
Ba sna ceantair Ghaeltachta i Maigh Eo (-3%) agus i nDún na nGall (-2%) a bhí an laghdú ba mhó sa líon daoine a bhí in ann Gaeilge a labhairt sna sé bliana go 2022.
Ba i nGaeltacht na Mí (+11%, 117 duine) agus Phort Láirge (+15%, 187 duine) a bhí an méadú ba mhó sa líon cainteoirí Gaeilge ó 2016 i leith.
Ceantair Ghaeltachta | 2011 | 2016 | 2022 | Athrú mar chéatadán 2016 to 2022 |
---|---|---|---|---|
Ceantair Ghaeltachta an Mí | 1054 | 1062 | 1179 | 11.0169491525424 |
Ceantair Ghaeltachta Chorcaí | 2951 | 2872 | 2942 | 2.43732590529248 |
Ceantair Ghaeltachta Chiarraí | 6185 | 5874 | 6068 | 3.30268981954375 |
Ceantair Ghaeltachta Phort Láirge | 1271 | 1286 | 1473 | 14.5412130637636 |
Ceantair Ghaeltachta Chathair na Gaillimhe | 7123 | 7020 | 7751 | 10.4131054131054 |
Ceantair Ghaeltachta Chontae na Gaillimhe | 23855 | 23550 | 24238 | 2.92144373673036 |
Ceantair Ghaeltachta Mhaigh Eo | 6667 | 6121 | 5956 | -2.69563796765234 |
Ceantair Ghaeltachta Dhún na nGall | 17132 | 15879 | 15549 | -2.07821651237483 |
I measc níos mó ná 65,000 cainteoir Gaeilge trí bliana d'aois agus níos sine sna ceantair Ghaeltachta, labhair 20,261 nó 31% Gaeilge go laethúil. Laghdú 2% a bhí ansin i gcomparáid le 2016 (-325 duine).
Labhair 6,435 duine eile Gaeilge ar bhonn seachtainiúil (+2% i gcomparáid le 2016).
Maidir leis an 59% de chainteoirí Gaeilge eile a bhí ina gcónaí sa Ghaeltacht, níor labhair siad Gaeilge chomh minic sin, ní labhraíonn siad Gaeilge riamh, níor labhair siad Gaeilge ach laistigh den chóras oideachais, nó níor luaigh siad cé chomh minic a labhraíonn siad Gaeilge (38,460 duine).
Ba ag Gaeltacht Chontae na Gaillimhe a bhí an sciar ba mhó de chainteoirí laethúla Gaeilge i ngach ceantar Gaeltachta ag 39% (40% in 2016).
Ba ag Gaeltacht Chathair na Gaillimhe a bhí an céatadán ab ísle cainteoirí laethúla nó 8% de na daoine sin a bhí in ann Gaeilge a labhairt.
Maidir leis na cainteoirí Gaeilge a bhí trí bliana d’aois agus níos sine sna ceantair Ghaeltachta, chuir 29% acu in iúl go raibh siad go maith ag labhairt Gaeilge agus bhí 41% acu in ann í a labhairt go han-mhaith. Dúirt 28% eile de chainteoirí Gaeilge sa Ghaeltacht nach raibh siad go maith ag labhairt Gaeilge.
I nGaeltacht Mhaigh Eo, bhí 38% in ann Gaeilge a labhairt go han-mhaith agus chuir 21% in iúl go raibh siad go maith á labhairt. Dhearbhaigh beagnach dhá chúigiú, áfach, nach raibh siad go maith ag labhairt Gaeilge.
Dhearbhaigh leath de na cainteoirí Gaeilge i gContae na Gaillimhe go labhraíonn siad Gaeilge go han-mhaith, ach dhearbhaigh aon cheathrú de chainteoirí Gaeilge i nGaeltacht Chontae na Gaillimhe gur labhair siad Gaeilge go maith, an líon ab airde sna ceantair Ghaeltachta ar fad.
Ba i nGaeltacht Chathair na Gaillimhe (47%) a bhí an sciar ab airde cainteoirí Gaeilge a dúirt nach raibh siad go maith á labhairt. Níor chuir ach 17% sa cheantar sin in iúl go raibh siad go maith ag labhairt Gaeilge.
Chuir níos mó ná 45% de shaoránaigh Éireannacha a bhí trí bliana d’aois agus níos sine in iúl go raibh siad in ann Gaeilge a labhairt.
I measc na saoránach neamh-Éireannach a bhí trí bliana d’aois agus níos sine (gan aon saoránacht agus gan aon saoránacht luaite san áireamh), dúirt beagnach 57,000 acu go raibh siad in ann Gaeilge a labhairt.
Níor labhair ach 3% acu sin Gaeilge go laethúil (1,675).
I measc na ndaoine sin a raibh saoránacht acu i dtír seachas Éire agus a bhí in ann Gaeilge a labhairt, dúirt 19% gur Polannaigh iad agus dúirt 12% gur Briotanaigh iad.
Chuir thart ar 15% de shaoránaigh na hAstráile a bhí trí bliana d’aois agus níos sine in iúl go raibh siad in ann Gaeilge a labhairt agus rinne 13% de shaoránaigh na Polainne agus na Laitvia amhlaidh.
Gaeilgeoirí (%) | |
An Chróit | 9 |
An Fhrainc | 6 |
An Ghearmáin | 8 |
An Iodáil | 6 |
An Laitvia | 13 |
An Liotuáin | 12 |
An Pholainn | 13 |
An Rómáin | 10 |
An Spáinn | 5 |
An Úcráin | 2 |
Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann | 8 |
AE27 Eile (2020) | 8 |
An Chuid Eile den Eoraip(1) | 8 |
An Afraic | 10 |
An tSín | 11 |
An India | 6 |
Eile san Áis (1) | 7 |
An Astráil | 15 |
Stáit Aontaithe Mheiriceá | 10 |
An Bhrasáil | 3 |
Eile i gCríocha Mheiriceá (1) | 4 |
Tíortha eile | 11 |
Ilsaoránacht/Déshaoránacht | 8 |
Gach tír seachas Éire | 9 |
Faoi Acht na Gaeltachta, 2012, rinneadh sainmhíniú as an nua ar an nGaeltacht mar 26 Limistéar Pleanála Teanga.
Ina measc sin, ba i gCeantar na nOileán a taifeadadh an sciar ba mhó cainteoirí Gaeilge (95%) in 2022.
Is i dToraigh a taifeadadh an sciar ba mhó cainteoirí laethúla Gaeilge in 2022 nó 83% de na daoine ar fad a bhí trí bliana d’aois agus níos sine agus a bhí in ann Gaeilge a labhairt. (93 duine).
Gaeilgeoirí (%) | |
Ceantar na nOileán | 95 |
Toraigh | 94 |
An Cheathrú Rua | 90 |
Árainn Mhór | 86 |
Oileáin Árann | 85 |
Conamara Láir | 85 |
Gaoth Dobhair, Rann na Feirste, Anagaire agus Loch an Iúir | 84 |
Cois Fharraige | 82 |
Cloich Chionnaola, Gort an Choirce, An Fál Carrach agus Machaire Rabhartaigh | 77 |
Múscraí | 77 |
Na Déise | 76 |
Ciarraí Thiar | 74 |
Dún na nGall Theas | 72 |
An Ghaeltacht Láir | 71 |
Cléire | 68 |
Maigh Eo Thiar | 66 |
Dúiche Sheoigheach agus Tuar Mhic Éadaigh | 65 |
Maigh Cuilinn | 63 |
Ciarraí Theas | 63 |
Tuaisceart Dhún na nGall | 61 |
Ráth Chairn agus Baile Ghib | 60 |
Bearna agus Cnoc na Cathrach | 58 |
Maigh Eo Thuaidh | 57 |
An tEachréidh | 54 |
Na Rosa | 49 |
Oirthear Chathair na Gaillimhe | 44 |
In 2022, bhí 773,688 cainteoirí Gaeilge a raibh ag obair agus bhí móran slite beatha éagsúla acu. Iad seo san áireamh:
Gairmithe teagaisc agus oideachais (11% de chainteoirí Gaeilge).
Slite beatha riaracháin (9%).
Gairmithe gnó, meán agus seirbhíse poiblí (9%).
Gairmithe sláinte, stiúrthóirí agus bainisteoirí corparáide agus gairmithe comhlacha gnó agus seirbhíse poiblí (7% i ngach ceann).
Is iad seo a leanas na príomhghrúpaí gairme i measc cainteoirí laethúla Gaeilge a bhí ag obair in 2022:
Gairmithe teagaisc agus oideachais (9% de chainteoirí laethúla Gaeilge).
Slite beatha cultúir, meán agus spóirt (7%).
Ceird bhunúsach agus slite beatha gaolmhara (5%).