Tá an eisiúint seo faoin bhrat Aschur Ceannródaíoch CSO [en] rud a chiallaíonn go bhfuil ceisteanna fós le réiteach faoi mhodhanna nó anailísiú i gcineál taighde nua. Ní mór a bheith cúramach agus staitisticí san anailís thurgnamhach seo á léamh. Ach staitisticí a fhoilsiú faoin teideal Aschur Ceannródaíoch, bíonn deis ag an Oifig eolas nua fónta a chur ar fáil d’úsáideoirí agus aiseolas saineolach a fháil uathu ar na modhanna agus táirgí aschuir nua sin. Ag an am céanna, mínítear go soiléir aon teorainn a bhaineann leis an taighde.
Deir 27% de na freagróirí go raibh tionchar dearfach ag an bpaindéim COVID-19 ar a gcaidreamh lena bpáirtí/lena gcéile. Deir 17% go raibh tionchar diúltach ag an bpaindéim ar a gcaidreamh reatha, agus deir 49% nach raibh aon tionchar ag an bpaindéim ar a gcaidreamh reatha.
Deir 38% de na freagróirí a mheas nach raibh cúrsaí airgid go maith leo in 2020, go raibh tionchar diúltach ag an bpaindéim ar a gcaidreamh reatha lena bpáirtí/lena gcéile.
Tríd is tríd, déanann 25% de na freagróirí iarracht croitheadh láimhe a sheachaint anois. Is mó seans go ndéanfaidh mná (32%) iarracht croitheadh láimhe a sheachaint i gcomparáid le fir (18%) agus deir siad go níonn siad a lámha níos minice (61% i gcomparáid le 51%).
Deir 27% de na freagróirí a mheasann go bhfuil sláinte measartha nó drochshláinte acu go ndéanann siad iarracht ócáidí sóisialta a sheachaint. Sin beagnach ceithre huaire níos mó (7%) ná na daoine a mheasann go bhfuil a sláinte an-mhaith.
Díobh siúd a d'fhreastail go pearsanta ar shearmanais reiligiúnacha ar bhonn rialta roimh mhí an Mhárta 2020, bíonn 55% fós ag freastal orthu go pearsanta, deir 8% nach bhfreastalaíonn siad orthu ach amháin ar líne, agus deir 37% nach mbíonn siad ag freastal ar shearmanais reiligiúnacha go rialta a thuilleadh.
Is dóichí go ndéarfaidh freagróirí óga go mbíonn tionchar ag na meáin shóisialta ar a meabhairshláinte, le 64% ag rá go mbíonn tionchar diúltach acu ar a meabhairshláinte. I gcomparáid leis sin, deir 11% de dhaoine atá 70 bliain d'aois agus níos sine a úsáideann na meáin shóisialta go mbíonn tionchar diúltach acu ar a meabhairshláinte.
Tá aiféala anois ar thart ar 6% de na freagróirí a fuair madra agus 3% a fuair cat le linn na paindéime.
Is é seo an tríú cheann i sraith eisiúintí atá beartaithe ag an bPríomh-Oifig Staidrimh chun comóradh a dhéanamh ar thionchar na paindéime ar shochaí na hÉireann agus ar ghnéithe dár ngeilleagar cúig bliana tar éis a thús. Foilsíodh an chéad eisiúint, ceann bunaithe ar thorthaí an Suirbhé Sciobtha, COVID-19 — Ár Saol Cúig Bliana Ar Aghaidh: Tionchar an Oideachais Bhriste ar 12 Márta 2025 agus an dara cheann, COVID-19 — Ár Saol Cúig Bliana Ar Aghaidh: Tionchar ar Fhostaíocht, Tuilleamh agus Aerthaisteal ar an 19 Márta 2025.
Sliocht atá sa leagan Gaeilge seo, tógtha ó eisiúint níos mó
Trácht an Staitisteora
Tá COVID-19 - Ár Saol Cúig Bliana Ar Aghaidh: Tionchar Sóisialta foilsithe inniu (25 Márta 2025) ag an bPríomh-Oifig Staidrimh.
Is é seo an tríú ceann i sraith eisiúintí ina ndéantar iniúchadh ar thionchar sóisialta agus eacnamaíoch COVID-19 ar ár sochaí cúig bliana ó thús na paindéime in Éirinn (Féach Nóta an Eagarthóra thíos).
Cuirtear ar fáil san eisiúint seo an dara sraith de thorthaí ó shuirbhé ar aigne na foirne a rinne an Phríomh-Oifig Staidrimh, COVID-19 - Ár Saol Cúig Bliana Ar Aghaidh. Rinneadh an suirbhé seo ar líne idir an 16 Eanáir agus an 2 Feabhra 2025, agus fiosraíodh an tionchar atá fós ag paindéim COVID-19 ar ár saol cúig bliana ar aghaidh. Tabhair faoi deara nach bhfuil an suirbhé seo ionadaíoch go náisiúnta toisc gur dheonaigh daoine páirt a ghlacadh ar líne (féach thíos ar an gcuid - Maidir leis an Suirbhé seo - chun tuilleadh eolais a fháil).
Léiríonn eisiúint an lae inniu torthaí mionsonraithe ar an dóigh ar athraigh caidrimh, iompar sóisialta, idirghníomhaíochtaí sóisialta le daoine eile agus nósanna tomhaltais cúig bliana ó tugadh srianta COVID-19 isteach.
Ag caint ar thorthaí an eisithe seo, dúirt Claire Burke, Staitisteoir sa Rannán Ioncaim, Tomhaltais agus Rachmais: “Cúig bliana ó shin, thug rialtas na hÉireann sraith srianta isteach chun srian a chur le scaipeadh an víris COVID-19. I measc na srianta, bhí teorainn le hidirghníomhaíochtaí sóisialta le daoine eile, clutharú do dhaoine scothaosta, scaradh sóisialta aon mhéadar a choinneáil, masc a chaitheamh srl. Moladh d'fhostaithe oibriú ón mbaile nuair a bhí siad in ann, agus tá obair chumaisc mar thoradh air sin do roinnt daoine anois. Déantar iniúchadh san eisiúint seo ar an dóigh ar athraigh caidrimh, iompar sóisialta, idirghníomhaíochtaí sóisialta le daoine eile, nósanna oibre agus nósanna tomhaltais cúig bliana ó tugadh srianta COVID-19 isteach.
Caidrimh le Baill Teaghlaigh
Deir 27% de na freagróirí a bhí ina gcónaí lena bpáirtí/lena gcéile nuair a bhí srianta COVID-19 i bhfeidhm agus atá ag obair ón mbaile ar a laghad leath na seachtaine oibre faoi láthair go raibh tionchar dearfach ag an bpaindéim ar a gcaidreamh lena bpáirtí/lena gcéile. Deir 17% go raibh tionchar diúltach ag an bpaindéim ar a gcaidreamh reatha, agus deir 49% go mothaíonn siad nach raibh aon tionchar ag an bpaindéim ar a gcaidreamh reatha ar chor ar bith. Ba mhó seans go ndéarfadh freagróirí níos sine nach raibh aon tionchar ag an bpaindéim ar an gcaidreamh atá acu faoi láthair lena bpáirtí/lena gcéile.
Is cosúil go raibh tionchar ag cúrsaí airgid an teaghlaigh ag an am sin ar an tionchar a bhí ag na srianta ar chaidrimh idir páirtnéirí/céilí. Deir 38% de na freagróirí a mheas nach raibh cúrsaí airgid go maith leo in 2020, go raibh tionchar diúltach ag an bpaindéim ar a gcaidreamh reatha lena bpáirtí/lena gcéile. Cuirtear é sin i gcomparáid le 13% díobh siúd a mheas go raibh cúrsaí airgid go maith leo ag an am sin.
Is dóichí go ndéarfaidh freagróirí nach raibh ag obair ón mbaile roimh an bpaindéim ach atá anois ag obair ón mbaile ar a laghad leath na seachtaine oibre go raibh tionchar dearfach ag paindéim COVID-19 ar chaidrimh theaghlaigh. Deir 41% de na freagróirí a bhí ina gcónaí lena bpáirtí/lena gcéile nuair a bhí srianta COVID-19 i bhfeidhm agus atá ag obair ón mbaile ar a laghad leath na seachtaine oibre faoi láthair go raibh tionchar dearfach ag an bpaindéim ar a gcaidreamh lena bpáirtí/lena gcéile. Is é 23% an ráta inchomparáide d'fhostaithe nach n-oibríonn ón mbaile.
Deir 50% d'fhreagróirí atá ag obair ón mbaile anois ar a laghad leath na seachtaine oibre go raibh tionchar dearfach ag an bpaindéim ar a gcaidreamh lena leanaí. Is é 35% an ráta inchomparáide dóibh siúd nach n-oibríonn ón mbaile.
Athrú ar Iompar Sóisialta
Deir 56% de na freagróirí go léir go níonn siad a lámha níos minice anois ná mar a níodh roimh thús na paindéime agus deir 6% nach níonn siad a lámha chomh minic céanna. Deir 37% de na freagróirí nach bhfuil aon athrú ar a mhinice is a níonn siad a lámha. Tá i bhfad níos mó seans ann go dtuairisceodh mná go níonn siad a lámha níos minice anois ná mar a níodh roimh an bpaindéim i gcomparáid le fir (61% i gcomparáid le 51%).
Is dóichí gur athraigh freagróirí a bhfuil drochshláinte acu an dóigh a mbíonn siad ag plé le daoine eile lasmuigh dá dteaghlach. Déanann daoine a bhfuil drochshláinte acu iarracht níos mó croitheadh láimhe a sheachaint ná iad siúd a bhfuil sláinte níos fearr acu. Deir 31% de na freagróirí a mheasann go bhfuil sláinte mheasartha nó drochshláinte acu go ndéanann siad iarracht croitheadh láimhe a sheachaint i gcomparáid le 21% díobh siúd a mheasann go bhfuil a sláinte an-mhaith. Deir 27% de na freagróirí a mheasann go bhfuil sláinte mheasartha nó drochshláinte acu go ndéanann siad iarracht ócáidí sóisialta a sheachaint. Sin beagnach ceithre huaire níos mó (7%) ná na daoine a mheasann go bhfuil a sláinte an-mhaith.
Deir 59% de na freagróirí go ndéanann siad iarracht daoine eile a sheachaint nuair a bhíonn siad féin tinn. Deir 68% de mhná go ndéanann siad iarracht daoine eile a sheachaint i gcomparáid le 49% d'fhir. Deir beagnach 70% d'fhostaithe a oibríonn ón mbaile ar a laghad leath na seachtaine oibre go ndéanann siad iarracht daoine eile a sheachaint nuair a bhíonn siad tinn agus gurb é 55% an figiúr inchomparáide dóibh siúd nach n-oibríonn ón mbaile de ghnáth.
Deir 9% de na freagróirí go ndéanann siad iarracht scaradh sóisialta aon mhéadar ar a laghad a choinneáil idir iad féin agus daoine eile. Níl aon difríocht idir na rátaí d'fhir agus do mhná, ach is mó seans go ndéanfadh mná iarracht croitheadh láimhe a sheachaint i gcomparáid le fir (32% i gcomparáid le 18%).
Searmanais Reiligiúnacha
Díobh siúd a d'fhreastail go pearsanta ar shearmanais reiligiúnacha ar bhonn rialta roimh mhí an Mhárta 2020, bíonn 55% fós ag freastal orthu go pearsanta, deir 8% nach bhfreastalaíonn siad orthu ach amháin ar líne, agus deir 37% nach mbíonn siad ag freastal ar shearmanais reiligiúnacha go rialta a thuilleadh.
Is dóichí go bhfreastalódh freagróirí níos sine ar shearmanais reiligiúnacha go pearsanta nó ar líne fós. Deir 69% de na freagróirí atá 70 bliain d'aois agus níos sine a d'fhreastail ar shearmanais reiligiúnacha go pearsanta roimh thús na paindéime go mbíonn siad fós i láthair go pearsanta agus roghnaíonn 12% díobh siúd san aoisghrúpa seo freastal ar líne ina ionad sin. Os a choinne sin, deir 67% de na freagróirí óga, iad siúd idir 18-29 bliain d'aois, nach bhfreastalaíonn siad ar shearmanais reiligiúnacha go rialta i bhfoirm ar bith a thuilleadh. Deir 31% go mbíonn siad fós i láthair go pearsanta agus gan ach 2% ag rá go bhfreastalaíonn siad orthu ar líne.
Gníomhaíochtaí Sóisialta Struchtúrtha
Deir 49% de na freagróirí a bhí idir 13-25 bliain d'aois ag tús na bliana 2020 gur fhreastail siad ar ghníomhaíocht shóisialta struchtúrtha de chineál éigin, amhail club spóirt, club óige nó club sóisialta de chineál eile, ag an am sin. Cúig bliana ar aghaidh, ag tús na bliana 2025, deir 48% de na freagróirí seo go bhfreastalaíonn siad fós ar ghníomhaíocht shóisialta struchtúrtha de chineál éigin agus go bhfuil 51% d'fhir fós ag freastal orthu i gcomparáid le 45% de mhná.
Cianobair
Ar an iomlán, aontaíonn 55% d'fhreagróirí a thosaigh ag obair ón mbaile ó thús na paindéime go láidir go bhfuil feabhas tagtha ar a gcothromaíocht oibre is saoil ó thosaigh siad ag obair ó chian. Aontaíonn céatadán i bhfad níos airde (63%) díobh siúd a oibríonn ón mbaile ar a laghad leath na seachtaine oibre go bhfuil feabhas tagtha ar a gcothromaíocht oibre is saoil ná iad siúd nach n-oibríonn ón mbaile chomh minic sin (38%).
Is dóichí (80%) go n-aontódh freagróirí níos óige, iad siúd idir 18-29 bliain d'aois, go mbaineann siad níos mó sásamh as a bpost ó thosaigh siad ag obair ón mbaile agus is lú seans (59%) go smaoineoidh freagróirí idir 50-59 bliain d'aois an rud céanna.
Ar an iomlán, deir 33% de na freagróirí ábhartha go raibh tionchar dearfach ag cianobair ar a gcaidreamh le comhghleacaithe oibre. Deir 17% go raibh tionchar diúltach aige orthu agus deir 45% nach raibh aon tionchar aige orthu.
Caitheamh
Alcól: Deir 33% de na freagróirí óga, iad siúd atá idir 22 agus 29 bliain d'aois, go bhfuil méadú tagtha ar an méid alcóil a ólann siad ó tugadh srianta COVID-19 isteach in 2020 agus deir 40% den aoisghrúpa seo go mbíonn siad ag ól níos lú. Deir 27% nach bhfuil aon athrú ann.
Bia beagmhaitheasa agus milseáin: Tagann laghdú le haois ar líon na bhfreagróirí a deir go n-itheann siad níos mó bia beagmhaitheasa agus milseán ó tugadh srianta COVID-19 isteach. Deir 46% d'fhreagróirí idir 18 agus 29 bliain d'aois go bhfuil méadú tagtha ar an méid bia beagmhaitheasa agus milseán a itheann siad ó roimh an bpaindéim i gcomparáid le 15% díobh siúd atá 70 bliain d'aois agus níos sine. Is mó seans go ndéarfadh mná (36%) go n-itheann siad níos mó bia beagmhaitheasa agus milseán i gcomparáid le fir (30%)
Aclaíocht: Is mó an seans go ndéarfadh freagróirí a síleann go bhfuil cúrsaí airgid go maith leo go bhfuil méadú tagtha ar an méid aclaíochta a dhéanann siad ó roimh COVID le 38% ag rá go ndéanann siad aclaíocht níos minice. I gcodarsnacht leis sin, deir 23% de na freagróirí nach síleann go bhfuil cúrsaí airgid go maith leo go ndéanann siad níos mó aclaíochta anois. Is mó an seans go dtabharfadh freagróirí a thosaigh ag obair ón mbaile ó thús na paindéime le fios go ndéanann siad níos mó aclaíochta i gcomparáid le tús na bliana 2020. Deir 41% d'fhostaithe a oibríonn ón mbaile go bhfuil méadú tagtha ar an méid aclaíochta a dhéanann siad. Is é 29% an figiúr inchomparáide d'fhostaithe nach n-oibríonn ón mbaile.
Na meáin shóisialta: Léiríonn anailís de réir aoise go bhfuil céatadán níos airde d'úsáideoirí meán sóisialta níos óige tar éis an méid ama a chaitheann siad ar na meáin shóisialta a mhéadú ó 2020. Deir 69% de na freagróirí idir 18-29 bliain d'aois go bhfuil méadú tagtha ar an méid ama a chaitheann siad ar na meáin shóisialta i gcomparáid le 53% d'úsáideoirí na meán sóisialta atá 70 bliain d'aois nó níos sine.
Is dóichí go ndéarfadh freagróirí óga go mbíonn tionchar ag na meáin shóisialta ar a meabhairshláinte. Deir 70% d'fhreagróirí idir 18-29 bliain d'aois go mbíonn tionchar ag na meáin shóisialta ar a meabhairshláinte agus deir 64% de na freagróirí san aoisghrúpa seo go mbíonn tionchar diúltach acu orthu.
I gcodarsnacht leis sin, deir 75% d'fhreagróirí atá 70 bliain d'aois agus níos sine a úsáideann na meáin shóisialta nach bhfuil aon tionchar acu ar a meabhairshláinte. Is ag an aoisghrúpa seo atá an céatadán is airde (14%) d'fhreagróirí a deir go mbíonn tionchar dearfach ag na meáin shóisialta ar a meabhairshláinte agus an céatadán is ísle (11%) a deir go mbíonn tionchar diúltach acu orthu.
Peataí na Paindéime
Deir 16% de na freagróirí go bhfuair siad peata le linn na paindéime. Ba é an madra an peata is coitianta a fuarthas le 67% de na freagróirí ábhartha ag fáil madra le linn na paindéime, agus cat ina dhiaidh sin, ag 30%. Tá aiféala anois ar thart ar 6% de na freagróirí a fuair madra agus 3% a fuair cat le linn na paindéime. I measc na gcineálacha peataí coitianta eile a fuair daoine tá coiníní, hamstair, muca guine, sicíní agus iasc, agus i measc na bpeataí níos aistí atá liostaithe ag freagróirí tá firéid, lucha, francaigh, laghairteanna agus seilidí.
Tháinig laghdú ar an gclaonadh peata nua a fháil le linn na paindéime le haois. Deir 23% de na freagróirí idir 18 agus 29 bliain d'aois go bhfuair siad peata nua, níos mó ná trí huaire níos mó (7%) ná na daoine atá 70 bliain d'aois agus níos sine.
Maidir leis an Suirbhé
Is suirbhéanna gearra agus rialta ar líne iad Suirbhéanna Sciobtha na Príomh-Oifige Staidrimh a ghlacann ‘cuisle’ an náisiúin faoi ábhar ar leith ag pointe ama ar leith. Is iondúil go gcuirtear ceisteanna de chineál tuairimíochta iontu nó go bhféachtar le dearcadh an phobail i leith imeachtaí nó saincheisteanna áirithe a thomhas iontu. Cuidíonn Suirbhéanna Sciobtha na Príomh-Oifige Staidrimh, atá mar chuid d’Fheachtas Glac Páirt na Príomh-Oifige Staidrimh, leis an bPríomh-Oifig Staidrimh sonraí ábhartha tráthúla a chur ar fáil maidir le hábhair a mbíonn tionchar acu orainn go léir. Tugann Suirbhéanna Sciobtha tuiscint níos fearr dúinn ar an gcaoi a mbraitheann daoine faoi shaincheisteanna a théann i bhfeidhm orainn ar fad sa saol.
Is ar líne a reachtáladh an Suirbhé Sciobtha is déanaí seo, COVID-19 – Ár Saol 5 Bliana Ar Aghaidh, ón 16 Eanáir go 02 Feabhra 2025. Bhí an suirbhé oscailte d’aon duine 18 mbliana d’aois agus níos sine a bhfuil cónaí orthu i líonta tí príobháideacha in Éirinn. Bhí an ceistneoir leictreonach ar líne ar fáil ar shuíomh gréasáin CSO.ie agus ar na meáin shóisialta. Bailíodh 21,003 freagra sa suirbhé seo. Is mian leis an bPríomh-Oifig Staidrimh buíochas a ghabháil leis na rannpháirtithe uile a thóg am chun an suirbhé seo a fhreagairt.
Ní léiríonn na torthaí sa tuarascáil seo ach freagraí na ndaoine a chomhlánaigh an suirbhé ar líne seo. Cé go bhfuil na torthaí calabraithe do dhaonra iomlán na hÉireann, ní féidir ginearálú a dhéanamh ar na torthaí agus a mheas go bhfuil siad ionadaíoch go náisiúnta, toisc nár roghnaíodh na daoine a d’fhreagair an ceistneoir go randamach ón daonra. Ina ionad sin is é gur ghlac na daoine páirt go deonach ann. Ós rud é nach raibh an suirbhé ar fáil ach ar líne, ní léiríonn sé tuairimí na ndaoine sin nach bhfuil aon ghníomhaíocht ar líne acu. Fiú amháin leis na foláirimh seo, áfach, creidimid go dtugann an tuarascáil seo léargas luachmhar dúinn ar an tionchar a bhí ag paindéim COVID-19 ar ár saol cúig bliana ó thosaigh sí. Féach na Nótaí Cúlra [en] chun tuilleadh sonraí a fháil faoi mhodheolaíocht an tsuirbhé.