Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

Bealach nua iad Suirbhéanna Sciobtha CSO lena chinntiú go mbeidh do scéalsa ina chuid de scéal na hÉireann.

Ba mhaith linn do thuairimí ar shaincheisteanna na huaire a chloisteáil #GlacPáirtCSO

Suirbhé ar siúl anois: Covid – Ár Saol 5 Bliana Ar Aghaidh

Tá an Phríomh-Oifig Staidrimh ag tomhas éifeachtaí fadtéarmacha COVID-19 ar ghairmeacha beatha, ar chaidrimh, ar ár bhfolláine iomlán agus a thuilleadh – cén tionchar a bhí  ag an bpaindéim ar do shaol?

Inis dúinn trí pháirt a ghlacadh sa Suirbhé Sciobtha is déanaí.

Glac páirt sa Suirbhé Sciobtha CSO is déanaí: Covid – Ár Saol 5 Bliana Ar Aghaidh

Labhair ar do thaithí agus déan cinnte de go mbeidh do scéalsa ina chuid de scéal na hÉireann.

Tá Feachtas ‘Glac Páirt’ ar bun ag an bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO) chun cuireadh a thabhairt do mhuintir na hÉireann páirt a ghlacadh i suirbhéanna ar líne a bhíonn idir thapa agus éasca le comhlánú. Tugann na suirbhéanna seo léargas ar mheon na tíre maidir le hábhair áirithe ag am ar leith. Is iondúil go n-iarrtar ar an bhfreagróir ceisteanna tuairime a fhreagairt nó a dhearcthaí a nochtadh maidir le cúrsaí nó saincheisteanna reatha.

Nuair a ghlacann tú páirt inár ngearrshuirbhéanna ar líne, Suirbhéanna Sciobtha CSO, cabhraíonn tú leis an Oifig sonraí a chur ar fáil a bhíonn idir ábhartha agus tráthúil. Beidh an deis agat freisin a chur in iúl dúinn gur mhaith leat páirt a ghlacadh i suirbhéanna eile de chuid na hOifige amach anseo #GlacPáirtCSO

Cé hiad ar féidir leo páirt a ghlacadh?

Ceadaítear do gach duine a bhfuil 18 mbliana d’aois slánaithe aige agus a bhfuil cónaí air in Éirinn páirt a ghlacadh sna suirbhéanna sciobtha ar líne seo. Is mian leis an Oifig go bhfaighfidh tuilleadh daoine deis labhartha ar a dtaithí saoil. Tá an nasc don Suirbhé Sciobtha CSO is déanaí ar fáil ar ár suíomh gréasáin agus ar na meáin shóisialta ag X, Instagram, LinkedIn agus Facebook. Le breis is 75 bliain, tá an Phríomh-Oifig Staidrimh ag obair ar athrú sochaí agus geilleagrach na hÉireann a thomhas, ach tá sé níos tábhachtaí anois ná riamh do dhaoine chun páirt a ghlacadh inár suirbhéanna chun a chinntiú go bhfuil rochtain ar ghach duine in Éirinn ar firicí neamhspleácha.

Tá an Oifig ag iarraidh go mbeadh sé ní b’éasca duit do scéalsa a chur le scéal na hÉireann. Ba mhaith linn ní ba mhó daoine a spreagadh chun ár suirbhéanna a chomhlánú agus clárú chun páirt a ghlacadh i suirbhéanna eile amach anseo. 

Cá bhfoilseoidh an Oifig torthaí na Suirbhéanna Sciobtha CSO?

Foilseoidh an Oifig na torthaí ar ár gcuntas meán sóisialta agus ar ár suíomh gréasáin féin. Más mian leat na torthaí a fháil go díreach, is féidir leat an méid sin a chur in iúl dúinn ar an bhfoirm shuirbhé. Bainfimid úsáid as na céatadáin agus na treochtaí chun an scéal taobh thiar de na Suirbhéanna Sciobtha a insint. Tá tuilleadh eolais le fáil sna Ceisteanna Coitianta maidir le Suirbhéanna Sciobtha CSO.

Is féidir iontaoibh a chur sa Phríomh-Oifig Staidrimh

Tá cosaint do chuid rúndachta ag croílár gach a dhéanaimid. Is féidir a bheith cinnte nách roinnfimid riamh do chuid sonraí le aon duine eile, ranna agus údaráis rialtais san áireamh. is chun críche staidrimh amháin a bhainimid leas as do chuid sonraí.

Chun tuilleadh a fhoghlaim faoin dóigh gur féidir leat múinín a chur sa Phríomh-Oifig Staidrimh, téigh chuig ár rannán Iontaoibh agus Trédhearcacht.

Foghlaim tuilleadh faoi Shuirbhéanna Sciobtha CSO agus faoin bhfeachtas 'Glac Páirt le CSO'