Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

Census Pilot Survey logo

Reáchtáladh Suirbhé Píolótach an Daonáirimh idir an 2 Meán Fómhair agus an 25 Deireadh Fómhair 2024. Ba é cuspóir an tSuirbhé ceisteanna nua agus athruithe don chéad daonáireamh eile a thástáil. Is cuid ríthábhachtach é seo dár n-ullmhúcháin don chéad daonáireamh náisiúnta riamh ina mbeidh an rogha ag an bpobal a bhfoirm dhaonáirimh a líonadh isteach ar líne.

Bhí rannpháirtíocht sa Suirbhé deonach agus rinneadh é ar 20,000 teach ar fud sé chontae. Bhí foireann allamuigh an daonáirimh ag obair i 44 láthair laistigh de na contaetha seo agus iad ag cur tacaíocht agus cúnamh ar fáil do lucht an tsuirbhé. Is iad contaetha Chorcaí, Bhaile Átha Cliath, Chill Chainnigh, Lú, na Mí agus Uíbh Fhailí na contaetha a bhí i gceist. Bhí duine ar bith lasmuigh de na ceantair sin a bhí ag iarraidh an Suirbhé a dhéanamh ábalta a bheith páirteach freisin. Ba mhaith leis an bPríomh-Oifig Staidrimh buíochas a ghabháil freisin le foireann allamuigh an daonáirimh as a gcuid oibre crua, a ndíograis agus a dtiomantas dá róil.

Bhí Tuarascáil an POS maidir le torthaí an Suirbhé píolótach 2024, leis na moltaí maidir le ceisteanna Daonáireamh 2027, aontaithe ag an nGrúpa Comhairleach Daonáirimh I lár-2025.

Turascáil ar  Shuirbhé Píolótach Daonáireamh 2024 [EN](PDF 1,830KB)

Déanfar an fhoireann allamuigh do Dhaonáireamh 2027 a earcú le linn na bliana 2026 i dtrí chomórtas ar leith (Aibreán 2026, Meán Fómhair 2026 agus Samhain 2026) le haghaidh réimse ról sealadach ar conradh. Foilseofar sonraí faoi sin ar shuíomh gréasáin na Príomh-Oifige Staidrimh agus ar census.ie.

Bhí an Suirbhé Píolótach Daonáirimh páirtmhaoinithe ag an bPlean Náisiúnta Téarnaimh agus Athléimneachta (NRRP).

Má tá aon cheisteanna agat faoin daonáireamh is féidir leat glaoch orainn ar an uimhir 01 895 1460 nó ríomhphost a sheoladh chugainn ar census@cso.ie.