Tá an comhairliúchán poiblí maidir le hashchur Dhaonáireamh 2027 dúnta anois.
Go raibh maith agat as d'aighneacht.
Scrúdóidh an CSO na haighneachtaí uile a gheofar chun cabhrú leis an Straitéis Scaipthe Dhaonáireamh 2027 a fhorbairt. Foilseofar é ar cso.ie roimh Daonáireamh 2027.
Tagann an comhairliúchán seo i ndiaidh an chomhairliúcháin a bhí ann roimhe seo maidir le hábhar fhoirm Dhaonáireamh 2027. Fuair an CSO os cionn 400 aighneacht le moltaí maidir le ceisteanna nua agus athruithe ar cheisteanna a bhí ann cheana, le linn an chomhairliúcháin sin. Rinne Grúpa Comhairleach Daonáirimh athbhreithniú orthu sin, agus mhol sé sraith ceisteanna le triail a bhaint astu i Suirbhé Píolótach Daonáirimh 2024.
Tar éis anailís a dhéanamh ar na freagraí ar an Suirbhé Píolótach, d’fhoilsigh an CSO tuarascáil ar an gcomhairliúchán, ar an Suirbhé Píolótach, agus ar chonclúidí an Ghrúpa, lena n-áirítear an t-ábhar a mhol sé le haghaidh fhoirm Dhaonáireamh 2027. Cheadaigh an Rialtas Daonáireamh 2027 i mí na Samhna 2025.