Rinne an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) comhairliúchán poiblí a reáchtáil ar tháirgí sonraí do Dhaonáireamh 2022 i bhFeabhra/Márta 2020. Thug an Oifig cuireadh do gach úsáideoir sonraí, idir dhaoine aonair agus eagraíochtaí, a gcuid riachtanas sonraí agus moltaí maidir le torthaí agus táirgí eile ó Dhaonáireamh 2022 a chur in iúl trí fhreagra a thabhairt ar shuirbhé. Baineadh úsáid as na haighneachtaí go léir a fuarthas chun eolas a chur ar fáil do Straitéis Scaipthe Daonáirimh 2022 atá le fáil ag an nasc thíos.
Daonáireamh 2022 Straitéis Scaipthe
Déanfar torthaí Dhaonáireamh 2022 a fhoilsiú ó Dé Máirt an 30 Bealtaine ag tosú le tuarascáil achomair. Cuirfear sraith de thuarascálacha téamacha, Staidrimh Daonra um Cheantair Bheaga (SAPS) agus Áit Oibre, Scoile, Coláiste - Áireamh ar Thaifid gan Tréithe Pearsanta Luaite (POWSCAR) ar fáil ina dhiaidh sin de réir an sceidil.