Tá acmhainní ar fáil le haghaidh Bunscoileanna agus Meánscoileanna. Dhear múinteoirí atá obair i scoileanna i láthair na huaire na hacmhainní seo agus tá siad ailínithe leis na curaclaim reatha. Is iad cuspóirí na gceachtanna cabhrú le mic léinn an méid atá i gceist le daonáireamh a thuiscint, conas agus cén fáth a reáchtáiltear daonáireamh a thuiscint agus an luach dár sochaí, pobail agus saol laethúil a bhaineann leis an eolas a bhailítear sa daonáireamh a thuiscint. Tá súil againn go mbainfidh sibh taitneamh as na ceachtanna seo.
Tá ceachtanna ar fáil do gach rang, idir Rang na Naíonán Sóisearach agus Rang a Sé, agus tá siad bunaithe ar théamaí sonracha atá ábhartha do chéim ar leith den Churaclam Bunscoile.
Is mian le CSO buíochas a ghabháil le Rachael O’Sullivan as cabhrú le hullmhú na n-acmhainní seo.
Tá acmhainní forbartha le haghaidh OSSP agus Stair.
Tá sé mar aidhm leis na ceachtanna OSSP cabhrú le mic léinn agus múinteoirí an raon leathan eolas tábhachtach, úsáideach agus spéisiúil a sholáthraíonn an daonáireamh a rochtain agus a thuiscint. Taispeántar conas a chabhraíonn an t-eolas seo lenár bpobail agus sochaí a mhúnlú agus a athrú trí bheartas a bhaineann le gach gné dár saol. Tá an acmhainn scríofa ar bhealach a spreagfaidh agus a chothóidh spéis mac léinn a bheith fiosrach agus spéis a chur san ábhar trí shonraí a léamh, a mheas, a bhailiú, a thaifeadadh agus a anailísiú mar bhealach chun an domhan síorathraitheach a bhfuilimid inár gcónaí ann a thuiscint.
Is mian le CSO buíochas a ghabháil le Dara Belledent as an obair ar fad a rinne sí chun na hacmhainní seo a fhorbairt agus a chur i dtoll a chéile.
Tá na ceachtanna seo dírithe ar mhic léinn na Tríú Bliana agus na hArdteistiméireachta. In acmhainn na tríú bliana scrúdaítear ról athraitheach na mban i saol na hÉireann, lena n-áirítear trí úsáid a bhaint as torthaí dhaonáireamh 1901 agus 1911. Tá acmhainní na hArdteistiméireachta dírithe ar shaol shínitheoirí an Fhorógra, lena n-áirítear trí fhaisnéis óna bhfoirmeacha daonáirimh.
Cuirfear tuilleadh acmhainní sonracha ar fáil sa tréimhse i ndiaidh an daonáirimh.
Is mian leis an bPríomh-Oifig Staidrimh buíochas a ghabháil leis an Uasal John Ryan as an obair a rinne sé ar an acmhainn seo.
Acmhainní Staire
Tá acmhainní scoile eile ar fáil ar shuíomh gréasáin CSO anseo.
Is féidir le gach duine úsáid a bhaint as sonraí daonáirimh. Tá torthaí Dhaonáireamh 2022 foilsithe ar líne ar shuíomh gréasáin CSO ag www.cso.ie/census, áit a bhfuil torthaí daonáirimh a rinneadh roimhe seo le fáil freisin. Tá na sonraí seo ar fad inchuardaithe agus ar fáil saor in aisce do gach duine.