Skip navigation

Tiomantas na Príomh-Oifige Staidrimh (POS) maidir le Seirbhís d’Ardchaighdeán

Tá an tArd-Stiúrthóir agus a fhoireann tiomanta do sheirbhís d’ardchaighdeán a sholáthar do gach duine a dhéileálann leis an bPríomh-Oifig Staidrimh. Oibrímid go dian chun caighdeán na seirbhíse a sholáthraímid a chothú agus a fheabhsú agus fadhbanna a laghdú. Táimid tiomanta freisin don ualach ar ár soláthraithe sonraí a laghdú agus déileáil leo chomh éifeachtach agus is féidir.

Chomh maith leis sin, déileáiltear le gach faisnéis a thugtar don Oifig mar fhaisnéis rúnda. Ní féidir aon sonraí a d’fhéadfadh a bheith bainteach le duine nó le beartaíocht gnó aitheanta, le dlí, a thabhairt d’aon chomhlacht nó Roinn Rialtais eile.

Mura bhfuil tú sásta leis an seirbhís a sholáthraímid, cuir an méid sin in iúl dúinn, le do thoil. Is é sin an t-aon bhealach is féidir linn cúrsaí a fheabhsú. Fáiltímid roimh aiseolas agus déileálfaimid le do ghearáin go sciobtha, go neamhchlaonta agus faoi rún.

An bealach chun Gearáin a dhéanamh

Moltar an cur chuige seo a leanas:

  • Ar dtús, ba chóir gearáin a chur chuig rannóg chuí na hOifige, ar an nguthán nó i scríbhinn. Déanfaidh an fhoireann ansin iarracht cúis an ghearáin a réiteach gan mhoill.
  • Mura féidir leis an bhfoireann ansin réiteach a fháil ar an ábhar nó mura bhfuil tú sásta lena bhfreagra, ba chóir duit a iarradh go gcuirfí do ghearán ar aghaidh ag an mBainisteoir.
  • Má tá tú fós míshásta le freagra an Bhainisteora, ba chóir duit dul i dteagmháil leis an Oifigeach Caidrimh Custaiméirí a socróidh go ndéanfar fiosrúchán oifigiúil ar do ghearán. Seo a leanas a chuid sonraí teagmhála:

    An tUasal Ken Kennedy,
    An Phríomh-Oifig Staidrimh, Bóthar na Sceiche Airde, Corcaigh T12 X00E.
    Íosghlao: 1890 313 414
    Teil: (+353) 21 453 5036
    Rphost: cro@cso.ie

 Faisnéis ar chóir í a sholáthar

Chabhrófaí leis an bhfiosrúchán ar do ghearán a dhéanamh níos sciobtha ach na sonraí seo a leanas a sholáthar:

  • an dáta ar a tharla sé;
  • d’ainm, do sheoladh agus uimhir thagartha i leith an POS (má tá ceann agat);
  • cur síos ar an rud go díreach a bhfuil tú míshásta leis;
  • ainm an oifigigh/na n-oifigeach nó na rannóige/rannóga a bhí ag déileáil leat (má tá siad ar eolas agat);
  • uimhir theileafóin nó facs má tá tú sásta go rachfaí i dteagmháil leat ar an teileafón - d’fhéadfadh sé seo cabhrú linn teacht níos luaithe ar réiteach don cheist

An féidir achomharc a dhéanamh?

Mura bhfuil tú sásta le toradh an athbhreithnithe ón Oifigeach Caidrimh Custaiméirí, is féidir achomharc a dhéanamh ar an ábhar chuig:

    John Byrne,
    An Phríomh-Oifig Staidrimh, Bóthar na Sceiche Airde, Corcaigh T12 X00E.
    Íosghlao: 1890 313 414
    Teil: (+353) 21 453 5000
    Rphost: cro@cso.ie

Mura bhfuil an t-ábhar réitithe faoi seo?

Mura bhfuil tú sásta le toradh an achomhairc nó leis an mbealach a rinneadh é, féadfaidh tú an t-ábhar  a ardú leis an Ombudsman. Tá an tOmbudsman go hiomlán neamhspleách ar an bPríomh-Oifig Staidrimh agus is féidir dul i dteagmháil leis/léi ag:

Mar sin féin, b’fhearr linn i gcónaí an t-ábhar a réiteach muid féin leis an ngearánaí.

Gealltanais na Príomh-Oifige Staidrimh

Táimid tiomanta do na rudaí seo a leanas:

  • caitheamh le gearáin go sciobtha, go neamhchlaonta, go mothálach agus go rúnda;
  • gearáin a réiteach, nuair is féidir, ag an gcéad phointe teagmhála;
  • aon ghníomh mícheart nó míchuí a dhéanfaimid a cheartú a luaithe is féidir;
  • déileáil le gearáin laistigh de choicís óna bhfáil agus mura féidir an sprioc seo a chomhlíonadh, teagmháil a dhéanamh leat chun a mhíniú duit cén fáth agus chun a gheallúint go dtabharfaí freagra faoi dháta sonraithe;
  • foghlaim ó bhotúin chun a chinntiú nach ndéantar na botúin chéanna arís.