Cuideodh aiseolas uaitse linne lenár gcuid seirbhísí a fheabhsú agus a dhéanamh níos fearr don phobal. Inis dúinn faoi na nithe atá tábhachtach duitse inár Suirbhé maidir le Sástacht Custaiméirí ar líne [suirbhé i mBéarla].
Tá ár staitisticí maidir le hÉirinn neamhspleách agus iontaofa, toisc gur sibhse a insíonn dúinn iad.
Leis an eolas a thugann tú dúinn, is féidir linn léargas beacht a sholáthar maidir le saol na hÉireann, cuir i gcás sláinte agus folláine a muintire, nó staid a geilleagair.
Is éard atá sa Suirbhé ar Oideachas Aosach (SOA) suirbhé deonach teaghlaigh a dhéanann an Phríomh-Oifig Staidrimh faoi Alt 24 den Acht Staidrimh, 1993.
Is é cuspóir an tsuirbhé náisiúnta seo ná eolas a bhailiú ar rátaí rannpháirtíochta daoine fásta sa bhreisoideachas, san oiliúint agus san fhoghlaim ar feadh an tsaoil. Agus tú ag glacadh páirt sa suirbhé cuirfear ceist ort faoi do spéis san fhoghlaim ar feadh an tsaoil, inrochtaineacht na treorach faoi fhéidearthachtaí oideachais agus aon deacrachtaí a d’fhéadfadh a bheith agat agus tú ag iarraidh rochtain a fháil ar oideachas.
Úsáideann idir daoine aonair, gnólachtaí, údaráis áitiúla agus an rialtas náisiúnta na staitisticí seo chun pleanáil dár dtodhchaí comónta.
Braithimid ar an eolas a thugann tú dúinn, mar sin má iarrtar ort a bheith páirteach san SOA), déan amhlaidh le do thoil.
Foghlaim faoi na coimircí sonraí agus rúndachta atá againn, agus na céimeanna a ghlacaimid chun staitisticí a tháirgeadh ar féidir le gach duine muinín a bheith acu astu.