Is staidéar náisiúnta, fadaimseartha é Fás Aníos in Éirinn (FAÉ) ar leanaí agus ar dhaoine óga.
Bailítear sonraí sa suirbhé tábhachtach seo ar na fadhbanna a bhíonn le sárú ag leanaí agus daoine óga sa lá atá inniu ann.
Is é FAÉ an staidéar náisiúnta fadaimseartha ar leanaí agus ar dhaoine óga, tionscadal a bhunaigh Rialtas na hÉireann in 2006. Tá sé á mhaoiniú ag an Roinn Leanaí, Míchumais agus Comhionannais. Taighdeoirí faoi stiúir TCD agus na hInstitiúide Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta a rinne an suirbhé den chéad uair. Ón mbliain 2023, tá an suirbhé á bhainistiú agus á mhaoirsiú ag an Roinn Leanaí, Míchumais agus Comhionannais agus an Phríomh-Oifig Staidrimh.
Bunaíodh FAÉ chun fianaise a chur ar fáil le beartais agus seirbhísí éifeachtacha agus freagrúla a chruthú do gach uile leanbh agus teaghlach in Éirinn. Déanaimid staidéar ar shaol leanaí agus daoine óga in Éirinn, chun tuiscint a fháil ar na tosca a chuidíonn le forbairt nó a chuireann bac ar fhorbairt, agus níos tábhachtaí fós, chun tuairimí agus dearcthaí na leanaí agus na ndaoine óga féin a fháil ar a saol agus iad ag fás aníos.
Is í an Phríomh-Oifig Staidrimh oifig náisiúnta staidrimh na hÉireann, agus is é an cuspóir atá againn ná staitisticí agus léargais faoi dhaoine, sochaí agus geilleagar na hÉireann a bhailiú, a anailísiú agus a fhoilsiú go neamhchlaonta. Bailíonn muid sonraí faoin Acht Staidrimh, 1993 chun staitisticí oifigiúla a chur ar fáil a bhailítear agus a fhíoraítear go neamhspleách agus is féidir iad a úsáid chun eolas a dhéanamh do chinnteoireacht i ngach gné dár sochaí. Déanann an Phríomh-Oifig Staidrimh suirbhéanna ar líonta tí agus ar ghnó i rith na bliana, chomh maith leis an daonáireamh, agus ní féidir aon duine, líon tí ná gnó a aithint ó na sonraí a fhoilsíonn muid.
Tá muinín sa Phríomh-Oifig Staidrimh le 75 bliain agus beidh go ceann blianta fada eile chun staitisticí beachta agus indeimhnithe faoi shaol agus faoi shochaí na hÉireann a chur ar fáil. Tá rúndacht sonraí i gcroílár gach a dhéanaimid. Is féidir leat tuilleadh a fháil amach faoin údar a bhfuil muinín ag daoine sa Phríomh-Oifig Staidrimh sa chuid dár suíomh gréasáin a bhaineann le h hIontaoibh.
Cuireadh Cohórt ’98, a bhí 25 bliana d’aois in 2023, faoi agallamh den chéad uair nuair a bhí siad naoi mbliana d’aois. Cuireadh faoi agallamh iad roinnt uaireanta ó shin i leith chun staidéar a dhéanamh ar an gcaoi ar tháinig forbairt ar shaol an chohórt sin. Beimid ag iarraidh ar an gcohórt seo páirt a ghlacadh arís sa suirbhé nuair atá siad thart ar 30 bliain d’aois.
Tugadh cuireadh do rannpháirtithe Chohórt ’98 páirt a ghlacadh den chéad uair nuair a bhí siad naoi mbliana d’aois. Tá suirbhé déanta go tráthrialta ar an ngrúpa seo ó shin, agus an uair dheireanach ar bailíodh sonraí uathu, bhí siad thart ar 25 bliana d’aois. Tá sé tábhachtach go leanfaidh daoine a ghlac páirt i suirbhéanna de chuid na Príomh-Oifige Staidrimh roimhe seo ag glacadh páirte chun cabhrú linn tuiscint a fháil ar an gcaoi a bhforbraíonn daoine óga agus iad ag éirí níos sine. Fiú má chaill tú roinnt de na cuairteanna eile nuair a bhí tú níos óige, is féidir leat páirt a ghlacadh sa staidéar arís anois.
Mar an cohórt is sine sa suirbhé FAÉ, cabhróidh bhur gcuid sonraí linn tuiscint a fháil ar an gcaoi a bhfuil ag éirí le daoine óga in Éirinn agus iad ina ndaoine fásta.
Cuireann na fíricí a fhaighimid go díreach uait tríd an suirbhé FAÉ sonraí riachtanacha ar fáil maidir le forbairt leanaí agus cabhraíonn siad le lucht déanta beartas agus cinntí á ndéanamh acu a théann i bhfeidhm ar shaol leanaí agus daoine óga in Éirinn. I measc roinnt cinntí beartais ar chuidigh sonraí FAÉ leo eolas a chur ar fáil ina leith tá úsáid cártaí leighis agus pleanáil sláinte daonra (An Roinn Sláinte), úsáid fón póca ag leanaí, agus foghlaim (An Roinn Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil), agus pleanáil straitéiseach le haghaidh rannpháirtíocht leanaí agus daoine óga sa chultúr (An Chomhairle Ealaíon).
Trí pháirt a ghlacadh sa suirbhé Fás Aníos in Éirinn, cuideoidh tú todhchaí níos fearr a bhaint amach do leanaí in Éirinn. Ceann de mhóraidhmeanna FAÉ is ea fianaise a chur ar fáil, trí na sonraí a bhailítear, chun beartais agus seirbhísí éifeachtacha agus freagrúla a cheapadh do leanaí agus dá dteaghlaigh. D’fhéadfadh baint a bheith ag na beartais agus na seirbhísí sin le raon leathan ceisteanna amhail cúram sláinte, cúram leanaí, oideachas agus seirbhísí tacaíochta do thuismitheoirí.
Go dtí seo, baineadh úsáid as na sonraí a bailíodh trí Fás Aníos in Éirinn chun bonn eolais a chur faoi raon leathan tuarascálacha straitéise agus beartais do roinnt ranna Rialtais agus eagraíochtaí stáit:
Trí pháirt a ghlacadh, tá tú ag cur le taighde luachmhar a rachaidh chun tairbhe do leanaí, do theaghlaigh agus do phobail ar fud na hÉireann. D’fhéadfadh todhchaí níos fearr a bheith ag do leanbh mar thoradh ar do scéal. Trí pháirt a ghlacadh, is féidir leat tionchar a bheith agat ar a dtodhchaí.
Bunluach de chuid na Príomh-Oifige Staidrimh is ea rúndacht. Tá foireann iomlán na Príomh-Oifige Staidrimh ainmnithe ina nOifigigh Staidrimh faoi Alt 20(a) den Acht Staidrimh, 1993. Ciallaíonn sé sin go bhfuil ceanglas dlí ar gach ball foirne rúndacht na sonraí a bhfuil rochtain acu orthu a chaomhnú. Ní roinneann an Phríomh-Oifig Staidrimh aon sonraí pearsanta óna bhféadfaí daoine a aithint le haon tríú páirtí. Tá do chuid sonraí agus do rúndacht faoi chosaint an dlí. I gcásanna teoranta, roinntear sonraí le taighdeoirí faofa faoi choinníollacha dochta ar bhealach ina gcosnaítear aitheantais. Ní úsáidimid do chuid sonraí ach chun críocha staidrimh amháin. Ciallaíonn sé sin go mbainimid amach gach faisnéis trína bhféadfaí duine a aithint amhail ainmneacha agus do sheoladh sonrach.
Chomh maith leis na cosaintí dlíthiúla dochta san Acht Staidrimh, 1993, ní mór don Phríomh-Oifig Staidrimh a chinntiú go gcomhlíontar na ceanglais cosanta sonraí sa RGCS agus san Acht um Chosaint Sonraí, 2018. Tá teacht ar an bhFógra Trédhearcachta maidir le Cosaint Sonraí i leith an tsuirbhé ar láithreán gréasáin na Príomh-Oifige Staidrimh.
Foilseoidh an Phríomh-Oifig Staidrimh na torthaí ar shuíomh gréasáin agus ar chainéil meán sóisialta na Príomh-Oifige Staidrimh. Bainfear leas as céatadáin agus as treochtaí chun an scéal taobh thiar den suirbhé FAÉ a insint.
Faoin Acht Staidrimh, 1993, is féidir leis an bPríomh-Oifig Staidrimh rochtain a thabhairt ar comhaid sonraí neamh-chiomhiomlánaithe faoi choinníollacha dochta, chun críocha eolaíochta agus staidrimh agus sin amháin. Mar sin, is féidir le taighdeoirí cláraithe rochtain a fháil ar na comhaid seo chun tabhairt faoi thaighde acadúil a bhaineann le polasaí, a fhoilsítear ansin ag leibhéal comhiomlán.
Baineann an suirbhé FAÉ leas as an iliomad scileanna agus réimsí saineolais d’fhonn an fhorbairt a thagann ar leanaí agus ar dhaoine óga atá ag fás aníos a mheas. Sa bhabhta seo den suirbhé FAÉ, cuirfear réimse leathan ceisteanna ar thaithí an duine óig amhail ábhair cosúil le hoideachas, tithíocht, caitheamh aimsire, fostaíocht agus ioncam, sláinte fhisiciúil agus mheabhrach, úsáid substaintí, folláine agus caidrimh.
Beidh an chéad bhabhta bailithe sonraí eile ann nuair a bheidh na rannpháirtithe thart ar 30 bliain d’aois. Is dócha go bhfaighidh tú litir ón bPríomh-Oifig Staidrimh chun a chur in iúl duit go dtosóidh agallóirí ag obair go luath agus an chaoi le teagmháil a dhéanamh linn. D’fhéadfá téacs a fháil chomh maith.
Mar chuid den fheachtas FAÉ Bí i dTeagmháil, d’fhéadfá litir, téacs, nó ríomhphost a fháil ón bPríomh-Oifig Staidrimh ó am go ham. Nuair a ghlac rannpháirtithe páirt in FAÉ roimhe seo, chuir siad a gcuid sonraí teagmhála ar fáil ionas go bhféadfadh an Phríomh-Oifig Staidrimh fanacht i dteagmháil leo. Is féidir uimhreacha gutháin a úsáid chun na críche seo amháin agus ní roinntear iad le tríú páirtithe ar bith.
Seol ríomhphost maidir le haon nuashonruithe ar do chuid sonraí chuig CSOTakePart@cso.ie chomh maith le d’ainm iomlán, do sheoladh, agus do dháta breithe.
Foghlaim faoi na coimircí sonraí agus rúndachta atá againn, agus na céimeanna a ghlacaimid chun staitisticí a tháirgeadh ar féidir le gach duine muinín a bheith acu astu.