Is é Fás Aníos in Éirinn (FAÉ) an staidéar náisiúnta fadaimseartha ar leanaí agus daoine óga.
Bailítear sonraí sa suirbhé tábhachtach seo ar na fadhbanna a bhíonn le sárú ag leanaí agus daoine óga sa lá atá inniu ann.
B’fhéidir go bhfuair tú litir le déanaí ón bPríomh-Oifig Staidrimh faoin Suirbhé Fás Aníos in Éirinn.
Táimid ag tabhairt cuireadh faoi láthair do theaghlaigh páirt a ghlacadh i suirbhé ar leanaí naoi mí d’aois mar chuid de chohórt nua den suirbhé Fás Aníos in Éirinn.
Tá rannpháirtíocht do linbh sa suirbhé ceannródaíoch seo tábhachtach agus is féidir leat tuilleadh eolais a fháil faoi ar na leathanaigh seo.
Cuidíonn Fás Aníos in Éirinn le todhchaí níos fearr a bhaint amach do leanaí in Éirinn.
Bíodh tionchar agatsa ar a dtodhchaí.
Mar thuismitheoir nó caomhnóir, is maith a thuigeann tú na dúshláin agus an sásamh a bhaineann le do leanbh a thógáil. Tá tú ag iarraidh an rud is fearr do do leanbh agus tuigeann tú agat chomh gnóthach agus a bhíonn an saol agus tú ag tabhairt aire dóibh.
Táthar ag iarraidh léiriú a fháil leis an suirbhé Fás Aníos in Éirinn (FAÉ) ar atá i gceist le bheith ag fás aníos in Éirinn do do leanbh.
Tugtar deis duit sa suirbhé FAÉ do thaithí féin agus taithí do linbh a roinnt agus cuideoidh sé sin le léargas níos fearr a thabhairt ar atá i gceist le leanaí a thógáil in Éirinn inniu. Is faoi a chinntiú go bhfuil rochtain ag do leanbh agus ag leanaí eile ar na seirbhísí is fearr is féidir agus iad ag fás aníos an suirbhé seo.
Bíonn aistear uathúil ag gach leanbh, agus cuideoidh do rannpháirtíocht lena chinntiú go bhfuil seirbhísí ag freastal ar na fíor-riachtanais atá ag teaghlaigh cosúil le do cheannsa. Cuideoidh an fhaisnéis a chuireann tú ar fáil le bonn a chur faoi chinntí beartais i réimsí amhail:
Trí pháirt a ghlacadh, ní ag freagairt ceisteanna amháin atá tú - tá tú ag múnlú na todhchaí do do leanbh agus do na mílte eile.
Bí páirteach i rud tábhachtach, bíodh tionchar agatsa ar a dtodhchaí.
Má fuair tú cuireadh páirt a ghlacadh sa suirbhé Fás Aníos in Éirinn nua ar leanaí (FAÉ Cohórt ‘24), is féidir tuilleadh eolas a fháil faoi pháirt a ghlacadh agus freagraí a fháil ar do chuid ceisteanna
Tuilleadh eolais faoi Chohórt '98 den suirbhé ar Fhás Aníos in Éirinn
Tuilleadh eolais faoi Chohórt '08 den suirbhé ar Fhás Aníos in Éirinn
Foghlaim faoi na coimircí sonraí agus rúndachta atá againn, agus na céimeanna a ghlacaimid chun staitisticí a tháirgeadh ar féidir le gach duine muinín a bheith acu astu.