Próifílí Socheacnamaíocha Daltaí Scoile ag úsáid Sonraí Riaracháin 2022
Chuaigh an Liúntas Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain Nua chun sochair do 27.5% de dhaltaí.
Bhí tuismitheoir a fuair Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora ag 12.6% de dhaltaí faoi bhun 7 mbliana d'aois.
Bhí tuismitheoir a fuair Liúntas Cúraim Baile ag 10.2% de dhaltaí.
Bhí tuismitheoir a fuair Íocaíocht do Theaghlach i bhFostaíocht ag 9.6% de dhaltaí.
Bhí tuismitheoir a fuair Liúntas do Chúramóirí nó Sochar Cúramóra ag 8.5% de dhaltaí.
Bhí tuismitheoir a fuair Liúntas Míchumais nó Pinsean Easláine ag 5.4% de dhaltaí.
Baineann na staitisticí seo go léir le híocaíochtaí leasa shóisialaigh faighte in 2022 ag tuismitheoirí daltaí a d’fhreastail ar scoil sa bhliain acadúil 2022– 2023.