Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

Fiosrúcháin Staidrimh

Infhaighteacht Faisnéise

Scaipeann an Phríomh-Oifig Staidrimh raon leathan staidreamh (féach http://www.cso.ie/en/statistics/a-zofreleasespublications/ [en]). Tá na staidrimh seo faoi chóipcheart ach is féidir iad a lua ar choinníoll go n-aithnítear an fhoinse.  Soláthraíonn an Oifig faisnéis freisin go rialta don phobal i ndáil lena feidhmeanna, gníomhaíochtaí, modheolaíocht staidrimh, pointí teagmhála, srl. Ceaptar an tAcht um Shaoráil Faisnéise chun ligean do rochtain phoiblí ar fhaisnéis atá i seilbh comhlachtaí poiblí nach bhfuil ar fáil de ghnáth.

Ceanglais Staidrimh

Cuireann an Phríomh-Oifig Staidrimh raon leathan staidrimh le chéile chun freastal ar riachtanais náisiúnta, AE agus idirnáisiúnta eile (i.e. riachtanais an Rialtais, gnó, taighdeoirí, an phobail i gcoitinne, srl.)  Tá an chuid is mó de na staidrimh a tháirgtear éigeantach anois faoi reachtaíocht staidrimh an AE [en].

Bailíonn an Phríomh-Oifig Staidrimh formhór na faisnéise a theastaíonn chun na críche seo go díreach ó theaghlaigh agus ó ghnólachtaí.  De ghnáth bailítear an fhaisnéis ar bhonn samplach chun an t-ualach tuairiscithe staidrimh a d’fhéadfadh bheith ar an bpobal a íoslaghdú.  Ní mór na samplaí a úsáidtear chun na críche seo a bheith ionadaíoch agus tá gá le hardfhreagra chun a chinntiú go bhfuil na torthaí díorthaithe cruinn agus iontaofa.

Déantar sonraí a asbhaint freisin as córais riaracháin na gcomhlachtaí poiblí a úsáidtear chun críocha staidrimh a sheachnaíonn an gá atá leis an bPríomh-Oifig Staidrimh iarratais a dhéanamh ar dhaoine, ar theaghlaigh nó ar ghnóthais i bhfiosrúcháin staidrimh dhíreacha.

Bunús Dlí le haghaidh Fiosrúchán Staidrimh

Leis an Acht Staidrimh, 1993, soláthraítear an bunús dlí do gach fiosrúchán staidrimh, idir reachtúil (i.e. éigeantach) agus deonach araon, a thugann an Phríomh-Oifig Staidrimh faoi. 

Leis an Acht, tugtar ráthaíocht reachtúil go ndéileálfar ar bhonn dianrúndachta le faisnéis inaitheanta a bhailítear le linn fiosrúchán na Príomh-Oifige Staidrimh agus nach mbainfear úsáid aisti ach amháin chun críocha staidrimh. 

Sannann an Phríomh-Oifig Staidrimh an tosaíocht is airde chun a chinntiú nach nochtar faisnéis a bhaineann le freagróirí suirbhé inaitheanta.  Ní fhoilsítear ach torthaí comhiomlána.

Fiosrúcháin Líonta Tí

Is é an Daonáireamh cúig bliana an t-aon suirbhé reachtúil a dhéanann an Phríomh-Oifig Staidrimh.  Déantar na suirbhéanna líonta tí eile, go príomha an QNHS (thart ar 39,000 líon tí gach ráithe), ar bhonn deonach.  Seachas an Fiosrúchán Taistil Ráithiúil, a dhéantar tríd an bpost, bailíonn Agallóirí na Príomh-Oifige Staidrimh a bhfuil aitheantas oifigiúil acu sonraí líonta tí go díreach. 

Fiosrúcháin Staidrimh Reachtúla 

Déantar formhór suirbhéanna na Príomh-Oifige Staidrimh ar bhonn deonach.  I gcás roinnt fiosruchán staidrimh criticiúla, go háirithe i réimse na staidreamh gnó, déantar Ordú Reachtúil faoi Alt 25 den Acht Staidrimh 1993, lena n-éilítear ar dhaoine nó ar ghnóthais faisnéis ar leith a sholáthar don Phríomh-Oifig Staidrimh.  Tá rannpháirtíocht éigeantach faoin dlí sna fiosrúcháin reachtúla seo. Tá na fiosrúcháin reachtúla reatha agus na hOrduithe Reachtúla [en] comhfhreagracha ar fáil ar shuíomh gréasáin na Príomh-Oifige Staidrimh.

Fiosrúcháin Ghnó

Déanann an Phríomh-Oifig Staidrimh suirbhéanna míosúla, ráithiúla agus bliantúla ar gach earnáil den gheilleagar. Seachas an Daonáireamh bliantúil ar Tháirgeadh Tionsclaíoch agus an Daonáireamh Bliantúil Foirgníochta agus Tógála, déantar na suirbhéanna gnó seo ar bhonn samplach chun an t-ualach tuairiscithe staidrimh ar an earnáil ghnó a íoslaghdú.  Déantar iarrachtaí ar leith chun na héilimh sonraí ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) a íoslaghdú.  Mar sin féin, tá sé riachtanach go mbeadh ionadaíocht ag FBManna ar leibhéal cuí i bhfiosrúcháin na Príomh-Oifige Staidrimh lena chinntiú go ndéantar monatóireacht agus léiriú ar a rannchuidiú ollmhór le fás an gheilleagair sna staidrimh náisiúnta.  Clúdaítear gnóthaí nuabhunaithe agus cion rothlach d'fhiontair atá ann cheana i bhfiosrúcháin speisialta leanúnacha lena chinntiú go bhfuil na bunsonraí (m.sh. ainm, seoladh, stádas dlíthiúil agus líon na ndaoine rannpháirteacha) ar Chlár Gnó na Príomh-Oifige Staidrimh cothrom le dáta ionas go roghnaítear samplaí ionadaíocha.

Déantar fiosrúcháin ghnó tríd an bpost.  Is léir ón litir chumhdaigh cibé an bhfuil an fiosrúchán reachtúil nó nach bhfuil.  Sonraítear freisin an dáta is déanaí chun sonraí a chur ar ais.  Sonraítear pointí teagmhála na Príomh-Oifige Staidrimh le haghaidh cúnaimh má bhíonn deacracht ag gnólacht na riachtanais sonraí a thuiscint.  Glactar leis na meastacháin is fearr mura bhfuil eolas cruinn ar fáil go héasca. 

Is féidir sonraí fiosrúcháin ghnó a lóisteáil freisin ag baint úsáide as Bosca Taisce Diongbháilte [en] na Príomh-Oifige Staidrimh. Is áis í seo ina bhféadtar soláthraithe seachtracha rochtain shlán a fháil ag baint úsáide as brabhsálaí gréasáin agus comhaid agus/nó téacs a chur isteach téacs do réimse suirbhé na Príomh-Oifige Staidrimh cuí.

Braitheann tráthúlacht agus cruinneas staidrimh gnó na Príomh-Oifige Staidrimh ar phras, ar leibhéal agus ar chaighdeán na bhfreagairtí dá chuid fiosrúchán.  Is é seo a leanas an gnáthnós imeachta i gcásanna nár fhreagair gnólacht fiosrúchán staidrimh faoin dáta sonraithe:

  • eisítear meabhrúchán i scríbhinn ar dtús
  • leanann meabhrúchán teileafóin é seo mura bhfaightear aon fhreagra fós.

Maidir le fiosrúcháin reachtúla, déanann an Phríomh-Oifig Staidrimh gach rud is féidir chun gnólachtaí a spreagadh chun freagairt agus chun cabhrú leo riachtanais an tsuirbhé a chomhlíonadh (m.sh. glacadh leis na meastacháin is fearr). 

Cionta Dlí

Faoin Acht Staidrimh, 1993 is cion é do dhuine nó do ghnóthas:

  • gan faisnéis a iarrtar i bhfiosrúchán reachtúil a sholáthar (Alt 36)
  • cosc a chur ar Oifigeach Staidrimh (ie ball foirne nó oifigeach allamuigh den Phríomh-Oifig Staidrimh) a c(h)uid dualgas a chomhlíonadh (Alt 37)
  • bac a chur ar an Ard-Stiúrthóir nó ar Oifigeach Staidrimh i bhfeidhmiú a fheidhmeanna faoin Acht (Alt 40)
  • aon doiciméad nó taifead a eisíodh chun staidrimh a bhailiú le haghaidh fiosrúcháin reachtúil a scriosadh, damáiste a dhéanamh dóibh nó a iad a bhréagnú (Alt 42)
  • faisnéis a sholáthar, i scríbhinn nó ó bhéal, nó doiciméad a sheachadadh, agus a fhios aici nó aige go bhfuil sé bréagach, i gcomhlíonadh airbheartaithe le ceanglas faoin Acht (Alt 43). 

Pionóis Dlí agus Polasaí Ionchúisimh na Príomh-Oifige Staidrimh

Tá faisnéis faoi Phionóis Dhlíthiúla [en] do dhuine nó do ghnóthas a fhaightear ciontach i gcion faoin Acht ar fáil ar shuíomh gréasáin na Príomh-Oifige Staidrimh.

Is é an chéad tosaíocht atá ag an bPríomh-Oifig Staidrimh comhlíonadh a spreagadh trí oideachas, rannpháirtíocht agus áitiú, agus ní thabharfaimid ionchúiseamh coiriúil ach sa chás nach bhfuil aon rogha eile ann. Tuigimid go maith an t-ualach is féidir le suirbhéanna na Príomh-Oifige Staidrimh a chur ar fhreagróirí agus oibrímid go gníomhach chun an t-ualach sin a íoslaghdú. Bímid i dteagmháil leis an bpobal, le comhlachtaí tionscail agus earnála agus le daoine aonair agus le cuideachtaí chun freagairtí ar shuirbhéanna agus ar dhaonáirimh a spreagadh. Is é an polasaí atá againn fógraí meabhrúcháin a eisiúint ar dtús do dhaoine nach freagróirí iad agus fógra rabhaidh a sheoladh ina dhiaidh sin, ag cur béim ar na hoibleagáidí dlíthiúla agus ag cur in iúl go bhféadfadh ionchúiseamh coiriúil a bheith mar thoradh ar dhiúltú freagra a thabhairt.

Is fearr linn oibriú le saoránaigh agus le cuideachtaí i gcónaí, agus ní leanfaimid le hionchúiseamh cúirte ach mura bhfuil aon rogha eile ann. Más rud é, áfach, in ainneoin rabhaidh, go dteipeann ar dhuine/ar chuideachta freagra a thabhairt ar shuirbhé nó ar dhaonáireamh, coimeádaimid an ceart againn féin ionchúiseamh cúirte a leanúint. I gcásanna den sórt sin, cuirfear mionteagasc ar aghaidh chuig Oifig an Phríomh-Aturnae Stáit a fhéadfaidh imeachtaí coiriúla a thionscnamh faoi Chuid VI den Acht Staidrimh, 1993. 

Tá eolas madir le Polasaí Ionschúiseamh na hOifige ar fáil anseo [en].

Scaipeadh Staidrimh

Socruithe Scaipthe agus Seirbhísí Custaiméirí

Scaiptear staitisticí na Príomh-Oifige Staidrimh ar bhealaí éagsúla. Tá sonraí teagmhála na hOifige ar fáil anseo: https://www.cso.ie/en/baile/teagmhail/ .Tá eolas maidir le inrochtaineacht ar fáil ag an nasc seo: https://www.cso.ie/en/baile/inrochtaineacht/ Tá tuilleadh faoi seirbhísí custaiméirí, agus sonraí don Oifigeach Caidreamh Custaiméirí ar fáil anseo: https://www.cso.ie/en/baile/teagmhail/nosimeachtalegearainadheanamh/

Rochtain Taighde ar Thaifid Mhicreashonraí

Faoi fhorálacha Alt 34 den Acht Staidrimh, 1993, is féidir leis an bPríomh-Oifig Staidrimh rochtain a sholáthar ar chomhaid mhicreashonraí faoi choinníollacha diana chun a chinntiú go gcoinnítear sláine agus rúndacht na sonraí a bhailítear faoin Acht. Tá sonraí maidir le rochtain taighde ar Thaifid Mhicreashonraí ar fáil ar http://www.cso.ie/en/aboutus/lgdp/csodatapolicies/dataforresearchers/ [en].