Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

  • Tá an comórtas seo ar oscailt d’iar-bhunscoileanna lonnaithe ar oileán na hÉireann.
  • Ní mór do mhúinteoirí daltaí faoina stiúir a chlárú, i bhfoirne de bheirt nó thriúr, agus dearbhú a thabhairt maidir leis an gcatagóir aoise chuí. Caithfear an méid seo a dhéanamh faoin dáta deiridh chun clárú, an 26 Eanáir 2018, ionas go mbeadh na daltaí incháilithe don chomórtas.

Tá dhá catagóir aoise ann:
–    daltaí a rugadh in 2002 nó ina dhiaidh, .i. in 2002, 2003, srl.
–    daltaí a rugadh in 1999 nó ina dhiaidh, .i. in 1999, 2000 nó 2001.

  • Is éard is iontráil bailí ann ná póstaer arna cur faoi bhráid ag múinteoir thar ceann foireann daltaí, foireann arna chlárú ag múinteoir roimh ré, agus an póstaer sin a bheith faighte sa Phríomh-Oifig Staidrimh, Bóthar Skehard, Machain, Cathair Chorcaí faoin spriocdháta chun póstaeir a chur faoi bhráid. Ní mór don phóstaer na treoirlínte póstaeir a leanúint ionas go nglacfaí leis mar iontráil bailí:

(a) Cur i láthair aonleathanaigh digiteach i bhformáid portráide nó tírdhreacha, .i. ní glacfar le curtha i láthair il-leathanaigh. Ní mór cloí le formáid aonleathanaigh d’iontrálacha póstaeir. Ní ghlacfar le hiontrálacha póstaeir a chuirtear chugainn, óir is comórtas póstaeir ar líne é seo.

(b) Ní ghlacfar ach le comhaid d’fhormáid .pdf nó .jpeg

(c) Is féidir le póstaeir díriú ar aon ábhar a roghnaíonn daltaí

(d) Is é uasmhéid an chomhad póstaeir ná 2MB

(e) Ba chóir don phóstaer a bheith inléite do dhuine dhá mhéadar (seacht dtroithe) uaidh agus an póstaer curtha i gcló ar leathanach ar mhéid A1.

(f)  Ba chóir nach mbeadh aon eolas nó scríbhneoireacht aitheanta ar an bpóstaer i.e. student names or school names.

(g)  Ba chóir an póstaer a chur ar ríomhphost chuig an seoladh johnhooper2018@cso.ie roimh 12 meán lae, an 23 Marta 2018.

  • Níl teorainn ar líon na n-iontrálacha póstaeir ó aon scoil. Ní féidir le dalta aonair a bheith rannpháirteach ach in aon iontráil phóstaeir amháin in aon bhliain, mar bhall d’fhoireann de bheirt nó thriúr dalta.
  • Coinnítear na póstaeir go léir a chuirtear faoinár mbráid go daingean ar fhreastalaithe na Príomh-Oifige Staidrimh agus ní úsáidtear iad ach ar mhaithe le hacmhainní teagaisc a fhorbairt agus chun an comórtas a chur chun cinn. Ba chóir nach mbeadh aon eolas inaitheanta ar phóstaer a chuirtear faoi bhráid ionas go nglacfaí leis mar iontráil póstaeir bailí.
  • Ní bheidh dliteanas ar an bPríomh-Oifig Staidrimh as iontrálacha nach bhfaightear faoin spriocdháta le haghaidh iontrálacha. Ní ghlacann an Phríomh-Oifig Staidrimh freagracht maidir le haon iontráil a bheith neamhbhailí de bharr í a bheith caillte, doléite, truaillithe, damáistithe, easnamhach; moill a bheith uirthi nó í a bheith neamhbhailí ar aon chúinse eile.
  • Déanfaidh na moltóirí an trí phóstaer buaiteacha is fearr a roghnú ar dtús, beag beann ar chatagóir aoise, de réir na critéir mheasúnachta agus treoirlínte scórála arna leagadh síos ag eagarthóirí an chomórtais agus iad ag fearadh ar na hiontrálacha bailí go léir a fhaightear faoin spriocdháta deiridh chun póstaeir a chur faoi bhráid. Bronnfar duais ar na daltaí rannpháirteacha agus ar an scoil bainteach leis na hiontrálacha buaiteacha seo.
  • Is féidir grianghraif de na daltaí, scoileanna agus múinteoirí buacacha mar aon lena n-ainmneacha a úsáid i bhfeachtais poiblíochta.
  • Ní féidir rialacha an Chomórtais a athrú nó a mionathrú agus cuirfear i bhfeidhm go dian iad.
  • Má bhíonn aon díospóid ann maidir leis na rialacha, fógra an chomórtais, iompar rannpháirtithe, torthaí nó maidir le haon ábhar eile bainteach leis an gcomórtas seo, is cinneadh críochnaitheach a bheidh i gcinneadh na Príomh-Oifige Staidrimh agus ní tosófar ar aon chomhfhreagras nó aon phlé ina leith.
  • Tabhair cuairt, le do thoil, ar shuíomh gréasáin na Príomh-Oifige Staidrimh, www.cso.ie/en/baile, chun teacht ar dhátaí ábhartha don chomórtas is déanaí.
  • Níl fostaithe de chuid na Príomh-Oifige Staidrimh, an Tionscadail Mata nó an Ionaid Náisiúnta don Teicneolaíocht san Oideachas incháilithe chun cur isteach ar an gcomórtas seo.
  • Comórtas John Hooper 2018
  • Foirm Chlárúcháin - John Hooper 2018
  • Comórtas John Hooper - Torthaí 2018
  • John Hooper ag Searmanas Bronnta 2018