Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

Cuspóir an chomórtais

 
Cén fáth póstaer?
Daltaí a ghlacann páirt sa chomórtas póstaeir seo, spreagfar iad chun:

  • a bheith ag obair mar fhoireann
  • ceisteanna iarbhíre a iniúchadh le cabhair sonraí
  • a gcuid scileanna áirimh agus grafacha a chur ag obair
  • ciall a bhaint as torthaí staitistiúla
  • scileanna a fhorbairt sa chumarsáid scríofa

 
Téama an Phóstaeir
Féadfaidh daltaí topaic ar bith a roghnú dá bpóstaer.

 
Rannpháirtithe
Tá an comórtas náisiúnta oscailte d’fhoirne ina bhfuil 2 nó 3 daltaí, suas go dtí 18 mbliana déag d’aois (a rugadh i 1999 nó ina dhiaidh), agus as cuid ar bith d’oileán na hÉireann.  Múinteoirí a chláraíonn na foirne (Foirm Chlárúcháin - John Hooper 2018).

 
Rialacha an Chomórtais
Lean an nasc seo, le do thoil le haghaidh rialacha an chomórtais. Ní ghlacfar ach le hiontrálacha póstaeir ar líne. A Mhúinteoirí, tabhair aire le bhur dtoil: mura mbíonn bhur ndaltaí cláraithe faoin 26ú Eanáir 2018 nó má fhaightear bhur bpóstaeir sa Phríomh-Oifig Staidrimh i ndiaidh 12:00 meán lae, 23ú Márta 2018, ní bheidh na póstaeir sin i dteideal a bheith sa chomórtas.

 
Céimeanna an chomórtais:

  • Clárú le déanamh ag an múinteoir faoin 26ú Eanáir 2018 chuig johnhooper2018@cso.ie
  • Na póstaeir le bheith faighte faoi 12 meán lae, an 23ú Márta 2018, chuig johnhooper2018@cso.ie.
  • An coiste eagraithe náisiúnta a dhéanfaidh moltóireacht ar na póstaeir.
  • Fógrófar na póstaeir náisiúnta ar buaiteoirí iad an 27ú Aibreán 2018.
  • Bronnfar bonn anailíse staidrimh John Hooper ón bPríomh-Oifig Staidrimh ar an bhfoireann bhuacach (chéad áit) sa chomórtas náisiúnta. De bhreis air sin, bronnfar na duaiseanna airgid seo a leanas:

 

Duaiseanna

Chéad Áit - €1,600 (bronntar €1,000 as an duais ar an scoil agus €600 ar an bhfoireann daltaí)

Dara hÁit - €1,000 (bronntar €650 ar an scoil agus €350 ar an bhfoireann daltaí)

Tríú hÁit - €600 (bronntar €400 ar an scoil agus €200 ar an bhfoireann daltaí)

 

Dátaí tábhachtacha

  • 26ú Eanáir 2018 - An dáta deiridh don chlárú.
  • 23ú Márta  2018 - An dáta deiridh d’iontrálacha a bheith istigh.
  • 27ú Aibreán 2018 - Fógrófar na buaiteoirí.

 

Céimeanna i ndéanamh póstaeir: 
1. Socraigh ar cheist
2. Bailigh sonraí nó úsáid sonraí atá ann cheana féin 
3. Athbhreithnigh cáilíocht na sonraí
4. Déan anailís ar na sonraí
5. Déan an póstaer

I gcomhair tuilleadh eolais, féach: Conas póstaeir a dhéanamh [EN]

 
Tuilleadh Faisnéise

Líon amach an cháipéis seo le clárú: Foirm Chlárúcháin - Comórtas John Hooper 2018

Chun teacht ar eolas faoi bhuaiteoirí na bliana seo chaite, féach: Bonn Staidrimh John Hooper – Torthaí 2017

 

Nó téigh i dteagmháil le:

johnhooper2018@cso.ie

Comhordaitheoir Bhonn Staidrimh John Hooper
Taisce Sonraí agus Scaipeadh Eolais,
Príomh-Oifig Staidrimh,
Bóthar na Sceiche Airde,
Corcaigh

Teil: 021 453 5021

  • Comórtas John Hooper 2018
  • Foirm Chlárúcháin - John Hooper 2018
  • Comórtas John Hooper - Torthaí 2018
  • John Hooper ag Searmanas Bronnta 2018