Is í príomhchuspóir an chomórtais ná feabhas a chur ar fhéidearthachtaí daltaí cur síos a dhéanamh ar a gcomharsanacht ag baint leas as staitisticí agus úsáid níos ginearálta a bhaint as staitisticí chun ciall a bhaint as an ngnáthshaol.
Cén fáth póstaer?
Trí rannpháirtíocht a ghlacadh sa chomórtas póstaer seo, spreagfar daltaí chun:
Téama an Phóstaeir
Is féidir póstaer a chruthú faoi thopaic ar bith a roghnaíonn na scoláirí.
Rannpháirtithe
Tá an comórtas náisiúnta seo oscailte d’fhoirne de bheirt nó de thriúr scoláirí, atá 18 mbliana d’aois nó níos óige (a rugadh in 1998 nó ina dhiaidh) ó áit ar bith ar oileán na hÉireann. Is faoi múinteoirí atá sé na foirne a chlárú.
Rialacha an Chomórtais
Is féidir teacht ar rialacha iomlán an chomórtais ag an nasc seo. Glacfar ar líne amháin le hiontrálacha póstaeir. Múinteoirí, tabhair aird le bhur dtoil i gcás nach bhfuil foireann daltaí cláraithe faoin 27ú Eanáir 2017 nó mura bhfuil póstaer faighte faoin sa Phríomh-Oifig Staidrimh faoi 12 meán lae an 24ú Feabhra 2017, ní fhéadfaidh a leithéid de phóstaer a ghlacadh san áireamh don chomórtas.
Céimeanna an chomórtais:
Comórtas náisiúnta
An Chéad Áit - €1,600 (as sin bronnfar €1,000 ar an scoil agus bronnfar €600 ar an bhfoireann scoláirí)
An Dara hÁit - €1,000 (as sin bronnfar €650 ar an scoil agus bronnfar €350 ar an bhfoireann scoláirí)
An Tríú hÁit - €600 (as sin bronnfar €400 ar an scoil agus bronnfar €200 ar an bhfoireann scoláirí)
Cuirfear póstaer amháin isteach mar ionadaithe d’Éirinn i ngach ceann de dhá chatagóir aoise an chomórtas idirnáisiúnta ISLP. Is na hiontrálacha incháilithe is airde réime a chuirfear ar aghaidh. Féach an leathanach gréasáin luaite thíos i gcomhar tuilleadh eolas.
Dátaí Tábhachtacha
Conas Póstaer a Chruthú
1. Roghnaigh ceist le freagairt
2. Bailigh sonraí nó bain leas as sonraí reatha
3. Déan cáilíocht na sonraí a athbhreithniú
4. Déan anailís ar na sonraí
5. Cruthaigh póstaer
Féach: Conas póstaer a chruthú [EN]
Tuilleadh Eolas
Chun teacht ar eolas faoi bhuaiteoirí Chomórtas Bhonn John Hooper na bliana seo chaite, 2015/2016,
féach an leathanach seo: Torthaí Chomórtas Bhonn Staidrimh John Hooper 2016 [EN]
Torthaí an Chomórtas Póstaeir ISLP (Tionscadal Idirnáisiúnta um Inniúlacht Staitistiúil) 2012/2013:
http://iase-web.org/islp/Poster_Competition_2012-2013.php?p=Prizewinners [EN]
Teagmháil:
Comhordaitheoir Bhonn John Hooper na Príomh-Oifige Staidrimh,
Aonad Stórtha Sonraí agus Scaipthe
An Phríomh-Oifig Staidrimh,
Bóthar na Sceiche Airde,
Corcaigh.
Guthán: 021 453 5504