Foilsíonn an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) an tuarascáil Suirbhé ar Fhoréigean Gnéis 2022 – Príomhthorthaí inniu (19 Aibreán 2023).
Léirítear sa tuarascáil seo na príomhthorthaí ón Suirbhé ar Fhoréigean Gnéis (SFG), a rinneadh in 2022, suirbhé a tugadh faoi ar iarratas ón Roinn Dlí & Cirt agus ón Rialtas. Is é cuspóir an tsuirbhé ná sonraí d’ardchaighdeán a sholáthar ar fhorleithne an fhoréigin gnéis in Éirinn. Cuirfidh na sonraí seo bonnlíne nua le rátaí foréigin gnéis sa stát. Tá sé molta go ndéanfar an suirbhé arís tar éis tréimhse deich mbliana.
Baineann an téarma ‘foréigean gnéis’ sa suirbhé seo le réimse eispéireas nár thoiligh an freagróir leo, ó eachtraí neamhfhisiciúla gan cead go dtí gnéas gan cead. Ceanglaítear an focal “foréigean” uaireanta le húsáid an láimh láidir. Leagtar amach ciall eile, áfach, i dTreoirlínte Lucsamburg [en], ar treoirlínte iad chun téarmaíocht maidir le foréigean agus drochíde gnéis le linn na hóige a chomhoiriúnú. De réir na treoirlínte sin, is é an chiall bhreise atá le “foréigean” ná tionchar suntasach nó cumhachtach a imirt ar dhuine. San fhoilseachán seo, leagtar amach réimse leathan eispéireas, lena n-áirítear eispéiris lena mbaineann na sáruithe is tromchúisí ar dhínit duine.
Seo roinnt samplaí de na heispéiris sin:
Tá an sainmhíniú ar fhoréigean gnéis seo bunaithe ar thaighde náisiúnta agus idirnáisiúnta (féach Nótaí d’Eagarthóirí thíos)
Chuaigh an Phríomh-Oifig Staidrimh de réir an dea-chleachtais idirnáisiúnta agus úsáidtear an sainmhíniú ar fhoréigean gnéis seo san SFG, d’fhonn a chinntiú go mbeidh leanúnachas sa gcaoi a chuirtear síos ar na heispéiris seo in Éirinn i gcomparáid le tíortha eile. Ina theannta sin, chuamar i gcomhairle go fairsing leis na príomhpháirtithe leasmhara, le sainghrúpaí agus le roinnt eagraíochtaí neamhrialtasacha, a chuireann seirbhísí tacaíochta ar fail (féach tuilleadh eolais sna Nótaí Cúlra [en]). Úsáideadh an bonn eolais seo go léir chun an suirbhé seo a chruthú (féach Nótaí d’Eagarthóirí thíos).
Deir 40% de dhaoine fásta go ndearnadh foréigean gnéis orthu ina saolta, agus thuairiscíonn mná leibhéil níos mó (52%) i gcomparáid le fir (28%)
Tuairiscíonn daoine níos óga leibhéil níos mó ná daoine níos sine. Maidir le daoine a rinneadh foréigean gnéis orthu ina nduine fásta agus ina bpáiste ar aon, bhí ráta 22% san aoisghrúpa 18-24 bliana, i gcomparáid le 8% díobh siúd 65 bliana d’aois agus níos sine
Ceithre oiread ban (21%) ná fir (5%) a rinneadh gnéas leo gan chead uathu ina saolta
Duine as deichniúr ban (10%) a rinneadh gnéas leo gan chead uathu nuair nach bhféadfaidís cead a thabhairt agus iad ina nduine fásta
Duine as seisear (17%) fear 25-34 bliana d’aois ar tharla teagmháil ghnéasach dóibh gan chead uathu agus iad ina nduine fásta
Duine as cúigear fásta a rinneadh foréigean gnéis gan iarraidh le teagmháil orthu agus iad ina bpáistí (20%) agus rinneadh foréigean gnéis gan teagmháil gan iarraidh ar bheagnach an céatadán céanna (19%)
Bhí aithne ag formhór na ndaoine fásta (78%), a tharla foréigean gnéis dóibh uair amháin ina saolta ar a laghad, ar an té a rinne é, agus is beag an difear idir mná (79%) agus fir (75%)
Labhair nach mór leath de dhaoine fásta (47%) a tharla foréigean gnéis dóibh ina saolta le duine éigin faoi. Ba mhó an seans go raibh freagróir tar éis insint do dhuine eile faoi eispéireas a tharla le duine nár pháirtí leis an bhfreagróir iad (55%) seachas faoi eispéireas le páirtí leo (16%). Ba mhó an seans go raibh mná tar éis insint do dhuine eile faoi eispéireas foréigin gnéis a tharla dóibh ina saoil (53%) i gcomparáid le fir (34%)
Bailíodh na sonraí don suirbhé seo idir Bealtaine 2022 agus Nollaig 2022. I gcomhair an gcéim bailithe sonraí, tugadh “Suirbhé faoi Shábháilteacht an Duine” ar an suirbhé i gcomhréir le treoirlínte eiticiúla ionas go dtabharfaí an suirbhé isteach ar bhonn céimnithe agus ionas go gcosnófaí sábháilteacht phearsanta na bhfreagróirí, a bhféadfadh a bheith i gcaidreamh drochídeach reatha. Úsáideadh réimse modhanna bailithe sonraí lena chinntiú go bhféadfadh réimse leathan freagróirí páirt a ghlacadh sa suirbhé: foirm shlán ar líne, freagairt dóibh féin le cuidiú ó agallóir, agus foirm ar pár. In ainneoin na híogaireachta a bhaineann leis an suirbhé seo, ghlac breis agus 4,500 freagróirí páirt ann. Tá liosta Ceisteanna Coitianta [en] ar fáil maidir leis an suirbhé.
Baineann an téarma foréigean gnéis sa suirbhé seo le réimse eispéireas nár thoiligh an freagróir leo, ó eachtraí neamhfhisiciúla gan cead go dtí gnéas gan cead. Baineann an téarma gnéas gan cead le heachtra nuair a tugadh, nó nuair a bagraíodh, nó nuair a cuireadh iallach ar dhuine gnéas a bheith aige. In ainneoin go gcomhlíonann sin, go ginearálta, an sainmhíniú ar “éigniú”, déanfaidh an Oifig tagairt do na heispéiris sin mar “gnéas gan cead” toisc gurbh é sin an dóigh ar chuireamar na ceisteanna ábhartha ar fhreagróirí. Rinneamar é sin lena chinntiú go ngabhfaimis, an oiread agus is féidir, an réimse eispéireas foréigin gnéis a tharla do dhaoine. Tá tuilleadh eolais le fáil sna Nótaí Cúlra [en]. Lena chois sin, nuair a úsáidtear an focal “thuairiscigh” san fhoilseachán seo, ciallaíonn sé gur thug an freagróir eolas don CSO mar chuid den suirbhé seo.
Is toradh é an suirbhé seo ar obair shuntasach forbartha agus dearaidh. Tugadh achoimre ar fhorbairt an tsuirbhé, sainmhíniú ar athróga, bailiú sonraí an tsuirbhé, agus léirmhíniú ar shonraí ag seimineár modheolaíochta a cuireadh ar siúl le déanaí.
D’fhéadfadh sé a bheith an-dúshlánach comparáid a dhéanamh idir torthaí an SFG agus torthaí ó shuirbhéanna eile nó torthaí ó thíortha eile. Chun oibriú amach an bhfuil sé indéanta comparáid a dhéanamh idir suirbhéanna ar thopaicí cosúla, ní foláir roinnt gnéithe a chíoradh, amhail éagsúlachtaí idir sainmhínithe na n-athróg le himeacht ama agus idir tíortha, an dóigh a gcuirtear an suirbhé i láthair nó an dóigh a mbailítear é, srl. I gcomhair tuilleadh eolais, féach ar Nótaí Cúlra [en] an fhoilseacháin mar aon leis an Réamhrá [en].
Tá roinnt giotaí cainte déanta ag urlabhraí de chuid an CSO (i nGaeilge agus i mBéarla). Cuirtear fáilte roimh na meáin leas a bhaint as na míreanna seo chomh fada is a luaitear an CSO leo. Féach ar leathanach Míreanna Fuaime.
Reáchtáladh preasócáid don fhoilseachán tráth a fhoilsithe. Bhí seisiún réamheolais maidir le múnla, téarmaíocht agus modheolaíocht an SFG sna laethanta roimh ré. Féach ar an leathanach Preasócáid [en] chun teacht ar thaifid físe agus ar shleamhnáin an dá chur i láthair.
Helen McGrath | (+353) 21 453 5108 |
---|---|
Keith McSweeney | (+353) 21 453 5423 |
R-phost | svs@cso.ie |
-- CRÍOCH --
Trácht an Staitisteora
Ag trácht ar na torthaí, dúirt Helen McGrath, Staitisteoir sa Rannóg Anailísithe Sóisialta:
“Tá a fhios againn go bhfuil réimse scéalta ar leith faoi na heispéiris díobh siúd ar tharla foréigean gnéis dóibh agus díobh siúd nár tharla a leithéid dóibh taobh thiar de na sonraí i bhfoilseachán an lae inniu. Tugann an foilseachán seo inniu a lán mionsonraí tábhachtacha agus tugann sé léargas ar cheist shochaíoch atá an-tromchúiseach agus an-íogair. Díríodh an suirbhé ar eispéiris na bhfreagróirí maidir le réimse leathan d’fhoréigean gnéis agus de chiapadh gnéis a rinneadh orthu ina saolta.
Forleithne foriomlán
Go ginearálta, deir ceathrar as deichniúr daoine fásta go ndearnadh foréigean gnéis orthu ina saolta. Bhí difríochtaí soiléire de réir inscne agus aoise maidir le heispéiris foréigin gnéis. Ba mhó an seans go n-inseodh mná dúinn go ndearnadh foréigean gnéis orthu (52%) i gcomparáid le fir (28%). Tuairiscíonn mná óga (18-24 bliana d’aois) na leibhéil is mó d’fhoréigean gnéis a ndearnadh orthu ina saolta (65%) i gcomparáid le 17% d’fhir 65 bliana d’aois agus níos sine.
Maidir le gnéas gan cead, arna sainmhíniú mar eachtra nuair a tugadh, nó nuair a bagraíodh, nó nuair a cuireadh iallach ar dhuine gnéas a bheith aige, tharla leibhéal ceithre oiread níos mó do mhná (21%) i gcomparáid le fir (5%).
Eispéiris daoine fásta
Áirítear le heispéiris daoine fásta eachtraí a tharla do dhaoine nuair a bhí siad os cionn aois an toilithe in Éirinn (17 bliana d’aois) agus a raibh curtha in iúl dúinn nuair a bhí siad 18 bliana d’aois nó níos sine. Léirítear dúinn go ndearnadh leibhéil níos mó d’fhoréigean gnéis ar mhná ná ar fhir i ngach catagóir d’eispéireas foréigin gnéis agus iad ina nduine fásta. Léirítear dúinn go raibh sé 6 oiread níos coitianta go ndearnadh gnéas gan cead ar mhná agus iad ina nduine fásta (18%) ná ar fhir (3%). I ngach catagóir d’eispéireas foréigin gnéis ar dhaoine fásta, is iad mná 25-34 bliana d’aois a thuairiscíonn na leibhéil is mó. Rinneadh gnéas gan cead ar 29% de mhná 25-34 bliana d’aois agus iad ina nduine fásta i gcomparáid le 7% de mhná 65 bliana d’aois nó níos sine.
Tharla gnéas gan cead nuair nach bhféadfaí cead a thabhairt do 10% de mhná. Ní fhéadfadh duine cead a thabhairt maidir leis an gcineál d’fhoréigean gnéis a ndearnadh orthu, nuair nach raibh siad in ann cead a thabhairt ná stop a chur leis an eachtra de bharr go raibh siad ina gcodladh, i laige nó faoi thionchar alcóil agus/nó drugaí.
Tharla teagmháil ghnéasach gan chead uathu do dhuine as seisear (17%) fear 25-34 bliana d’aois agus iad ina nduine fásta. Baineann an téarma ‘teagmháil ghnéasach’ sa suirbhé seo le réimse eachtraí lena n-áirítear ag déanamh tadhall le cíocha agus/nó baill ghiniúna duine eile gan chead uathu, nó ag cur ar dhuine eile tadhall a dhéanamh lena cíocha agus/nó baill ghiniúna gan chead uathu.
Eispéiris le linn na hóige
Is éard atá i gceist le heispéiris le linn na hóige ná eachtraí a tharla do dhaoine faoi bhun aois an toilithe in Éirinn (17 bliana d’aois). Tá na sonraí seo bunaithe ar fhreagraí a thug freagróirí 18 bliana d’aois agus níos sine. Dá bhrí sin, ní thugtar léargas san fhoilseachán seo ar leibhéil reatha d’fhoréigean gnéis le linn na hóige in Éirinn. Tharla eispéireas d’fhoréigean gnéis gan iarraidh le teagmháil do 20% de dhaoine fásta agus iad ina bpáistí.
Is éard atá i gceist le heispéiris gnéis gan iarraidh le teagmháil ná tadhall á dhéanamh le corp páiste ar bhealach gnéasach, duine ag cur ar leanbh tadhall a dhéanamh le chorp an duine sin ar bhealach gnéasach, gnéas gan iarraidh le páiste, iarracht ar ghnéas gan iarraidh le páiste, agus aon teagmháil ghnéasach neamhshonraithe eile. Lena chois sin, tharla eispéireas d’fhoréigean gnéis gan teagmháil gan iarraidh do 19% de dhaoine fásta agus iad ina bpáiste. Is éard atá i gceist le heispéiris gnéis gan iarraidh gan teagmháil ná ábhar pornagrafach á thaispeáint do pháiste, páiste a mhealladh chun a gcuid éadaí a bhaint díobh nó chun iad féin a dheasú ar bhealach gnéasach téisiúil ionas go dtógfaí ghrianghraif díobh, duine ag nochtadh iad féin do pháiste, nó duine ag déanamh glacaireachta os comhair páiste. Tharla eispéireas gnéis gan iarraidh le teagmháil do 25% de mhná, i gcomparáid le 15% d’fhir. Rinneadh foréigean gnéis le linn na hóige ar mhná agus ar fhir i ngach aoisghrúpa, ach léirítear dúinn gur tuairiscíodh na leibhéil is mó i ngach catagóir d’fhoréigin gnéis le linn na hóige ar mhná óga (18-24 bliana d’aois). Tharla gnéas gan cead le linn na hóige do 10% de mhná 18-24 bliana d’aois i gcomparáid le 2% d’fhir den aoisghrúpa céanna.
An té a rinne an foréigean gnéis
Ar an iomlán, léirítear dúinn go raibh aithne ag formhór na ndaoine a ndearnadh foréigean gnéis orthu (78%) ar an té a rinne é, agus is beag an difear atá idir fir agus mná ina thaobh sin. Thug sciar níos airde d’fhir (52%) ná de mhná (36%) le fios go ndearna duine nár pháirtí leo foréigean gnéis orthu (.i. an catagóir aonair sin). Thug scair níos airde de mhná (38%) ná d’fhir (25%) le fios go ndearna idir duine nár pháirtí leo foréigean gnéis orthu agus duine ar pháirtí leo foréigean gnéis orthu am éigin ina saoil (.i. an dá chatagóir sin).
Ag labhairt le duine faoin fhoréigean gnéis
Bhí difríochtaí le feiceáil idir an méid daoine a labhair le duine éigin faoi na heachtraí a tharla dóibh agus na daoine nár labhair le duine éigin fúthu de réir inscne agus aoise. Chuir sciar níos airde de mhná (53%) duine éigin ar an eolas faoi na heachtraí a tharla dóibh ná d’fhir (34%). Tuairiscíonn daoine 18-34 bliana d’aois na leibhéil is mó (50%), agus tuairiscíonn daoine 65 bliana d’aois agus níos sine na leibhéil is lú (41%). Labhair níos mó daoine faoi na heachtraí a tharla dóibh agus iad ina nduine fásta le duine éigin nuair a rinne duine nár pháirtí leo an foréigean gnéis orthu (55%), i gcomparáid leo siúd ar a rinne páirtí leo é (16%).
Buíochas
Ba mhaith linn buíochas a ghabháil le gach duine a ghlac páirt sa suirbhé seo. Tá cabhair tugtha ag gach duine a bhí ag plé leis an suirbhé seo don CSO chun léargas cruinn a thabhairt ar rátaí tarlaithe den fhoréigean gnéis in Éirinn.
Tá riosca tearcthuairiscithe ag baint le bailiú sonraí maidir leis an ábhar íogair seo agus is dúshlán an-tábhachtach é dul i ngleic leis an riosca sin. D’oibrigh an CSO leis an riosca seo a íoslaghdú, go príomha trína áirithiú go gcloíonn ár gceistneoir leis na caighdeáin idirnáisiúnta is fearr, agus lena chois sin, trí dheis a thabhairt do fhreagróirí an suirbhé a fhreagairt faoi rún, ionas go bhféadfadh na freagróirí a gcuid eispéireas maidir leis an bhforéigean gnéis a roinnt linn ar bhealach slán agus faoi rún. Mar chuid den suirbhé, d’fhiafraíomar de fhreagróirí an ndearnadh foréigean gnéis orthu trí shraith ceisteanna a bhaineann le hiompraíocht shainiúil a chur, agus ansin d’fhiafraíomar díobh ar labhair siad le duine éigin faoin eispéireas sin. Thug thart ar 500 freagróirí le fios nár labhair siad le duine éigin riamh faoin bhforéigean gnéis a rinneadh orthu, ach bhí na freagróirí sin ar a gcompord an Phríomh-Oifig Staidrimh a chur ar an eolas faoin méid a tharla dóibh. Gabhaimid buíochas leis na daoine sin as a muinín a chur ionainn, agus leo siúd go léir a ghlac páirt sa suirbhé.”