Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

Preasráiteas

Próifíl 7 Dhaonáireamh 2022: Fostaíocht, Slite Beatha agus Comaitéireacht– Port Láirge

Preasráiteas de chuid an CSO, , 11rn

Bhí breis is 55,300 duine ag obair i bPort Láirge in Aibreán 2022, ardú 21% ó 2016

Tá an tuarascáil Daonáireamh 2022 Próifíl 7 - Fostaíocht, Slite Beatha agus Comaitéireacht eisithe ag an bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO) inniu (05 Nollaig 2023). Tarraingítear aird sa phreasráiteas seo ar roinnt de na príomhthorthaí do Phort Láirge. Tá liosta iomlán de phreasráitis na gcontaetha ar fáil.

Ráiteas an Staitisteora

Ag trácht di ar na torthaí, dúirt an Dr Tracy Clegg, Staitisteoir i Rannóg an Daonáirimh: “I bPróifíl 7, clúdaítear na hábhair a bhaineann le Fostaíocht, Dífhostaíocht agus Comaitéireacht lena gcuirtear staidreamh, anailís agus táblaí sonraí ar fáil.  Pléitear sa tuarascáil seo daoine atá ag obair nó dífhostaithe, slite beatha agus earnálacha tionsclaíochta chomh maith le patrúin chomaitéireachta oibrithe, mac léinn agus leanaí ar scoil nó i gcúram leanaí. Rud atá nua do Dhaonáireamh 2022 ná go bhfuil ábhair bhreise ann maidir le comaitéireacht chuig cúram leanaí agus an t-am a fhágann tú an t-ionad oibre, an scoil, an coláiste nó cúram leanaí, rud a chuireann eolas níos cruinne ar fáil faoi phatrúin taistil chomh maith le heolas faoi obair ón mbaile.”

Roinnt buaicphointí faoi Phort Láirge

Daoine ag Obair/Daoine Dífhostaithe

Bhí beagnach 103,000 duine a bhí 15 bliana d’aois agus níos sine ina gcónaí sa chontae in Aibreán 2022 agus astu sin bhí níos mó ná 55,300 duine ag obair. Ardú 21% a bhí ansin (as an líon níos mó ná 45,995 duine a taifeadadh mar dhaoine atá ag obair i nDaonáireamh 2016). Go náisiúnta, bhí 2.3 duine ag obair in Aibreán 2022, sin ardú 16%. 

Bhí beagnach 5,600 duine dífhostaithe in Aibreán 2022. Bhí sé sin i bhfad níos ísle ná figiúr na bliana 2016 ina raibh níos mó ná 8,300 duine dífhostaithe (laghdú 33%). B’ionann an ráta dífhostaíochta agus 9% i gcomparáid le 15% in 2016. Go náisiúnta bhí beagnach 211,000 duine dífhostaithe i gcomparáid le níos mó ná 297,000 duine i nDaonáireamh 2016. B’ionann an ráta dífhostaíochta agus 8% i gcomparáid le 13% in 2016. 

Bhí níos mó ná 18,200 duine ar scor i bPort Láirge, sin ardú 21% ó Dhaonáireamh 2016 i leith. Tháinig ardú 25% ar líon na ndaoine nach raibh in ann a bheith ag obair de bharr tinneas nó míchumas buan go dtí 5,225 duine.  Tháinig laghdú 11% ar líon na ndaoine a raibh cúraimí tí/teaghlaigh orthu go dtí díreach os cionn 6,700 duine.

B’ionann an ráta rannpháirtíochta san fhórsa saothair i bPort Láirge agus 59% i comparáid le 61% go náisiúnta. B’ionann an ráta agus 54% i measc na mban agus 65% i measc na bhfear. Go náisiúnta bhí an treocht cosúil leis sin ag 56% do rannpháirtíocht san fhórsa saothair do mhná agus 67% d’fhir.

Bhí formhór na ndaoine a bhí i mbun oibre i bPort Láirge fostaithe go lánaimseartha le níos mó ná 40,000 duine sa chatagóir seo i gcomparáid le níos mó ná 9,300 duine a bhí i mbun oibre go páirtaimseartha.

An áit a raibh daoine ag obair

Bhí an líon ba mhó oibrithe sa chontae ag obair san earnáil déantúsaíochta agus bhí beagnach 9,000 oibrí i gceist. Ba í earnáil Ghníomhaíochtaí Shláinte an Duine agus na hOibre Sóisialta an chéad earnáil ba mhó eile le díreach os cionn 6,900 oibrí agus ina dhiaidh sin bhí an earnáil Trádála Miondíola agus Mórdhíola le níos mó ná 6,400 oibrí. Bhí 27,704 oibrí ag bruachbhailte agus cathair Phort Láirge agus bhí 56% acu sin ina gcónaí sa chathair agus sna bruachbhailte. Ba é Trá Mhór an baile comaitéara ba mhó le beagnach 2,000 oibrí ag taisteal chuig bruachbhailte agus cathair Phort Láirge don obair.

Obair ón mBaile

Bhí ceist nua san áireamh i nDaonáireamh 2022 inar fiafraíodh de dhaoine ar oibrigh siad riamh ón mbaile agus má d’oibrigh, cá mhéad lá sa tseachtain a bhí i gceist. Bhí níos mó ná 55,300 duine ag obair i bPort Láirge in Aibreán 2022. Astu sin, níor oibrigh níos mó ná 34,700 duine ón mbaile riamh agus d’oibrigh níos mó ná 13,900 duine ón mbaile roinnt den am ar a laghad. Maidir leis na daoine sin a d’oibrigh ón mbaile, rinne beagnach 3,800 duine amhlaidh cúig lá sa tseachtain, rinne 2,515 duine amhlaidh lá amháin sa tseachtain agus rinne 2,078 duine amhlaidh dhá lá gach seachtain. 

Ag Taisteal chun na hOibre

48,925 duine a bhí ag taisteal chun na hoibre sa chontae in Aibreán 2022. Ag tiomáint chun na hoibre a bhí formhór na ndaoine sin agus ba i gcarr a thiomáin 31,639 duine chun na hoibre in 2022. 1,252 duine a bhí ag taisteal ar an mbus i gcomparáid le 73 duine ar an traein. Maidir le taisteal gníomhach, ag siúl a bhí 4,616 duine chun na hoibre, ardú ó 3,996 duine in 2016 agus ar rothar a bhí 794 duine, ardú 206 duine ó 2016 i leith.

Bhí comaitéirí sa chontae ag taisteal ar feadh achar níos faide in Aibreán 2022, agus ba é 23.6 nóiméad an meántréimshe taistil a bhí acu i gcomparáid le 22.4 nóiméad in 2016. Go náisiúnta, tháinig méadú ar an meántréimshe taistil ó 28.2 nóiméad go 29.1 nóiméad idir 2016 agus 2022. Bhí 14,956 comaitéir i bPort Láirge a raibh tréimshe taistil níos lú ná 15 nóiméad acu agus bhí tréimshe taistil idir 15 agus 30 nóiméad ag 15,871 duine. Bhí tréimshe taistil 60 nóiméad agus níos faide ag 3,580 duine eile. 

Ag Taisteal chuig an Scoil, an Coláiste nó Cúram Leanaí

I bPort Láirge, bhí díreach os cionn 3,800 leanbh a bhí faoi 5 bliana d’aois ag taisteal chuig cúram leanaí nó an scoil. I gcarr a thaistil an chuid is mó acu sin (níos mó ná 3,100 duine), ag siúl a bhí 425 duine agus ar bhus a bhí 63 duine.

As an gcuid is mó den 13,715 leanbh in aois bunscoile (idir 5 agus 12 bhliain d’aois) a bhí ag taisteal chuig an scoil sa chontae in Aibreán 2022, i gcarr freisin a thaistil 8,525 acu. Ag siúl a bhí 2,464 leanbh chuig an scoil agus ba é sin an dara modh taistil ba choitianta. Ar bhus a bhí níos mó ná 1,145 leanbh agus ar rothar a bhí 289 leanbh.

As na 9,996 scoláire meánscoile (na daoine a bhí idir 13-18 mbliana d’aois) a bhí ag taisteal chun na scoile, tiomáineadh 5,045 acu chun na scoile i gcarr agus thiomáin 233 acu iad féin chun na scoile. Bhain 2,278 scoláire leas as an mbus agus bhain 8 acu leas as an traein. Ag siúl a bhí 1,633 scoláire eile chuig an scoil agus 197 scoláire a bhí ar rothar. 

Maidir leis na 4,664 mac léinn tríú leibhéal a bhí ag comaitéireacht, ba í an tiomáint i gcarr an modh taistil ba choitianta ag 1,339 duine agus bhain 707 mac léinn úsáid as bus. Thaistil 66 mac léinn eile ar thraein, DART nó Luas agus ba ar rothar a bhí 105 acu.

Nótaí d'Eagarthóirí

  • Foilseofar Próifíl 8 (An Ghaeilge agus Oideachas) ar an 19 Nollaig 2023. Is féidir leat an Sceideal Foilsithe iomlán maidir le Daonáireamh 2022 a fháil ar an suíomh gréasáin.
  • Tá an Staidreamh Daonra um Ceantair Bheaga do Dhaonáireamh 2022 (SAPS) ar fáil freisin agus áirítear ann torthaí Dhaonáireamh 2022, ar fud 15 théama, do réimsí geografaíochta lena n-áirítear ceantair bheaga, bailte, toghlimistéir áitiúla, toghranna, contaetha agus cúigí.
  • Soláthraíonn torthaí an tSuirbhe ar an bhFórsa Saothair (SFS) an bunús do shraith oifigiúil na meastachán ráithiúil ar an bhfórsa saothair. Tá na figiúirí don fhórsa saothair agus a chomhghnéithe a thaispeántar sa tuarascáil seo bunaithe go díreach ar an daonáireamh.  Ba chóir d’úsáideoirí a bheith ar a n-airdeall go bhféadfadh difríochtaí suntasacha a bheith le sonrú san eolas a fuarthas ó cheisteanna comhionanna sa daonáireamh agus sa LFS don bhliain chéanna. Is iad na príomhchatagóirí a bhfuil tionchar orthu ná na gnéithe a bhaineann leis an gceist ar phríomhstádas eacnamaíochta agus na meastacháin fostaíochta arna rangú de réir tionscail agus slí bheatha. Chun tuilleadh eolais a fháil, féach ar Nótaí Cúlra na tuarascála.
  • Tá an fórsa saothair comhdhéanta de dhaoine atá 15 bliana d’aois agus níos sine atá fostaithe, ag lorg a gcéad phoist, nó dífhostaithe. Tugtar ráta rannpháirtíochta an fhórsa saothair ar chéatadán na ndaoine atá 15 bliana d’aois agus níos sine a ghlacann páirt san fhórsa saothair – seachas stádas eile a bheith acu amhail mac léinn, ar scor nó bean nó fear tí. Tomhaistear é mar líon na ndaoine san fhórsa saothair (ag obair nó dífhostaithe) arna léiriú mar chéatadán den daonra iomlán atá 15 bliana d’aois agus níos sine.
  • Ríomhtar an ráta dífhostaíochta mar líon na ndaoine atá dífhostaithe nó ag lorg a gcéad phoist mar sciar de gach duine 15 bliana d’aois agus níos sine a bhí ag obair, ag lorg a gcéad phoist nó dífhostaithe. Is ionann stádas dífhostaíochta duine agus an stádas eacnamaíoch féindearbhaithe a thaifead an duine ar an bhfoirm daonáirimh.
  • Tá bileog faisnéise ar Phróifíl 7 - Fostaíocht, Slite Beatha agus Comaitéireacht ar fáil ina n-áirítear an cur i láthair go léir agus roinnt comhaid ghearra fuaime i mBéarla ar na príomhthorthaí.
  • Tá grafaic eolais foilsithe do Dhaonáireamh 2022: Proifíl 7 - Fostaíocht, Slite Beatha agus Comaitéireacht. Déan teagmháil le pressoffice@cso.ie má theastaíonn an ghrafaic eolais uait i bhformáid ar leith.
  • Ceisteanna Coitianta maidir le Daonáireamh 2022 ar fáil.
  • Sainmhínithe - Féach na Nótaí Cúlra.

Teagmhálaithe

Kathleen Goulding (+353) 1 895 1413
Tony Downes (+353) 1 895 1319
R-phost censuspublicity@cso.ie
R-phostpressoffice@cso.ie

-- CRÍOCH --