Tá an tuarascáil Daonáireamh 2022 Próifíl 7 - Fostaíocht, Slite Beatha agus Comaitéireacht eisithe ag an bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO) inniu (05 Nollaig 2023). Tarraingítear aird sa phreasráiteas seo ar roinnt de na príomhthorthaí do Mhaigh Eo. Tá liosta iomlán de phreasráitis na gcontaetha ar fáil.
Kathleen Goulding | (+353) 1 895 1413 |
---|---|
Tony Downes | (+353) 1 895 1319 |
R-phost | censuspublicity@cso.ie |
R-phost | pressoffice@cso.ie |
-- CRÍOCH --
Ráiteas an Staitisteora
Ag trácht di ar na torthaí, dúirt an Dr Tracy Clegg, Staitisteoir i Rannóg an Daonáirimh: “I bPróifíl 7, clúdaítear na hábhair a bhaineann le Fostaíocht, Dífhostaíocht agus Comaitéireacht lena gcuirtear staidreamh, anailís agus táblaí sonraí ar fáil. Pléitear sa tuarascáil seo daoine atá ag obair nó dífhostaithe, slite beatha agus earnálacha tionsclaíochta chomh maith le patrúin chomaitéireachta oibrithe, mac léinn agus leanaí ar scoil nó i gcúram leanaí. Rud atá nua do Dhaonáireamh 2022 ná go bhfuil ábhair bhreise ann maidir le comaitéireacht chuig cúram leanaí agus an t-am a fhágann tú an t-ionad oibre, an scoil, an coláiste nó cúram leanaí, rud a chuireann eolas níos cruinne ar fáil faoi phatrúin taistil chomh maith le heolas faoi obair ón mbaile.”
Roinnt buaicphointí faoi Mhaigh Eo
Daoine ag Obair/Daoine Dífhostaithe
Bhí níos mó ná 111,600 duine a bhí 15 bliana d’aois agus níos sine ina gcónaí sa chontae in Aibreán 2022 agus astu sin bhí níos mó ná 58,300 duine ag obair. Ardú 13% a bhí ansin (as an líon níos mó ná 51,400 duine a taifeadadh mar dhaoine atá ag obair i nDaonáireamh 2016). Go náisiúnta, bhí 2.3 milliún duine ag obair in Aibreán 2022, sin ardú 16%.
Bhí beagnach 5,700 duine dífhostaithe sa chontae in Aibreán 2022. Bhí sé sin i bhfad níos ísle ná figiúr na bliana 2016 ina raibh níos mó ná 8,600 duine dífhostaithe (laghdú 34%). B’ionann an ráta dífhostaíochta agus 9% i gcomparáid le 14% in 2016. Go náisiúnta bhí beagnach 211,000 duine dífhostaithe i gcomparáid le níos mó ná 297,000 duine i nDaonáireamh 2016. B’ionann an ráta dífhostaíochta agus 8% in 2022 i gcomparáid le 13% in 2016.
Bhí níos mó ná 23,000 duine ar scor i Maigh Eo, sin ardú 15% ó Dhaonáireamh 2016 i leith. Tháinig ardú 13% ar líon na ndaoine nach raibh in ann a bheith ag obair de bharr tinneas nó míchumas buan go dtí 5,408 duine. Tháinig laghdú 9% ar líon na ndaoine a raibh cúraimí tí/teaghlaigh orthu go dtí díreach os cionn 7,400 duine.
B’ionann an ráta rannpháirtíochta san fhórsa saothair i Maigh Eo agus 57% i comparáid le 61% go náisiúnta. Bhí sé sin ar an ráta ab ísle céanna sa tír. B’ionann an ráta agus 52% i measc na mban agus 63% i measc na bhfear. Ba é an ráta rannpháirtíochta san fhórsa saothair sa chontae do na fir an ráta ab ísle go náisiúnta. Bhí an ráta céanna i gceist i nDún na nGall. Go náisiúnta bhí an treocht cosúil leis sin ag 56% do rannpháirtíocht san fhórsa saothair do mhná agus 67% d’fhir.
Bhí formhór na ndaoine a bhí i mbun oibre i Maigh Eo fostaithe go lánaimseartha le beagnach 43,000 duine sa chatagóir seo i gcomparáid le níos mó ná 10,100 duine a bhí i mbun oibre go páirtaimseartha.
An áit a raibh daoine ag obair
Bhí an líon ba mhó oibrithe sa chontae ag obair san earnáil déantúsaíochta agus bhí beagnach 8,300 duine i gceist. Ba í an earnáil Trádála Miondíola agus Mórdhíola an chéad earnáil ba mhó eile le beagnach 8,100 oibrí agus ina dhiaidh sin bhí earnáil Gníomhaíochtaí Shláinte an Duine agus na hOibre Sóisialta le beagnach 7,400 oibrí.
Obair ón mBaile
Bhí ceist nua san áireamh i nDaonáireamh 2022 inar fiafraíodh de dhaoine ar oibrigh siad riamh ón mbaile agus má d’oibrigh, cá mhéad lá sa tseachtain a bhí i gceist. Bhí breis is 58,300 duine ag obair i Maigh Eo in Aibreán 2022. Astu sin, níor oibrigh níos mó ná 38,600 duine ón mbaile riamh agus d’oibrigh beagnach 14,000 duine ón mbaile roinnt den am ar a laghad. Maidir leis na daoine sin a d’oibrigh ón mbaile, rinne díreach os cionn 3,400 duine amhlaidh cúig lá sa tseachtain, rinne 2,518 duine amhlaidh lá amháin sa tseachtain agus rinne 2,305 duine amhlaidh dhá lá gach seachtain.
Ag Taisteal chun na hOibre
51,884 duine a bhí ag taisteal chun na hoibre sa chontae in Aibreán 2022. Ag tiomáint chun na hoibre a bhí formhór na ndaoine sin agus is i gcarr a thiomáin 35,450 duine chun na hoibre in 2022. 445 duine a thaistil ar an mbus, agus bhí 91 ag taisteal ar an traein. Maidir le taisteal gníomhach, ag siúl a bhí 3,848 duine chun na hoibre, ardú ó 3,828 duine in 2016 agus ar rothar a bhí 437 duine, ardú 48 duine ó 2016 i leith.
Bhí comaitéirí sa chontae ag taisteal ar feadh achar níos faide in Aibreán 2022, agus ba é 25.1 nóiméad an meántréimhse taistil a bhí acu i gcomparáid le 23.3 nóiméad in 2016. Go náisiúnta, tháinig méadú ar an meántréimhse taistil ó 28.2 nóiméad go 29.1 nóiméad idir 2016 agus 2022. Bhí 16,680 comaitéir i Maigh Eo a raibh tréimhse taistil níos lú ná 15 nóiméad acu agus bhí tréimhse taistil idir 15 agus 30 nóiméad ag 14,351 duine. Bhí tréimhse taistil 60 nóiméad agus níos faide ag 4,596 duine eile.
Ag Taisteal chuig an Scoil, an Coláiste nó Cúram Leanaí
I Maigh Eo, bhí beagnach 4,200 leanbh a bhí faoi 5 bliana d’aois ag taisteal chuig cúram leanaí nó an scoil. I gcarr a thaistil an chuid is mó acu sin (níos mó ná 3,600 duine), ag siúl a bhí 322 duine agus ar bhus a bhí 24 duine.
As an gcuid is mó de na 14,619 leanbh in aois bunscoile (idir 5 agus 12 bhliain d’aois) a bhí ag taisteal chuig an scoil sa chontae in Aibreán 2022, i gcarr freisin a thaistil 9,899 acu. Is ar an mbus a thaistil 1,937 leanbh chuig an scoil agus ba é sin an dara modh taistil ba choitianta. Ag siúl a bhí 1,509 leanbh eile agus ar rothar a bhí 194 leanbh.
As na 10,376 scoláire meánscoile (na daoine a bhí idir 13-18 mbliana d’aois) a bhí ag taisteal chun na scoile, tiomáineadh 5,103 acu chun na scoile i gcarr agus thiomáin 221 acu iad féin chun na scoile. Bhain 3,371 scoláire leas as an mbus agus bhain 12 acu leas as an traein. Ag siúl a bhí 1,198 scoláire eile chuig an scoil agus 65 scoláire a bhí ar rothar.
Maidir leis na 4,224 mac léinn tríú leibhéal a bhí ag comaitéireacht, ba í an tiomáint an modh taistil ba choitianta ag 1,390 duine. Ba ag siúl a bhí 1,127 mac léinn agus ba ar an mbus a bhí 667 mac léinn. Thaistil 126 mac léinn eile ar an traein, DART nó Luas agus ba ar rothar a bhí 57 acu.