Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

Preasráiteas

Próifíl 7 Dhaonáireamh 2022: Fostaíocht, Slite Beatha agus Comaitéireacht – Luimneach

Preasráiteas de chuid an CSO, , 11rn

Bhí breis is 90,600 duine ag obair i Luimneach in Aibreán 2022, ardú 17% ó 2016

Tá an tuarascáil Daonáireamh 2022 Próifíl 7 - Fostaíocht, Slite Beatha agus Comaitéireacht eisithe ag an bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO) inniu (05 Nollaig 2023). Tarraingítear aird sa phreasráiteas seo ar roinnt de na príomhthorthaí do Luimneach. Tá liosta iomlán de phreasráitis na gcontaetha ar fáil.

Ráiteas an Staitisteora

Ag trácht di ar na torthaí, dúirt an Dr Tracy Clegg, Staitisteoir i Rannóg an Daonáirimh: “I bPróifíl 7, clúdaítear na hábhair a bhaineann le Fostaíocht, Dífhostaíocht agus Comaitéireacht lena gcuirtear staidreamh, anailís agus táblaí sonraí ar fáil.  Pléitear sa tuarascáil seo daoine atá ag obair nó dífhostaithe, slite beatha agus earnálacha tionsclaíochta chomh maith le patrúin chomaitéireachta oibrithe, mac léinn agus leanaí ar scoil nó i gcúram leanaí. Rud atá nua do Dhaonáireamh 2022 ná go bhfuil ábhair bhreise ann maidir le comaitéireacht chuig cúram leanaí agus an t-am a fhágann tú an t-ionad oibre, an scoil, an coláiste nó cúram leanaí, rud a chuireann eolas níos cruinne ar fáil faoi phatrúin taistil chomh maith le heolas faoi obair ón mbaile.”

Roinnt buaicphointí faoi Luimneach

Daoine ag Obair/Daoine Dífhostaithe

Bhí beagnach 170,100 duine a bhí 15 bliana d’aois agus níos sine ina gcónaí sa chontae in Aibreán 2022 agus astu sin bhí níos mó ná 90,600 duine ag obair. Ardú 17% a bhí ansin (as an líon níos mó ná 77,100 duine a taifeadadh mar dhaoine atá ag obair i nDaonáireamh 2016). Go náisiúnta, bhí 2.3 milliún duine ag obair in Aibreán 2022, sin ardú 16%.

Bhí beagnach 8,600 duine dífhostaithe sa chontae in Aibreán 2022. Bhí sé sin i bhfad níos ísle ná figiúr na bliana 2016 ina raibh níos mó ná 12,900 duine dífhostaithe (laghdú 34%). B’ionann an ráta dífhostaíochta agus 9% i gcomparáid le 14% in 2016. Go náisiúnta bhí beagnach 211,000 duine dífhostaithe i gcomparáid le níos mó ná 297,000 duine i nDaonáireamh 2016. B’ionann an ráta dífhostaíochta agus 8% in 2022 i gcomparáid le 13% in 2016. 

Bhí níos mó ná 28,500 duine ar scor i Luimneach, sin ardú 23% ó Dhaonáireamh 2016 i leith. Tháinig ardú 15% ar líon na ndaoine nach raibh in ann a bheith ag obair de bharr tinneas nó míchumas buan go dtí 9,808 duine.  Tháinig laghdú 13% ar líon na ndaoine a bhfuil cúraimí tí/teaghlaigh orthu go dtí beagnach 11,000 duine.

B’ionann an ráta rannpháirtíochta san fhórsa saothair i Luimneach agus 58% i comparáid le 61% go náisiúnta. B’ionann an ráta agus 53% i measc na mban agus 64% i measc na bhfear. Go náisiúnta bhí an treocht cosúil leis sin ag 56% do rannpháirtíocht san fhórsa saothair do mhná agus 67% d’fhir.

Bhí formhór na ndaoine a bhí i mbun oibre i Luimneach fostaithe go lánaimseartha le beagnach 65,300 duine sa chatagóir seo i gcomparáid le beagnach 12,300 duine a bhí i mbun oibre go páirtaimseartha.

An áit a raibh daoine ag obair

Bhí an líon ba mhó oibrithe sa chontae ag obair san earnáil déantúsaíochta agus bhí níos mó ná 12,500 duine i gceist. Ba í earnáil Ghníomhaíochtaí Shláinte an Duine agus na hOibre Sóisialta an chéad earnáil ba mhó eile le díreach os cionn 11,500 oibrí agus ina dhiaidh sin bhí an earnáil Trádála Miondíola agus Mórdhíola le níos mó ná 10,500 oibrí.  Gnáthchónaitheoirí ab ea níos lú ná leath (49%) d’fhórsa saothair bhruachbhailte agus chathair Luimnigh ar an iomlán. Ba í Inis an baile comaitéara ba mhó le 1,140 duine ag taisteal chuig bruachbhailte agus cathair Luimnigh don obair.

Obair ón mBaile

Bhí ceist nua san áireamh i nDaonáireamh 2022 inar fiafraíodh de dhaoine ar oibrigh siad riamh ón mbaile agus má d’oibrigh, cá mhéad lá sa tseachtain a bhí i gceist.  Bhí breis is 90,600 duine ag obair i Luimneach in Aibreán 2022. Astu sin, níor oibrigh níos mó ná 52,000 duine ón mbaile riamh agus d’oibrigh beagnach 25,000 duine ón mbaile roinnt den am ar a laghad. Maidir leis na daoine sin a d’oibrigh ón mbaile, rinne díreach os cionn 6,600 duine amhlaidh cúig lá sa tseachtain, rinne 4,324 duine amhlaidh lá amháin sa tseachtain agus rinne 4,001 duine amhlaidh dhá lá gach seachtain. 

Ag Taisteal chun na hOibre

80,665 duine a bhí ag taisteal chun na hoibre sa chontae in Aibreán 2022. Ag tiomáint chun na hoibre a bhí formhór na ndaoine sin agus is i gcarr a thiomáin 49,996 duine chun na hoibre in 2022. 2,571 duine a bhí ag taisteal ar an mbus i gcomparáid le 140 duine ar an traein. Maidir le taisteal gníomhach, ag siúl a bhí 7,091 duine chun na hoibre, laghdú ó 7,095 duine in 2016 agus ar rothar a bhí 1,308 duine, ardú 171 duine ó 2016 i leith. 

Bhí comaitéirí sa chontae ag taisteal ar feadh achar níos faide in Aibreán 2022, agus ba é 25.6 nóiméad an meántréimshe taistil a bhí acu i gcomparáid le 24.2 nóiméad in 2016. Go náisiúnta, tháinig méadú ar an meántréimshe taistil ó 28.2 nóiméad go 29.1 nóiméad idir 2016 agus 2022. Bhí 17,866 comaitéir i Luimneach a raibh tréimshe taistil níos lú ná 15 nóiméad acu agus bhí tréimshe taistil idir 15 agus 30 nóiméad ag 25,757 duine. Bhí tréimshe taistil 60 nóiméad agus níos faide ag 5,216 duine eile. 

Ag Taisteal chuig an Scoil, an Coláiste nó Cúram Leanaí

I Luimneach, bhí beagnach 6,300 leanbh a bhí faoi 5 bliana d’aois ag taisteal chuig cúram leanaí nó an scoil. I gcarr a thaistil an chuid is mó acu sin (beagnach 5,000 duine), ag siúl a bhí 888 duine agus ar bhus a bhí 80 duine.

As an gcuid is mó den 21,869 leanbh in aois bunscoile (idir 5 agus 12 bhliain d’aois) a bhí ag taisteal chuig an scoil sa chontae in Aibreán 2022, i gcarr freisin a thaistil 13,235 acu. Ag siúl a bhí 4,373 leanbh chuig an scoil agus ba é sin an dara modh taistil ba choitianta. Ar bhus a bhí níos mó ná 1,551 leanbh agus ar rothar a bhí 289 leanbh.

As na 15,272 scoláire meánscoile (na daoine a bhí idir 13-18 mbliana d’aois) a bhí ag taisteal chun na scoile, tiomáineadh 6,828 acu chun na scoile i gcarr agus thiomáin 344 acu iad féin chun na scoile. Bhain 4,066 scoláire leas as an mbus agus bhain 16 acu leas as an traein. Ag siúl a bhí 2,531 scoláire eile chuig an scoil agus 235 scoláire a bhí ar rothar. 

Maidir leis na 9,769 mac léinn tríú leibhéal a bhí ag comaitéireacht, ba í an tiomáint an modh taistil ba choitianta ag 3,121 duine. Ba ag siúl a bhí 2,360 mac léinn agus ba ar an mbus a bhí 1,447 mac léinn. Thaistil 112 mac léinn eile ar an traein, DART nó Luas agus ba ar rothar a bhí 290 acu.

Nótaí d'Eagarthóirí

  • Foilseofar Próifíl 8 (An Ghaeilge agus Oideachas) ar an 19 Nollaig 2023. Is féidir leat an Sceideal Foilsithe iomlán maidir le Daonáireamh 2022 a fháil ar an suíomh gréasáin.
  • Tá an Staidreamh Daonra um Ceantair Bheaga do Dhaonáireamh 2022 (SAPS) ar fáil freisin agus áirítear ann torthaí Dhaonáireamh 2022, ar fud 15 théama, do réimsí geografaíochta lena n-áirítear ceantair bheaga, bailte, toghlimistéir áitiúla, toghranna, contaetha agus cúigí.
  • Soláthraíonn torthaí an tSuirbhe ar an bhFórsa Saothair (SFS) an bunús do shraith oifigiúil na meastachán ráithiúil ar an bhfórsa saothair. Tá na figiúirí don fhórsa saothair agus a chomhghnéithe a thaispeántar sa tuarascáil seo bunaithe go díreach ar an daonáireamh.  Ba chóir d’úsáideoirí a bheith ar a n-airdeall go bhféadfadh difríochtaí suntasacha a bheith le sonrú san eolas a fuarthas ó cheisteanna comhionanna sa daonáireamh agus sa LFS don bhliain chéanna. Is iad na príomhchatagóirí a bhfuil tionchar orthu ná na gnéithe a bhaineann leis an gceist ar phríomhstádas eacnamaíochta agus na meastacháin fostaíochta arna rangú de réir tionscail agus slí bheatha. Chun tuilleadh eolais a fháil, féach ar Nótaí Cúlra na tuarascála.
  • Tá an fórsa saothair comhdhéanta de dhaoine atá 15 bliana d’aois agus níos sine atá fostaithe, ag lorg a gcéad phoist, nó dífhostaithe. Tugtar ráta rannpháirtíochta an fhórsa saothair ar chéatadán na ndaoine atá 15 bliana d’aois agus níos sine a ghlacann páirt san fhórsa saothair – seachas stádas eile a bheith acu amhail mac léinn, ar scor nó bean nó fear tí. Tomhaistear é mar líon na ndaoine san fhórsa saothair (ag obair nó dífhostaithe) arna léiriú mar chéatadán den daonra iomlán atá 15 bliana d’aois agus níos sine.
  • Ríomhtar an ráta dífhostaíochta mar líon na ndaoine atá dífhostaithe nó ag lorg a gcéad phoist mar sciar de gach duine 15 bliana d’aois agus níos sine a bhí ag obair, ag lorg a gcéad phoist nó dífhostaithe. Is ionann stádas dífhostaíochta duine agus an stádas eacnamaíoch féindearbhaithe a thaifead an duine ar an bhfoirm daonáirimh.
  • Tá bileog faisnéise ar Phróifíl 7 - Fostaíocht, Slite Beatha agus Comaitéireacht ar fáil ina n-áirítear an cur i láthair go léir agus roinnt comhaid ghearra fuaime i mBéarla ar na príomhthorthaí.
  • Tá grafaic eolais foilsithe do Dhaonáireamh 2022: Proifíl 7 - Fostaíocht, Slite Beatha agus Comaitéireacht. Déan teagmháil le pressoffice@cso.ie má theastaíonn an ghrafaic eolais uait i bhformáid ar leith.
  • Ceisteanna Coitianta maidir le Daonáireamh 2022 ar fáil.
  • Sainmhínithe - Féach na Nótaí Cúlra.

Teagmhálaithe

Kathleen Goulding (+353) 1 895 1413
Tony Downes (+353) 1 895 1319
R-phost censuspublicity@cso.ie
R-phostpressoffice@cso.ie

-- CRÍOCH --