Tá an tuarascáil Daonáireamh 2022 Próifíl 7 - Fostaíocht, Slite Beatha agus Comaitéireacht eisithe ag an bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO) inniu (05 Nollaig 2023). Tarraingítear aird sa phreasráiteas seo ar roinnt de na príomhthorthaí do Chiarraí. Tá liosta iomlán de phreasráitis na gcontaetha ar fáil.
Kathleen Goulding | (+353) 1 895 1413 |
---|---|
Tony Downes | (+353) 1 895 1319 |
R-phost | censuspublicity@cso.ie |
R-phost | pressoffice@cso.ie |
-- CRÍOCH --
Ráiteas an Staitisteora
Ag trácht di ar na torthaí, dúirt an Dr Tracy Clegg, Staitisteoir i Rannóg an Daonáirimh: “I bPróifíl 7, clúdaítear na hábhair a bhaineann le Fostaíocht, Dífhostaíocht agus Comaitéireacht lena gcuirtear staidreamh, anailís agus táblaí sonraí ar fáil. Pléitear sa tuarascáil seo daoine atá ag obair nó dífhostaithe, slite beatha agus earnálacha tionsclaíochta chomh maith le patrúin chomaitéireachta oibrithe, mac léinn agus leanaí ar scoil nó i gcúram leanaí. Rud atá nua do Dhaonáireamh 2022 ná go bhfuil ábhair bhreise ann maidir le comaitéireacht chuig cúram leanaí agus an t-am a fhágann tú an t-ionad oibre, an scoil, an coláiste nó cúram leanaí, rud a chuireann eolas níos cruinne ar fáil faoi phatrúin taistil chomh maith le heolas faoi obair ón mbaile.”
Roinnt buaicphointí faoi Chiarraí
Daoine ag Obair/Daoine Dífhostaithe
Bhí beagnach 128,000 duine a bhí 15 bliana d’aois agus níos sine ina gcónaí sa chontae in Aibreán 2022 agus astu sin bhí níos mó ná 67,500 duine ag obair. Ardú 10% a bhí ansin (as an líon níos mó ná 61,000 duine a taifeadadh mar dhaoine atá ag obair i nDaonáireamh 2016). Ba é sin an ráta fáis fostaíochta ab ísle sa tír le linn na tréimhse. Go náisiúnta, bhí 2.3 milliún duine ag obair in Aibreán 2022, sin ardú 16%.
Bhí beagnach 6,700 duine dífhostaithe sa chontae in Aibreán 2022. Bhí sé sin i bhfad níos ísle ná figiúr na bliana 2016 ina raibh níos mó ná 8,700 duine dífhostaithe (laghdú 23%). B’ionann an ráta dífhostaíochta agus 9% i gcomparáid le 12% in 2016. Go náisiúnta bhí beagnach 211,000 duine dífhostaithe i gcomparáid le níos mó ná 297,000 duine i nDaonáireamh 2016. B’ionann an ráta dífhostaíochta agus 8% in 2022 i gcomparáid le 13% in 2016.
Bhí níos mó ná 24,700 duine ar scor i gCiarraí, sin ardú 13% ó Dhaonáireamh 2016 i leith. Tháinig ardú 24% ar líon na ndaoine nach raibh in ann a bheith ag obair de bharr tinneas nó míchumas buan go dtí 6,490 duine. Tháinig laghdú 8% ar líon na ndaoine a raibh cúraimí tí/teaghlaigh orthu go dtí díreach os cionn 8,800 duine.
B’ionann an ráta rannpháirtíochta san fhórsa saothair i gCiarraí agus 58% i comparáid le 61% go náisiúnta. B’ionann an ráta agus 53% i measc na mban agus 64% i measc na bhfear. Go náisiúnta bhí an treocht cosúil leis sin ag 56% do rannpháirtíocht san fhórsa saothair do mhná agus 67% d’fhir.
Bhí formhór na ndaoine a bhí ag obair i gCiarraí fostaithe go lánaimseartha le beagnach 48,600 duine sa chatagóir seo i gcomparáid le níos mó ná 12,000 duine a bhí ag obair go páirtaimseartha.
An áit a raibh daoine ag obair
Bhí an líon ba mhó oibrithe sa chontae ag obair san earnáil Trádála Miondíola agus Mórdhíola agus bhí beagnach 8,800 duine i gceist. Ba í earnáil Ghíomhaíochtaí Shláinte an Duine agus na hOibre Sóisialta an chéad earnáil ba mhó eile le díreach os cionn 7,600 oibrí agus ina dhiaidh sin bhí Cóiríocht agus Gníomhaíochtaí Seirbhísí Bia le níos mó ná 6,700 oibrí.
Obair ón mBaile
Bhí ceist nua san áireamh i nDaonáireamh 2022 inar fiafraíodh de dhaoine ar oibrigh siad riamh ón mbaile agus má d’oibrigh, cá mhéad lá sa tseachtain a bhí i gceist. Bhí breis is 67,500 duine ag obair i gCiarraí in Aibreán 2022. Astu sin, níor oibrigh níos mó ná 42,900 duine ón mbaile riamh agus d’oibrigh níos mó ná 17,100 duine ón mbaile roinnt den am ar a laghad. Maidir leis na daoine sin a d’oibrigh ón mbaile, rinne níos mó ná 4,100 duine amhlaidh cúig lá sa tseachtain, rinne 2,908 duine amhlaidh lá amháin sa tseachtain agus rinne 2,404 duine amhlaidh dhá lá gach seachtain.
Ag Taisteal chun na hOibre
58,541 duine a bhí ag taisteal chun na hoibre sa chontae in Aibreán 2022. Ag tiomáint chun na hoibre a bhí formhór na ndaoine sin agus ba i gcarr a thiomáin 38,084 duine chun na hoibre in 2022. 652 duine a thaistil ar an mbus, agus bhí 96 ag taisteal ar an traein. Maidir le taisteal gníomhach, ag siúl a bhí 5,303 duine chun na hoibre, ardú ó 4,812 duine in 2016 agus ar rothar a bhí 876 duine, ardú 37 duine ó 2016 i leith. Ba iad na comaitéirí i nDaingean Uí Chúis ba mhó is dóichí a shiúlfadh chun na hoibre ag 44% (i measc bailte a raibh daonra ar a laghad 1,500 duine iontu).
Bhí comaitéirí sa chontae ag taisteal ar feadh achar níos faide in Aibreán 2022, agus ba é 24.6 nóiméad an meántréimhse taistil a bhí acu i gcomparáid le 22.7 nóiméad in 2016. Go náisiúnta, tháinig méadú ar an meántréimhse taistil ó 28.2 nóiméad go 29.1 nóiméad idir 2016 agus 2022. Bhí 18,555 comaitéir i gCiarraí a raibh tréimhse taistil níos lú ná 15 nóiméad acu agus bhí tréimhse taistil idir 15 agus 30 nóiméad ag 16,451 duine. Bhí tréimhse taistil 60 nóiméad agus níos faide ag 4,683 duine eile.
Ag Taisteal chuig an Scoil, an Coláiste nó Cúram Leanaí
I gCiarraí, bhí beagnach 4,700 leanbh a bhí faoi 5 bliana d’aois ag taisteal chuig cúram leanaí nó an scoil. I gcarr a thaistil an chuid is mó acu sin (níos mó ná 3,900 duine), ag siúl a bhí 396 duine agus ar bhus a bhí 49 duine.
As an gcuid is mó den 15,734 leanbh in aois bunscoile (idir 5 agus 12 bhliain d’aois) a bhí ag taisteal chuig an scoil sa chontae in Aibreán 2022, i gcarr freisin a thaistil 10,775 acu. Ag taisteal ar an mbus a bhí 1,776 leanbh chuig an scoil agus ba é sin an dara modh taistil ba choitianta agus ba ag siúl a bhí 1,694 leanbh agus ar rothar a bhí 126 leanbh.
As na 11,395 scoláire meánscoile (na daoine a bhí idir 13-18 mbliana d’aois) a bhí ag taisteal chun na scoile, tiomáineadh 5,816 acu chun na scoile i gcarr agus thiomáin 242 acu iad féin chun na scoile. Bhain 3,342 scoláire leas as an mbus agus bhain 36 acu leas as an traein. Ag siúl a bhí 1,190 scoláire eile chuig an scoil agus 132 scoláire a bhí ar rothar.
Maidir leis na 5,120 mac léinn tríú leibhéal a bhí ag comaitéireacht, ba í an tiomáint i gcarr an modh taistil ba choitianta ag 1,841 duine. Ba ag siúl a bhí 1,211 mac léinn agus ba ar an mbus a bhí 638 mac léinn. Thaistil 135 mac léinn eile ar an traein, DART nó Luas agus ba ar rothar a bhí 92 acu.