Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

Preasráiteas

Próifíl 7 Dhaonáireamh 2022: Fostaíocht, Slite Beatha agus Comaitéireacht– An Mhí

Preasráiteas de chuid an CSO, , 11rn

Bhí breis is 101,200 duine ag obair sa Mhí in Aibreán 2022, ardú 22% ó 2016

Tá an tuarascáil Daonáireamh 2022 Próifíl 7 - Fostaíocht, Slite Beatha agus Comaitéireacht eisithe ag an bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO) inniu (05 Nollaig 2023). Tarraingítear aird sa phreasráiteas seo ar roinnt de na príomhthorthaí don Mhí.  Tá liosta iomlán de phreasráitis na gcontaetha ar fáil.

Ráiteas an Staitisteora

Ag trácht di ar na torthaí, dúirt an Dr Tracy Clegg, Staitisteoir i Rannóg an Daonáirimh: “I bPróifíl 7, clúdaítear na hábhair a bhaineann le Fostaíocht, Dífhostaíocht agus Comaitéireacht lena gcuirtear staidreamh, anailís agus táblaí sonraí ar fáil.  Pléitear sa tuarascáil seo daoine atá ag obair nó dífhostaithe, slite beatha agus earnálacha tionsclaíochta chomh maith le patrúin chomaitéireachta oibrithe, mac léinn agus leanaí ar scoil nó i gcúram leanaí. Rud atá nua do Dhaonáireamh 2022 ná go bhfuil ábhair bhreise ann maidir le comaitéireacht chuig cúram leanaí agus an t-am a fhágann tú an t-ionad oibre, an scoil, an coláiste nó cúram leanaí, rud a chuireann eolas níos cruinne ar fáil faoi phatrúin taistil chomh maith le heolas faoi obair ón mbaile.”

Roinnt buaicphointí faoi Chontae na Mí

Daoine ag Obair/Daoine Dífhostaithe

Bhí beagnach 170,600 duine a bhí 15 bliana d’aois agus níos sine ina gcónaí sa chontae in Aibreán 2022 agus astu sin bhí níos mó ná 101,200 duine ag obair. Ardú 22% a bhí ansin (as beagnach 83,300 duine a taifeadadh mar dhaoine atá ag obair i nDaonáireamh 2016). Go náisiúnta, bhí 2.3 milliún duine ag obair in Aibreán 2022, sin ardú 16%.

Bhí díreach os cionn 8,100 duine dífhostaithe sa chontae in Aibreán 2022. Bhí sé sin i bhfad níos ísle ná figiúr na bliana 2016 ina raibh níos mó ná 10,500 duine dífhostaithe (laghdú 23%). B’ionann an ráta dífhostaíochta agus 7% i gcomparáid le 11% in 2016. I measc na mbailte a raibh daonra 1,500 duine agus níos mó iontu, is i nDún Búinne a bhí an ráta dífhostaíochta fadtréimhsí ab ísle ag níos lú ná 2%. Go náisiúnta bhí beagnach 211,000 duine dífhostaithe i gcomparáid le níos mó ná 297,000 duine i nDaonáireamh 2016. B’ionann an ráta dífhostaíochta agus 8% in 2022 i gcomparáid le 13% in 2016. 

Bhí níos mó ná 22,400 duine ar scor sa Mhí, sin ardú 28% ó Dhaonáireamh 2016 i leith. Tháinig ardú 23% ar líon na ndaoine nach raibh in ann a bheith ag obair de bharr tinneas nó míchumas buan go dtí 6,325 duine. Tháinig laghdú 8% ar líon na ndaoine a raibh cúraimí tí/teaghlaigh orthu go dtí díreach os cionn 12,200 duine.

B’ionann an ráta rannpháirtíochta san fhórsa saothair sa Mhí agus 64% i comparáid le 61% go náisiúnta. B’ionann an ráta agus 58% i measc na mban agus 71% i measc na bhfear. Ba é sin an ráta ab airde céanna sa tír do na fir. Go náisiúnta bhí an treocht maidir le rannpháirtíocht san fhórsa saothair cosúil leis sin ag 56% do mhná agus ag 67% d’fhir.

Bhí formhór na ndaoine a bhí i mbun oibre sa Mhí fostaithe go lánaimseartha le níos mó ná 79,400 duine sa chatagóir seo i gcomparáid le níos mó ná 13,700 duine a bhí i mbun oibre go páirtaimseartha.

An áit a raibh daoine ag obair

Bhí an líon ba mhó oibrithe sa chontae ag obair san earnáil Trádála Miondíola agus Mórdhíola agus bhí beagnach 13,200 duine i gceist. Ba í earnáil Ghníomhaíochtaí Shláinte an Duine agus na hOibre Sóisialta an chéad earnáil ba mhó eile le díreach os cionn 10,600 oibrí agus ina dhiaidh sin bhí earnáil na Déantúsaíochta le níos mó ná 9,300 oibrí.

Obair ón mBaile

Bhí ceist nua san áireamh i nDaonáireamh 2022 inar fiafraíodh de dhaoine ar oibrigh siad riamh ón mbaile agus má d’oibrigh, cá mhéad lá sa tseachtain a bhí i gceist.  Bhí beagnach 101,200 duine ag obair sa Mhí in Aibreán 2022. Astu sin, níor oibrigh níos mó ná 60,500 duine ón mbaile riamh agus d’oibrigh níos mó ná 32,500 duine ón mbaile roinnt den am ar a laghad. Maidir leis na daoine sin a d’oibrigh ón mbaile, rinne beagnach 8,500 duine amhlaidh cúig lá sa tseachtain, rinne 5,484 duine amhlaidh dhá lá sa tseachtain agus rinne 5,365 duine amhlaidh trí lá gach seachtain. 

Ag Taisteal chun na hOibre

89,635 duine a bhí ag taisteal chun na hoibre sa chontae in Aibreán 2022. Ag tiomáint chun na hoibre a bhí formhór na ndaoine sin agus is i gcarr a thiomáin 60,834 duine chun na hoibre in 2022. 4,959 duine a thaistil ar an mbus, líon níos mó ná na daoine sin a thaistil ar an traein (1,241). Maidir le taisteal gníomhach, ag siúl a bhí 5,023 duine chun na hoibre, ardú ó 4,281 duine in 2016 agus ar rothar a bhí 634 duine, ardú 75 duine ó 2016 i leith. 

Bhí comaitéirí sa chontae ag taisteal ar feadh achar níos faide in Aibreán 2022, agus ba é 35.2 nóiméad an meántréimhse taistil a bhí acu i gcomparáid le 34.6 nóiméad in 2016. Chiallaigh sé sin go raibh an meántréimhse taistil ab fhaide ag comaitéirí sa Mhí. Go náisiúnta, tháinig méadú ar an meántréimhse taistil ó 28.2 nóiméad go 29.1 nóiméad idir 2016 agus 2022.

Bhí 14,994 comaitéir sa Mhí a raibh tréimhse taistil níos lú ná 15 nóiméad acu agus bhí tréimhse taistil idir 15 agus 30 nóiméad ag 20,373 duine. Bhí tréimhse taistil 60 nóiméad agus níos faide ag 17,044 duine eile, ráta 19% - an ráta ab airde sa tír. Áirítear orthu sin níos mó na 29% de na comaitéirí oibre i mBaile Íomhair agus níos mó ná 27% de na comaitéirí oibre ar fad in Inse-Baile an Bhiataigh-Baile Uí Mhornáin-Domhnach Cairnigh. 

Ag Taisteal chuig an Scoil, an Coláiste nó Cúram Leanaí

Sa Mhí, bhí beagnach 7,600 leanbh a bhí faoi 5 bliana d’aois ag taisteal chuig cúram leanaí nó an scoil. I gcarr a thaistil an chuid is mó acu sin (níos mó ná 5,600 duine), ag siúl a bhí 1,340 duine agus ar bhus a bhí 82 duine.

As an gcuid is mó de na 28,393 leanbh in aois bunscoile (idir 5 agus 12 bhliain d’aois) a bhí ag taisteal chuig an scoil sa chontae in Aibreán 2022, i gcarr freisin a thaistil 14,739 acu. Ag siúl a bhí 7,418 leanbh chuig an scoil agus ba é sin an dara modh taistil ba choitianta. Ar bhus a bhí níos mó ná 3,399 leanbh agus ar rothar a bhí 783 leanbh. I measc na mbailte a raibh daonra 1,500 duine agus níos mó iontu, is sa Bhóthar Buí agus i nDún Búinne a bhí na rátaí ab airde leanaí bunscoile a bhí ag taisteal chun na scoile agus ba ag siúl nó ar rothar a bhí 64% agus 62% faoi seach. Bhí an sciar ab ísle acu freisin de dhaoine ag taisteal i gcarr ag 25% agus 29% faoi seach. Is i nDamhliag a bhí an ráta ab airde leanaí a bhain leas as córas iompair phoiblí le dul ar scoil ag 34%. 

As na 19,166 scoláire meánscoile (na daoine a bhí idir 13-18 mbliana d’aois) a bhí ag taisteal chun na scoile, tiomáineadh 6,612 acu chun na scoile i gcarr agus thiomáin 234 acu iad féin chun na scoile. Bhain 5,602 scoláire leas as an mbus agus bhain 188 acu leas as an traein. Ag siúl a bhí 5,356 scoláire eile chuig an scoil agus 445 scoláire a bhí ar rothar. Is i nDún Búinne a bhí an sciar ab airde scoláirí a bhí ag siúl nó a bhí ar rothar ag 77%. Bhí scoláirí Bhaile Íomhair i measc na ndaoine ba mhó is dóichí a bhainfeadh leas as an mbus ag 81%.  

Maidir leis na 7,377 mac léinn tríú leibhéal a bhí ag comaitéireacht, ba ar bhus an modh taistil ba choitianta ag 3,123 duine. Ba ag tiomáint a bhí 2,000 mac léinn agus ba ag siúl a bhí 546 mac léinn. Thaistil 431 mac léinn eile ar an traein, DART nó Luas agus chuaigh 60 mac léinn ar rothar.

Nótaí d'Eagarthóirí

  • Foilseofar Próifíl 8 (An Ghaeilge agus Oideachas) ar an 19 Nollaig 2023. Is féidir leat an Sceideal Foilsithe iomlán maidir le Daonáireamh 2022 a fháil ar an suíomh gréasáin.
  • Tá an Staidreamh Daonra um Ceantair Bheaga do Dhaonáireamh 2022 (SAPS) ar fáil freisin agus áirítear ann torthaí Dhaonáireamh 2022, ar fud 15 théama, do réimsí geografaíochta lena n-áirítear ceantair bheaga, bailte, toghlimistéir áitiúla, toghranna, contaetha agus cúigí.
  • Soláthraíonn torthaí an tSuirbhe ar an bhFórsa Saothair (SFS) an bunús do shraith oifigiúil na meastachán ráithiúil ar an bhfórsa saothair. Tá na figiúirí don fhórsa saothair agus a chomhghnéithe a thaispeántar sa tuarascáil seo bunaithe go díreach ar an daonáireamh.  Ba chóir d’úsáideoirí a bheith ar a n-airdeall go bhféadfadh difríochtaí suntasacha a bheith le sonrú san eolas a fuarthas ó cheisteanna comhionanna sa daonáireamh agus sa LFS don bhliain chéanna. Is iad na príomhchatagóirí a bhfuil tionchar orthu ná na gnéithe a bhaineann leis an gceist ar phríomhstádas eacnamaíochta agus na meastacháin fostaíochta arna rangú de réir tionscail agus slí bheatha. Chun tuilleadh eolais a fháil, féach ar Nótaí Cúlra na tuarascála.
  • Tá an fórsa saothair comhdhéanta de dhaoine atá 15 bliana d’aois agus níos sine atá fostaithe, ag lorg a gcéad phoist, nó dífhostaithe. Tugtar ráta rannpháirtíochta an fhórsa saothair ar chéatadán na ndaoine atá 15 bliana d’aois agus níos sine a ghlacann páirt san fhórsa saothair – seachas stádas eile a bheith acu amhail mac léinn, ar scor nó bean nó fear tí. Tomhaistear é mar líon na ndaoine san fhórsa saothair (ag obair nó dífhostaithe) arna léiriú mar chéatadán den daonra iomlán atá 15 bliana d’aois agus níos sine.
  • Ríomhtar an ráta dífhostaíochta mar líon na ndaoine atá dífhostaithe nó ag lorg a gcéad phoist mar sciar de gach duine 15 bliana d’aois agus níos sine a bhí ag obair, ag lorg a gcéad phoist nó dífhostaithe. Is ionann stádas dífhostaíochta duine agus an stádas eacnamaíoch féindearbhaithe a thaifead an duine ar an bhfoirm daonáirimh.
  • Tá bileog faisnéise ar Phróifíl 7 - Fostaíocht, Slite Beatha agus Comaitéireacht ar fáil ina n-áirítear an cur i láthair go léir agus roinnt comhaid ghearra fuaime i mBéarla ar na príomhthorthaí.
  • Tá grafaic eolais foilsithe do Dhaonáireamh 2022: Proifíl 7 - Fostaíocht, Slite Beatha agus Comaitéireacht. Déan teagmháil le pressoffice@cso.ie má theastaíonn an ghrafaic eolais uait i bhformáid ar leith.
  • Ceisteanna Coitianta maidir le Daonáireamh 2022 ar fáil.
  • Sainmhínithe - Féach na Nótaí Cúlra.

Teagmhálaithe

Kathleen Goulding (+353) 1 895 1413
Tony Downes (+353) 1 895 1319
R-phost censuspublicity@cso.ie
R-phostpressoffice@cso.ie

-- CRÍOCH --