Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

Preasráiteas

Próifíl 7 Dhaonáireamh 2022: Fostaíocht, Slite Beatha agus Comaitéireacht– An Ghaillimh

Preasráiteas de chuid an CSO, , 11rn

Bhí breis is 125,500 duine ag obair i nGaillimh in Aibreán 2022, ardú 14% ó 2016

Tá  an tuarascáil Daonáireamh 2022 Próifíl 7 - Fostaíocht, Slite Beatha agus Comaitéireacht eisithe ag an bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO) inniu (05 Nollaig 2023). Tarraingítear aird sa phreasráiteas seo ar roinnt de na príomhthorthaí do Ghaillimh. Tá liosta iomlán de phreasráitis na gcontaetha ar fáil.

Ráiteas an Staitisteora

Ag trácht di ar na torthaí, dúirt an Dr Tracy Clegg, Staitisteoir i Rannóg an Daonáirimh: “I bPróifíl 7, clúdaítear na hábhair a bhaineann le Fostaíocht, Dífhostaíocht agus Comaitéireacht lena gcuirtear staidreamh, anailís agus táblaí sonraí ar fáil.  Pléitear sa tuarascáil seo daoine atá ag obair nó dífhostaithe, slite beatha agus earnálacha tionsclaíochta chomh maith le patrúin chomaitéireachta oibrithe, mac léinn agus leanaí ar scoil nó i gcúram leanaí. Rud atá nua do Dhaonáireamh 2022 ná go bhfuil ábhair bhreise ann maidir le comaitéireacht chuig cúram leanaí agus an t-am a fhágann tú an t-ionad oibre, an scoil, an coláiste nó cúram leanaí, rud a chuireann eolas níos cruinne ar fáil faoi phatrúin taistil chomh maith le heolas faoi obair ón mbaile.”

Roinnt buaicphointí faoi Ghaillimh

Daoine ag Obair/Daoine Dífhostaithe

Bhí níos mó duine ná 224,000 daoine a bhí 15 bliana d’aois agus níos sine ina gcónaí sa chontae in Aibreán 2022 agus astu sin bhí níos mó ná 125,500 duine ag obair. Áirítear orthu sin níos mó ná 39,000 duine atá ag obair i gCathair na Gaillimhe agus níos mó ná 86,000 duine atá ag obair i gContae na Gaillimhe. Ardú 14% ar an iomlán a bhí ansin (as an líon níos mó ná 110,000 duine a taifeadadh mar dhaoine atá ag obair i nDaonáireamh 2016). Go náisiúnta, bhí 2.3 milliún duine ag obair in Aibreán 2022, sin ardú 16%.

Bhí níos mó ná 10,700 duine dífhostaithe i nGaillimh in Aibreán 2022. Bhí sé sin i bhfad níos ísle ná figiúr na bliana 2016 ina raibh níos mó ná 15,100 duine dífhostaithe (laghdú 29%). B’ionann an ráta dífhostaíochta i gCathair na Gaillimhe agus 9%, ach b’ionann é agus 7% i gContae na Gaillimhe. Go náisiúnta bhí beagnach 211,000 duine dífhostaithe i gcomparáid le níos mó ná 297,000 duine i nDaonáireamh 2016.  B’ionann an ráta dífhostaíochta agus 8% in 2022 i gcomparáid le 13% in 2016. 

Bhí níos mó ná 35,300 duine ar scor i nGaillimh, sin ardú 24% ó Dhaonáireamh 2016 i leith. Tháinig ardú 20% ar líon na ndaoine nach raibh in ann a bheith ag obair de bharr tinneas nó míchumas buan go dtí beagnach 9,500 duine.  Tháinig laghdú 15% ar líon na ndaoine a raibh cúraimí tí/teaghlaigh orthu go dtí níos mó ná 13,400 duine.

B’ionann an ráta rannpháirtíochta san fhórsa saothair i gCathair agus i gContae na Gaillimhe araon agus 61%, i comparáid le 61% go náisiúnta. B’ionann an ráta agus 56% i measc na mban i gCathair na Gaillimhe agus 67% i measc na bhfear. B’ionann an ráta rannpháirtíochta san fhórsa saothair i gContae na Gaillimhe agus 56% do mhná agus 66% d’fhir. Go náisiúnta bhí an treocht cosúil leis sin ag 56% do rannpháirtíocht san fhórsa saothair do mhná agus 67% d’fhir.

As na daoine sin a bhí ag obair i gCathair na Gaillimhe, bhí níos mó ná 28,600 duine fostaithe go lánaimseartha agus bhí níos mó ná 4,800 duine ag obair go páirtaimseartha. I gContae na Gaillimhe, bhí níos mó ná 65,000 duine fostaithe go lánaimseartha agus bhí beagnach 13,000 duine ag obair go páirtaimseartha.

An áit a raibh daoine ag obair

Bhí an líon ba mhó d’oibrithe i gCathair na Gaillimhe ag obair san earnáil déantúsaíochta agus bhí beagnach 5,900 duine i gceist. Ba í earnáil Ghníomhaíochtaí Shláinte an Duine agus na hOibre Sóisialta an chéad earnáil ba mhó eile le níos mó ná 5,200 oibrí agus ina dhiaidh sin bhí an earnáil Trádála Miondíola agus Mórdhíola le beagnach 4,400 oibrí. Sa chontae, bhí níos mó ná 13,500 duine fostaithe san earnáil Déantúsaíochta agus bhí níos mó ná 11,200 duine ag obair in earnáil Ghníomhaíochtaí Shláinte an Duine agus na hOibre Sóisialta. Bhí níos mó ná 9,600 oibrí ag obair san earnáil Trádála Miondíola agus Mórdhíola.

Obair ón mBaile

Bhí ceist nua san áireamh i nDaonáireamh 2022 inar fiafraíodh de dhaoine ar oibrigh siad riamh ón mbaile agus má d’oibrigh, cá mhéad lá sa tseachtain a bhí i gceist. I gCathair na Gaillimhe, dúirt beagnach 21,500 duine nár oibrigh siad riamh ón mbaile agus d’oibrigh níos mó ná 12,300 duine ón mbaile roinnt den am ar a laghad. Astu sin d’oibrigh díreach os cionn 4,000 duine ón mbaile cúig lá sa tseachtain, d’oibrigh díreach os cionn 2,000 duine ón mbaile lá amháin sa tseachtain agus rinne díreach níos lú ná 2,000 duine amhlaidh dhá lá gach seachtain.  Níor oibrigh beagnach 51,900 duine i gContae na Gaillimhe ón mbaile riamh agus bhí beagnach 25,600 duine ag obair ón mbaile cuid den am ar a laghad. Astu sin, d’oibrigh níos mó ná 6,500 duine ón mbaile cúig lá sa tseachtain, rinne beagnach 4,400 duine amhlaidh lá amháin sa tseachtain agus d’oibrigh díreach os cionn 4,300 duine ón mbaile dhá lá sa tseachtain.

Ag Taisteal chun na hOibre

Bhí beagnach 110,000 duine i nGaillimh ag taisteal chun na hoibre in Aibreán 2022. Ag tiomáint chun na hoibre a bhí formhór na ndaoine sin agus is i gcarr a thiomáin beagnach 70,200 duine chun na hoibre in 2022. Bhí comaitéirí i limistéar an chontae i measc na ndaoine ba mhó is dóichí a thiomáinfeadh chun na hoibre agus rinne 71% acu amhlaidh. Ar an iomlán, ar an mbus a thaistil níos mó ná 4,200 duine agus ar an traein/Dart/Luas a thaistil 500 duine. Maidir le taisteal gníomhach, ag siúl a bhí 9,012 duine chun na hoibre, ardú ó 8,872 duine in 2016 agus ar rothar a bhí 2,552 duine, ardú ó 2,498 duine ó 2016 i leith. I limistéar na cathrach, shiúil 16% de chomaitéirí chun na hoibre, an dara ráta ab airde sa tír. 

Bhí comaitéirí i nGaillimh ag taisteal ar feadh achar níos faide in Aibreán 2022, agus ba é 26.3 nóiméad an meántréimhse taistil a bhí acu i gcomparáid le 25.5 nóiméad in 2016. Go náisiúnta, tháinig méadú ar an meántréimhse taistil ó 28.2 nóiméad go 29.1 nóiméad idir 2016 agus 2022. Is ag comaitéirí i gCathair na Gaillimhe a bhí na meántreimhsí taistil ba ghiorra ag 23 nóiméad. Bhí tréimhse taistil turais idir 15 agus 30 nóiméad ag beagnach 31,500 comaitéir i nGaillimh agus bhí beagnach 23,900 duine ag taisteal ar feadh níos lú ná 15 nóiméad. Ar an iomlán, bhí tréimhse taistil 60 nóiméad agus níos faide ag níos mó ná 9,300 duine. Bhí comaitéirí i gCathair na Gaillimhe i measc na ndaoine ba lú is dóichí a bheadh turas fada chun na hoibre le déanamh acu ag 4%. 

Ag Taisteal chuig an Scoil, an Coláiste nó Cúram Leanaí

I nGaillimh, bhí beagnach 9,000 leanbh a bhí faoi 5 bliana d’aois ag taisteal chuig cúram leanaí nó an scoil. I gcarr a thaistil an chuid is mó acu sin (beagnach 7,500 duine), ag siúl a bhí 925 duine agus ar bhus a bhí 121.

As an gcuid is mó de bheagnach 29,700 leanbh in aois bunscoile (idir 5 agus 12 bhliain d’aois) a bhí ag taisteal chuig an scoil sa chontae in Aibreán 2022, i gcarr freisin a thaistil díreach os cionn 19,600 acu. Bhí leanaí bunscoile i limistéar an chontae i measc na ndaoine sin ba mhó is dóichí a rachadh chun na scoile i gcarr ag 70%. Ar an iomlán, is ag siúl a bhí beagnach 4,100 leanbh chuig an scoil agus ba é sin an dara modh taistil ba choitianta. Ar bhus a bhí beagnach 2,800 leanbh agus ar rothar a bhí 569 leanbh. Is ag leanaí i limistéar an chontae a raibh na tréimhsí taistil ba ghiorra chun na bunscoile go náisiúnta ag 10.2 nóiméad. Bhí an meántréimshe ab fhaide ag na leanaí sin i limistéar na cathrach ag 14.7 nóiméad.

Bhí os cionn 20,900 scoláire meánscoile (na daoine a bhí idir 13-18 mbliana d’aois) ag taisteal chun na scoile, lena n-áirítear beagnach 10,000 dalta ar tiomáineadh iad chuig an scoil i gcarr. Thiomáin beagnach 400 scoláire iad féin chuig an scoil. Bhain beagnach 6,400 scoláire leas as an mbus. Bhain 92 scoláire eile i nGaillimh leas as an traein. Ag siúl a bhí beagnach 2,500 scoláire chuig an scoil agus 386 scoláire a bhí ar rothar. 

Bhí beagnach 13,300 mac léinn tríú leibhéal ag comaitéireacht. Ba ag siúl an modh taistil ba choitianta a bhí ag beagnach 3,900 duine. Thiomáin níos mó ná 3,300 mac léinn tríú leibhéal chuig an gcoláiste. Ar bhus a bhí níos mó ná 2,400 mac léinn ag dul chuig an gcoláiste agus ar rothar a bhí 621 mac léinn. Thaistil 326 mac léinn eile ar an traein, DART nó Luas. Ba iad mic léinn Chathair na Gaillimhe ba mhó is dóichí a shiúlfadh chuig an gcoláiste, ag 45%. Bhí an meántréimhse taistil ba ghiorra chuig an gcoláiste le déanamh acu freisin ag 20.9 nóiméad.

Nótaí d'Eagarthóirí

  • Foilseofar Próifíl 8 (An Ghaeilge agus Oideachas) ar an 19 Nollaig 2023. Is féidir leat an Sceideal Foilsithe iomlán maidir le Daonáireamh 2022 a fháil ar an suíomh gréasáin.
  • Tá an Staidreamh Daonra um Ceantair Bheaga do Dhaonáireamh 2022 (SAPS) ar fáil freisin agus áirítear ann torthaí Dhaonáireamh 2022, ar fud 15 théama, do réimsí geografaíochta lena n-áirítear ceantair bheaga, bailte, toghlimistéir áitiúla, toghranna, contaetha agus cúigí.
  • Soláthraíonn torthaí an tSuirbhe ar an bhFórsa Saothair (SFS) an bunús do shraith oifigiúil na meastachán ráithiúil ar an bhfórsa saothair. Tá na figiúirí don fhórsa saothair agus a chomhghnéithe a thaispeántar sa tuarascáil seo bunaithe go díreach ar an daonáireamh.  Ba chóir d’úsáideoirí a bheith ar a n-airdeall go bhféadfadh difríochtaí suntasacha a bheith le sonrú san eolas a fuarthas ó cheisteanna comhionanna sa daonáireamh agus sa LFS don bhliain chéanna. Is iad na príomhchatagóirí a bhfuil tionchar orthu ná na gnéithe a bhaineann leis an gceist ar phríomhstádas eacnamaíochta agus na meastacháin fostaíochta arna rangú de réir tionscail agus slí bheatha. Chun tuilleadh eolais a fháil, féach ar Nótaí Cúlra na tuarascála.
  • Tá an fórsa saothair comhdhéanta de dhaoine atá 15 bliana d’aois agus níos sine atá fostaithe, ag lorg a gcéad phoist, nó dífhostaithe. Tugtar ráta rannpháirtíochta an fhórsa saothair ar chéatadán na ndaoine atá 15 bliana d’aois agus níos sine a ghlacann páirt san fhórsa saothair – seachas stádas eile a bheith acu amhail mac léinn, ar scor nó bean nó fear tí. Tomhaistear é mar líon na ndaoine san fhórsa saothair (ag obair nó dífhostaithe) arna léiriú mar chéatadán den daonra iomlán atá 15 bliana d’aois agus níos sine.
  • Ríomhtar an ráta dífhostaíochta mar líon na ndaoine atá dífhostaithe nó ag lorg a gcéad phoist mar sciar de gach duine 15 bliana d’aois agus níos sine a bhí ag obair, ag lorg a gcéad phoist nó dífhostaithe. Is ionann stádas dífhostaíochta duine agus an stádas eacnamaíoch féindearbhaithe a thaifead an duine ar an bhfoirm daonáirimh.
  • Tá bileog faisnéise ar Phróifíl 7 - Fostaíocht, Slite Beatha agus Comaitéireacht ar fáil ina n-áirítear an cur i láthair go léir agus roinnt comhaid ghearra fuaime i mBéarla ar na príomhthorthaí.
  • Tá grafaic eolais foilsithe do Dhaonáireamh 2022: Proifíl 7 - Fostaíocht, Slite Beatha agus Comaitéireacht. Déan teagmháil le pressoffice@cso.ie má theastaíonn an ghrafaic eolais uait i bhformáid ar leith.
  • Ceisteanna Coitianta maidir le Daonáireamh 2022 ar fáil.
  • Sainmhínithe - Féach na Nótaí Cúlra.

Teagmhálaithe

Kathleen Goulding (+353) 1 895 1413
Tony Downes (+353) 1 895 1319
R-phost censuspublicity@cso.ie
R-phostpressoffice@cso.ie

-- CRÍOCH --