Tá Próifíl 4 - Daoine le Míchumas, Sláinte agus Cúramóirí Dhaonáireamh 2022 eisithe ag an bPríomh-Oifig Staidrimh inniu (28 Meán Fómhair 2023). Tarraingítear aird sa phreasráiteas seo ar roinnt de na príomhthorthaí do Mhaigh Eo. Tá liosta iomlán de phreasráitis na gcontaetha ar fáil.
Tabhair ar aird go n-áirítear sna catagóirí deacrachtaí atá ag gabháil do dhuine mar gheall ar sheanaois.
Kathleen Goulding | (+353) 1 895 1413 |
---|---|
Tony Downes | (+353) 1 895 1319 |
R-phost | censuspublicity@cso.ie |
R-phost | pressoffice@cso.ie |
-- CRÍOCH --
Ráiteas an Staitisteora
Ag trácht di ar na torthaí, dúirt Sheelagh Bonham, Staitisteoir i Rannóg an Daonáirimh:
“Cuirtear sonraí agus anailís ar fáil i bPróifíl 4 Dhaonáireamh 2022 ar na deacrachtaí agus riochtaí fadtéarmacha atá ag gabháil do dhaoine, ar shláinte an náisiúin agus ar chúramóirí a chuireann cúram gan íocaíocht ar fáil. I nDaonáireamh 2022, rinneadh athbhreithniú ar an dá cheist (C15 agus C16) ar dheacrachtaí agus riochtaí fadtéarmacha chun a chur ar chumas daoine chomh mór is atá na deacrachtaí agus riochtaí sin ag gabháil dóibh a chur in iúl, rud a chuidigh linn léargas níos fearr a fháil ar an ábhar (Féach Nóta an Eagarthóra thíos chun tuilleadh eolais a fháil).
“Le torthaí an lae inniu, cuirtear sonraí ríthábhachtacha ar fáil chun cuidiú linn súil a choinneáil ar na príomhfhorbairtí sna réimsí seo. Tá eolas faoi dhaoine a chaitheann tobac ar fáil sna torthaí den chéad uair riamh, mar thoradh ar cheist nua i nDaonáireamh 2022, lena n-áirítear a mhinice is a chaitheann daoine tobac agus an méid daoine a d’éirigh as bheith ag caitheamh tobac.”
Torthaí do Mhaigh Eo
Daoine le Míchumas
I mí Aibreáin 2022 i Maigh Eo, thuairiscigh os cionn 30,000 duine (22% de dhaonra an chontae) go bhfuil deacracht nó riocht fadtéarmach amháin ar a laghad ag gabháil dóibh ar leibhéal ar bith. Astu sin, thuairiscigh 11,438 duine (8% de dhaonra an chontae) go bhfuil deacracht nó riocht fadtéarmach amháin ar a laghad ag gabháil go han-mhór dóibh nó go mór dóibh. Thuairiscigh 18,636 duine eile (14% de dhaonra an chontae) go raibh deacracht nó riocht fadtéarmach amháin ar a laghad ag gabháil dóibh go pointe áirithe nó de bheagán.
Go náisiúnta, thuairiscigh 1.1 milliún duine (22%) go raibh deacracht nó riocht fadtéarmach amháin ar a laghad ag gabháil dóibh ar leibhéal ar bith agus astu sin bhí 407,342 duine ann (8%) a raibh deacracht nó riocht fadtéarmach ag gabháil go han-mhór dóibh agus 702,215 duine ann (14%) a raibh sé ag gabháil dóibh go pointe áirithe.
In Éirinn tríd is tríd, bhí níos mó baineannach (22%) ná fireannaigh (21%) a raibh deacracht nó riocht fadtéarmach ag gabháil dóibh ar leibhéal ar bith. I Maigh Eo, ba ag 22% do bhaineannaigh agus 21% d’fhireannaigh a bhí an ráta seo.
Sláinte
Bhí cúig rogha freagraí ag an gceist faoi shláinte ghinearálta ar fhoirm an daonáirimh agus ba iad na roghanna sin ná an-mhaith, go maith, réasúnta, go dona agus an-dona. Dúirt os cionn 115,000 duine (83%) sa chontae go raibh a sláinte an-mhaith nó go maith i nDaonáireamh 2022. Ba laghdú é sin ó 86% i nDaonáireamh 2016 agus 87% i nDaonáireamh 2011. Go náisiúnta, bhí sláinte mhaith nó sláinte an-mhaith ag 83% de dhaoine agus ba laghdú é sin ó 87% in 2016 agus 88% in 2011.
I measc bhaineannaigh an chontae, thuairiscigh 35,662 acu (51%) go raibh a sláinte an-mhaith, chomh maith le 52% d’fhireannaigh (35,224).
Bhí 2,616 duine ann freisin a thuairiscigh go raibh a sláinte go dona nó an-dona sa chontae agus b’ardú é sin ó 2,303 duine in 2016.
Caitheamh Tobac
I Maigh Eo, bhí níos mó ná 11,300 duine ag caitheamh tobac gach lá in Aibreán 2022 agus b’ionann sin agus 8% den daonra i gcomparáid le 9% go náisiúnta. Bhí díreach os cionn 5,700 duine ag caitheamh tobac anois agus arís (4%) agus d’éirigh le díreach os cionn 30,000 duine as bheith ag caitheamh tobac (22%). Dúirt níos mó ná 83,500 duine nár chaith siad tobac riamh (61%). Go náisiúnta, níor chaith 60% den daonra tobac riamh. Bhí an líon fireannach a chaitheann tobac gach lá níos mó ná an líon baineannach (6,622 fireannach i gcomparáid le 4,690 baineannach).
Cúramóirí
Bhí níos mó ná 9,400 cúramóir gan íocaíocht i Maigh Eo in Aibreán 2022 agus b’ionann sin agus 7% de dhaonra an chontae i gcomparáid le 5% in 2016. Go náisiúnta, bhí beagnach 300,000 cúramóir gan íocaíocht ann nó 6% den daonra agus b’ardú é sin ó 4% sa daonáireamh roimhe seo.
Ba iad na baineannaigh sa chontae ba mhó is dóichí a bhí ina gcúramóirí ná fireannaigh agus ba bhaineannaigh iad 59% de na cúramóirí ar fad agus tá an treocht sin cosúil leis an bhfigiúr náisiúnta. Bhí 5,570 cúramóir mná (8% de na baineannaigh ar fad) i Maigh Eo i gcomparáid le 3,889 cúramóir fir (6% de na fireannaigh ar fad).
Bhí 180 cúramóir i Maigh Eo a bhí faoi 15 bliana d’aois agus a bhí ag cur cúram rialta gan íocaíocht ar fáil agus ba mhéadú é sin ar an mbliain 2016 nuair a bhí 105 cúramóir óg ann.
Chomh maith leis an méadú ar an líon cúramóirí, bhí roinnt arduithe suntasacha le feiceáil sa tréimhse idir 2016 agus 2022 maidir le huaireanta an chloig de chúram a cuireadh ar fáil. Tháinig méadú faoi dhó ó 1,319 in 2016 go 2,702 in 2022 ar an líon cúramóirí i Maigh Eo a bhí ag cur 43 uair an chloig nó níos mó de chúram gan íocaíocht ar fáil gach seachtain.