Tá Próifíl 1 Dhaonáireamh 2022 - Dáileadh agus Gluaiseachtaí Daonra eisithe inniu (29 Meitheamh 2023) ag an bPríomh-Oifig Staidrimh ina dtugtar sonraí ar na hathruithe daonra go náisiúnta i ngach contae ó bhí Daonáireamh 2016 ar siúl. Áirítear i measc roinnt de na topaicí a chlúdaítear an dáileadh daonra i ngach contae, áit bhreithe chónaitheoirí an Stáit i ngach contae (ie cibé ar rugadh nó nach rugadh iad laistigh den chontae, in áit éigin eile in Éirinn nó lasmuigh d’Éirinn) agus gluaiseachtaí daonra go dtí gach contae, laistigh de gach contae agus lasmuigh de gach contae. Tá an Phríomh-Oifig Staidrimh ag eisiúint faisnéis Dhaonáireamh 2022 ag leibhéal na dToghranna freisin, ina dtabharfar breis eolais áitiúil faoi dháileadh an daonra ar fud na tíre. Tarraingítear aird sa phreasráiteas seo ar roinnt de na príomhathruithe ar Bhaile Átha Cliath. Tá liosta iomlán de phreasráitis na gcontaetha ar fáil.
Kathleen Goulding | (+353) 1 895 1413 |
---|---|
Tony Downes | (+353) 1 895 1319 |
R-phost | censuspublicity@cso.ie |
R-phost | pressoffice@cso.ie |
-- CRÍOCH --
Trácht an Staitisteora
Ag trácht dí ar na torthaí, dúirt an Dr Tracy Clegg, Staitisteoir i Rannóg an Daonáirimh: “Tugtar saibhreas eolais dúinn i bPróifíl 1, atáimid a fhoilsiú inniu, faoi athruithe ar an daonra inár gcontaetha, bailte agus cathracha ó Aibreán 2016. Tugtar sonraí mionsonraithe ann ar dháileadh an daonra ar fud ár gcuid bailte agus cathracha agus ar phróifíl na n-aoiseanna, ar áit bhreithe ghnáthchónaitheoirí gach contae, mar aon le sonraí ar ghluaiseachtaí daonra go dtí gach contae, laistigh de gach contae agus lasmuigh de gach contae.
Maidir le Baile Átha Cliath, ba é Sord an baile a bhí fós ar an mbaile ba mhó, le daonra 40,776 in Aibreán 2022.”
Torthaí do Bhaile Átha Cliath
Próifíl Aoise na mBailte
Maidir leis na bailte a raibh daonra 500 duine ar a laghad iontu in Aibreán 2022, ba é Teach Sagard an baile leis an daonra is óige leis an meánaois 30.4 bliain. Ba é Loch Sionnaigh an baile leis an daonra is sine leis an meánaois 45 bliain. Ba é 38.8 bliain an mheánaois go náisiúnta.
Áit Bhreithe
In Aibreán 2022, rugadh 64% de ghnáthchónaitheoirí Bhaile Átha Cliath (922,744 duine) sa chontae sin. Rugadh 11% eile acu (151,440 duine) in áit eile sa Stát. Rugadh an 25% (362,478 duine) atá fanta taobh amuigh den Stát, agus is ardú é sin ó 21% sa bhliain 2016. Rugadh 20% den ghnáthdhaonra cónaithe go náisiúnta taobh amuigh den Stát in Aibreán 2022.
Daoine agus Lionta Tí a bhog
As na daoine a raibh cónaí orthu i mBaile Átha Cliath, bhog 93,473 duine le linn na bliana roimh Dhaonáireamh 2022. Bhog formhór acu sin (71,519 duine nó 77%) chuig áit eile laistigh den chontae. Bhog 265,098 gnáthchónaitheoir go náisiúnta le linn na bliana suas go dtí Aibreán 2022. Bhog 71% astu sin chuig teach nua sa chontae céanna.
Maidir le 20% de na líonta tí a bhog i mBaile Átha Cliath ba leo an teach nua a bhí acu le hiasacht nó morgáiste agus ba le 7% acu a dteach nua gan iasacht nó morgáiste. Maidir le 23% de na líonta tí a bhog go náisiúnta ba leo an teach nua a bhí acu le hiasacht nó morgáiste agus ba leo 11% acu a dteach nua gan iasacht nó morgáiste.
Maidir leis na líonta tí a bhog i mBaile Átha Cliath, is chuig árasán (55%) is mó is dóichí a bhog siad ná mar a bhog daoine go náisiúnta (34%). Níor bhog ach líon tí amháin as gach fiche líon tí (5%) a bhog i mBaile Átha Cliath chuig teach scoite i gcomparáid le 23% a bhog go náisiúnta.