Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

Preasráiteas

Éire san AE le 50 Bliain - An tAthrú Geilleagrach agus Sóisialta in Éirinn 1973-2023

Preasráiteas de chuid an CSO, , 11rn

50 Bliain de bhallraíocht na hÉireann san AE á chomóradh ag an bPríomh-Oifig Staidrimh

Preasráiteas

Inniu (17 Deireadh Fómhair 2023), d'eisigh an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) Éire san AE le 50 Bliain - An tAthrú Geilleagrach agus Sóisialta in Éirinn 1973-2023.

Chuaigh Éire isteach i gComhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (ECC) ar an 01 Eanáir 1973 in éineacht leis an Ríocht Aontaithe agus an Danmhairg, agus ag an am sin sé thír eile a bhí san AE. Le 50 bliain anuas tá Éire athraithe ó oileán ar imeall na hEorpa go ball luachmhar rathúil den AE, a bhfuil 27 ballstát ann anois.

Léiríonn an tuairisc seo cuid de na hathruithe i stair eacnamaíoch agus shóisialta na hÉireann chun an chloch mhíle 50 bliain seo a chomóradh roimh Lá Staidrimh na hEorpa ar an 20 Deireadh Fómhair. Cé nach í ár mballraíocht san AE is cúis le gach athrú, bhí sí ina fachtóir suntasach agus muid ag féachaint ar dhul chun cinn eacnamaíoch agus sóisialta na hÉireann.

Athrú a Léiriú le hImeacht Ama

Agus muid ag baint úsáid as sonraí chun cuid de na hathruithe seo a léiriú, is féidir a fheiceáil go raibh 24% den lucht saothair in earnáil na Talmhaíochta in 1973, i gcomparáid le díreach 4% in 2022. Bhí 45% den lucht saothair in earnáil na Seirbhísí, a d'fhás go 77% in 2022. Tháinig athrú suntasach freisin ar an méid airgid a thuill daoine, le meántuilleamh seachtainiúil oibrithe tionsclaíocha ag IR£30.12 (€38.25) in 1973 agus €825.01 in 2022.

Ba IR£7,095 (€9,009) in 1973 an meánchostas a bhain le maoin chónaithe i gcomparáid le €318,000 i Meitheamh 2023. Léiríonn an chaibidil ar phraghsanna réadmhaoine cónaithe na praghsanna athraitheacha le linn na mblianta agus is féidir a fheiceáil go raibh na meánphraghsanna fós faoi bhun €90,000 fiú sna 1990í, ansin €267,589 sna 2000í rud a bhain le geilleagar an Tíogair Cheiltigh, ach thit sé go dtí €244,917 in 2010 sular thosaigh sé ag ardú arís.

Insíonn an tInnéacs Praghsanna do Thomhaltóirí (CPI) agus an ciseán earraí a roghnaíodh a scéal féin. Sna 1970í, bhailigh an Phríomh-Oifig Staidrimh sonraí maidir le praghas jin agus tonaic agus vodca agus líomanáid mar dhíolachán tolglainne, is dócha mar nach dtabharfadh go leor tithe tábhairne cead do mhná deoch a ól ach amháin i dtolglann an bheáir. Ní bhailíonn an Phríomh-Oifig Staidrimh anois ach praghas tomhas biotáilte mar a dhíoltar i mbeár é. Tá sé suimiúil a thabhairt faoi deara nár bailíodh praghas buidéil fíona ach amháin in 1975 mar dhíolachán bialainne amháin.

Agus muid ag féachaint ar réimse na cumarsáide, bhailigh ciseán na n-earraí don CPI in 1975 an praghas a bhí ar ghlao teileafóin agus ar theileagram a sheoladh, agus anois bailíonn sé na costais a bhaineann le fóin phóca agus seirbhísí leathanbhanda.

Is féidir athruithe sóisialta a léiriú le rogha na n-ainmneacha leanaí. In 1973 ba iad John agus Mary na hainmneacha ba choitianta do chailíní agus do bhuachaillí agus d'fhan sé mar sin go dtí na 1980í. Faoi 2022, 36 buachaill ar tugadh an t-ainm John orthu, agus ba é Jack an rogha ba choitianta; 87 cailín ar tugadh an t-ainm Mary orthu in 2022 agus ba é Emily an t-ainm ba choitianta do chailíní. Tháinig méadú suntasach ar éagsúlacht rogha na n-ainmneacha le linn an ama sin, le níos mó ná 2,500 ainm dhifriúla in 1972 agus beagnach 9,000 ainm in 2022.

Is suimiúil a thabhairt faoi deara gurb é Ford an déanamh cairr ba mhó a ceadúnaíodh in 1972 ach ní fiú is go bhfuil an déanamh sin sna 10 gcarr is mó tóir a thuilleadh, le Toyota agus Hyundai tagtha ina áit. In 1972, níor ceadúnaíodh ach Toyota amháin an bhliain sin, agus in 2022 ceadúnaíodh níos mó ná 15,000 acu. Cláraíodh agus ceadúnaíodh dhá Porsche den chéad uair in 1972, agus in 2022, 376 acu a bhí ann.

Tháinig athrú mór ar ár rathúnas eacnamaíoch freisin mar is léir ón athrú mór a tháinig ar Iarmhéid na Trádála in Earraí a chuaigh ó -IR£268 milliún (-€340 milliún) in 1973 go +€67.6 billiún in 2022. Bhí Olltáirgeacht Intíre (OTI) i dtéarmaí réadacha in 2022 níos mó ná 10 n-oiread 1973.

Is é ár lucht saothair oilte is cúis le cuid dár rath eacnamaíoch. Bhí 181,039 duine in oideachas lánaimseartha tríú leibhéal in 2016-2017, méadú 583% ar bhliain acadúil 1972-1973 nuair a d'fhreastail 26,490 mac léinn ar an gcoláiste. Léiríonn na figiúirí is deireanaí go bhfuil Éire sa dara háit san Eoraip anois ó thaobh gnóthachtáil oideachais tríú leibhéal de.

Chun tuilleadh eolais a fháil ar an athrú sóisialta agus eacnamaíoch in Éirinn ó 1973-2023 agus chun léargas a fháil ar chuid de na hathruithe sin, féach ar an bhfoilseachán iomlán.

Nótaí d'Eagarthóirí

Ba thionscadal suimiúil é comparáid a dhéanamh idir na sonraí le linn na tréimhse ama seo. Aimsíodh cuid de na sonraí ó na 1970í agus na 1980í i gcartlann bhliantúil na Príomh-Oifige Staidrimh. Léiríonn roghanna na caibidle san fhoilseachán seo infhaighteacht sonraí a théann siar 50 bliain.

Tháinig forbairt leanúnach ar mhodheolaíocht, ar mhodhanna bailithe agus ar théarmaíocht, rud a chiallaíonn go mb'fhéidir nach mbeimid in ann comparáidí díreacha a dhéanamh ná sraith ama a úsáid nach dtagann faoi shainchúram docht an chuardaigh 50 bliain seo. Mar shampla, cé gur taifeadadh alcól, toitíní agus breosla i gciseán earraí 1973, níor foilsíodh meánphraghsanna náisiúnta na n-earraí sin ach ó 1983 ar aghaidh agus dá bhrí sin tá sé deacair comparáid a dhéanamh idir praghsanna iarbhír ó 1973 agus anois.

Teagmhálaithe

Colette Keane (+353) 21 453 5564
Moira Buckley (+353) 21 453 5028
R-phost pressoffice@cso.ie