Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

Preasráiteas

Daonáireamh 2022 - Torthaí Achoimre

Preasráiteas de chuid an CSO, , 11rn

Taispeánann torthaí achoimre ó Dhaonáireamh 2022 gur fhás daonra Phort Láirge go 127,363

Tá an tuarascáil ‘Daonáireamh 2022 – Torthaí Achoimre’, inar dtugtar sonraí ar na hathruithe daonra ag leibhéal náisiúnta ó Aibreán 2016, foilsithe inniu (30 Bealtaine 2023) ag an bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO). Tá na torthaí briste síos againn chomh maith ag leibhéal contae agus tarraingítear aird sa phreasráiteas seo ar roinnt de na príomhathruithe do Phort Láirge. Tá liosta iomlán de phreasráitis na gcontaetha ar fáil.

Trácht an Staitisteora

Ag trácht dó ar na torthaí, dúirt Cormac Halpin, Staitisteoir Sinsearach i Rannóg an Daonáirimh: “Tugann torthaí Dhaonáireamh 2022 an lae inniu léargas ar leith agus luachmhar dúinn ar an Éire a bhfuilimid ag maireachtáil ann sa lá atá inniu ann.

Ag féachaint ar na torthaí ag leibhéal contae, léiríonn Daonáireamh 2022 gur fhás daonra Phort Láirge 10% go dtí 127,363 duine, rud a chiallaíonn gur ardaigh líon na ndaoine sa chontae 11,187 idir Aibreán 2016 agus Aibreán 2022. Sa tréimhse chéanna sin, d’fhás daonra na hÉireann 8% ó 4,761,865 duine go dtí 5,149,139 duine.

Torthaí do Phort Láirge

Daonra - Fireannaigh agus Baineannaigh

Maidir le daonra Phort Láirge, ba bhaineannaigh iad 64,268  díobh agus b’fhireannaigh iad 63,095  díobh, rud a chiallaíonn go raibh 98 fireannach ann in aghaidh gach 100 baineannach. In Éirinn ar an iomlán, ba bhaineannaigh iad 2,604,590  agus b’fhireannaigh iad 2,544,549  nó 98 fireannach in aghaidh gach 100 baineannach. 

Daonra de réir Aoise

Ba 39.9 bliain meánaois dhaonra Phort Láirge in Aibreán 2022, i gcomparáid le 38.4 mbliana in Aibreán 2016. Go náisiúnta, ba é 38.8 meánaois an daonra – méadú ó 37.4 i mí Aibreáin 2016. 

Tá fás ag teacht go fóill ar líon na ndaoine atá 65 bliana d’aois nó níos sine. Mhéadaigh an t-aoisghrúpa seo 21% go 21,032  duine i bPort Láirge agus 22% go 776,315  duine ag leibhéal náisiúnta ó 2016 i leith.

Déshaoránaigh Éireannacha

I bPort Láirge, d’ardaigh líon na ndéshaoránach Éireannach ó 2,216 go 3,562 duine agus ba shaoránaigh neamh-Éireannacha a bhí i 11% de dhaonra an chontae. Go náisiúnta, mhéadaigh déshaoránacht Éireannach 63% ó 104,784 go 170,597 duine agus ba shaoránaigh neamh-Éireannacha iad 12% den daonra.

Colscaradh/Idirscaradh

Tá cionroinn na ndaoine idirscartha agus colscartha i bPort Láirge fanta seasta ag 7% den daonra (aois 15 agus níos sine), mar an gcéanna le 2016. 6% an chomparáid náisiúnta a bhí ann in 2022 agus 2016 araon.

Sláinte

In 2022, thug 82% de dhaoine i bPort Láirge le fios go raibh a sláinte go maith nó an-mhaith i gcomparáid le 87% in 2016. Tá an treocht seo cosúil leis na figiúirí náisiúnta inar léiríodh laghdú 4% ar na catagóirí go maith/an-mhaith ó 87% go 83%.

Cainteoirí Gaeilge

48,106 an líon daoine (trí bliana nó níos sine) a thug le fios i bPort Láirge go raibh siad ábalta Gaeilge a labhairt i gcomparáid le 45,321 in 2016. Laistigh den fhigiúr sin, dúirt 1,800 gur labhair siad Gaeilge go laethúil agus dúirt 2,865 gur labhair siad Gaeilge go seachtainiúil. Go náisiúnta, 1,873,997 duine a thug le fios go raibh siad ábalta Gaeilge a labhairt, le 71,968 á labhairt go laethúil agus 115,065 á labhairt go seachtainiúil.

Fostaíocht

55,330 duine (15 bliana agus níos sin) a bhí ag obair i bPort Láirge, ardú 9,735 duine (+21%) idir 2016 agus 2022. Go náisiúnta, bhí 313,656 duine breise (+16%) ag obair.

Obair ón mBaile

I bPort Láirge, 13,908 duine (15 bliana agus níos sine) a bhí ag obair ón mbaile lá amháin ar a laghad sa tseachtain in 2022. B’ionann sin agus 25% den fhórsa saothair. Ba 32% an figiúr náisiúnta.

Cúram Leanaí

Ba cheist nua í seo do Dhaonáireamh 2022. 24,463  leanbh a bhí 15 bliana nó níos óige a bhí i bPort Láirge in Aibreán 2022. Astu sin, bhí 8,078 (33%) i gcúram leanaí, i gcomparáid le 33% go náisiúnta.

Tionacht

In 2022, bhí úinéireacht ag 65% de líonta tí i bPort Láirge ar a dteach féin, le háiteanna ar cíos ag 29% eile. Cuirtear é sin i gcomparáid le 66% de líonta tí a bhfuil úinéireacht acu ar a dteach féin agus áiteanna ar cíos ag 28% go náisiúnta.

Taisceadán Todhchaí

I bPort Láirge, scríobh 19% de líonta tí teachtaireacht sa Taisceadán Todhchaí. Go náisiúnta, ba 19% an figiúr sin. (Féach Nóta an Eagarthóra thíos).

 

 

Nóta Buíochais

Ag trácht dó ar rannpháirtíocht i nDaonáireamh 2022, dúirt Cormac Halpin: “Ní bheadh sé ar ár gcumas torthaí Dhaonáireamh 2022 a bhaint amach murach an fhreagairt thar a bheith dearfach a fuaireamar ón bpobal agus gabhaimid buíochas le gach duine a líon amach a bhfoirm dhaonáirimh ar an 03 Aibreán 2022. Ba mhaith linn buíochas a ghabháil freisin le gach duine a raibh baint acu le feachtas Dhaonáireamh 2022 a raibh foilsiú rathúil na dtorthaí an lae inniu mar bhailchríoch air.

Nótaí d'Eagarthóirí

  • Is iad Torthaí Achoimre an lae inniu an chéad cheann i sraith de thuarascálacha ar Dhaonáireamh 2022. Ar feadh an chuid eile den bhliain, déanfaimid ocht gcinn de thuarascálacha téamacha a fhoilsiú ina bhfiosrófar réimse d’ábhair amhail tithíocht, daoine gan dídean, agus creideamh ar bhealach níos mionsonraithe. Is iad seo a leanas teidil na dtuarascálacha:
    • Próifíl 1 - Dáileadh agus Gluaiseachtaí Daonra
    • Próifíl 2 - Tithíocht in Éirinn
    • Próifíl 3 - Líonta Tí, Teaghlaigh agus Cúram Leanaí
    • Próifíl 4 - Daoine faoi Mhíchumas, Sláinte agus Cúramóirí
    • Próifíl 5 - Éagsúlacht, Imirce, Eitneachas, An Lucht Siúil, agus Creideamh
    • Próifíl 6 - Daoine gan dídean
    • Próifíl 7 - Fostaíocht, Slite Beatha agus Comaitéireacht
    • Próifíl 8 - An Ghaeilge agus Oideachas
  • Foilseofar an Staidreamh Daonra um Cheantair Bheaga (SAPS), ar staidreamh iad a tháirgtear do réimse de leibhéil gheografacha ón Stát go ceantair bheaga i Meán Fómhair. Is féidir leat an Sceideal Foilsithe iomlán maidir le Daonáireamh 2022 a fháil. 
  • Ceisteanna Coitianta maidir le Daonáireamh 2022 ar fáil.
  • grafaic faisnéise foilsithe do ‘Daonáireamh 2022 – Torthaí Achoimre’. Déan teagmháil le pressoffice@cso.ie má theastaíonn an ghrafaic faisnéise uait i bhformáid ar leith.
  • Is faisnéis faoin líon Taisceadán Todhchaí a líonadh in 2022 agus sin amháin a bheidh á ligean le fios ag an CSO. Níor gabhadh aon fhaisnéis eile ó rannóg na dTaisceadán Todhchaí le linn phróiseáil an daonáirimh. Stórálfar na Taisceadáin Todhchaí go slán ar feadh 100 bliain i gcomhréir le hAirteagal 35 den Acht Staidrimh, 1993, agus scaoilfear iad ina dhiaidh sin leis an bpobal.

Teagmhálaithe

Kathleen Goulding (+353) 1 895 1413
Tony Downes (+353) 1 895 1319
R-phost censuspublicity@cso.ie

-- CRÍOCH --