Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

Preasráiteas

Daonáireamh 2022 - Torthaí Achoimre

Preasráiteas de chuid an CSO, , 11rn

Taispeánann torthaí achoimre ó Dhaonáireamh 2022 gur fhás daonra Luimnigh go 209,536

Tá an tuarascáil ‘Daonáireamh 2022 – Torthaí Achoimre’, inar dtugtar sonraí ar na hathruithe daonra ag leibhéal náisiúnta ó Aibreán 2016, foilsithe inniu (30 Bealtaine 2023) ag an bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO). Tá na torthaí briste síos againn chomh maith ag leibhéal contae agus tarraingítear aird sa phreasráiteas seo ar roinnt de na príomhathruithe do Luimneach. Tá liosta iomlán de phreasráitis na gcontaetha ar fáil.

Trácht an Staitisteora

Ag trácht dó ar na torthaí, dúirt Cormac Halpin, Staitisteoir Sinsearach i Rannóg an Daonáirimh: “Tugann torthaí Dhaonáireamh 2022 an lae inniu léargas ar leith agus luachmhar dúinn ar an Éire a bhfuilimid ag maireachtáil ann sa lá atá inniu ann.

Ag féachaint ar na torthaí ag leibhéal contae, léiríonn Daonáireamh 2022 gur fhás daonra Luimnigh 8% go dtí 209,536 duine, rud a chiallaíonn gur ardaigh líon na ndaoine sa chontae 14,637 idir Aibreán 2016 agus Aibreán 2022. Sa tréimhse chéanna sin, d’fhás daonra na hÉireann 8% ó 4,761,865 duine go dtí 5,149,139 duine.

Torthaí do Luimneach

Daonra - Fireannaigh agus Baineannaigh

Maidir le daonra Luimnigh, ba bhaineannaigh iad 105,084 díobh agus b’fhireannaigh iad 104,452 díobh, rud a chiallaíonn go raibh 99 fireannach ann in aghaidh gach 100 baineannach. In Éirinn ar an iomlán, ba bhaineannaigh iad 2,604,590 agus b’fhireannaigh iad 2,544,549 nó 98 fireannach in aghaidh gach 100 baineannach.

Daonra de réir Aoise

Ba 39.3 bliain meánaois dhaonra Luimnigh in Aibreán 2022, i gcomparáid le 37.7 mbliana in Aibreán 2016. Go náisiúnta, ba é 38.8 meánaois an daonra – méadú ó 37.4 i mí Aibreáin 2016.

Tá fás ag teacht go fóill ar líon na ndaoine atá 65 bliana d’aois nó níos sine. Mhéadaigh an t-aoisghrúpa seo 23% go 33,588 duine i Luimneach agus 22% go 776,315 duine ag leibhéal náisiúnta ó 2016 i leith.

Déshaoránaigh Éireannacha

I Luimneach, d’ardaigh líon na ndéshaoránach Éireannach ó 3,258 go 5,487 duine agus ba shaoránaigh neamh-Éireannacha a bhí i 11% de dhaonra an chontae. Go náisiúnta, mhéadaigh déshaoránacht Éireannach 63% ó 104,784 go 170,597 duine agus ba shaoránaigh neamh-Éireannacha iad 12% den daonra.

Colscaradh/Idirscaradh

Tá cionroinn na ndaoine idirscartha agus colscartha i Luimneach fanta seasta ag 6% den daonra (aois 15 agus níos sine) i gcomparáid le 6% in 2016. 6% an chomparáid náisiúnta a bhí ann in 2022 agus 2016 araon.

Sláinte

In 2022, thug 80% de dhaoine i Luimneach le fios go raibh a sláinte go maith nó an-mhaith i gcomparáid le 86% in 2016. Go náisiúnta, thug 83% de dhaoine le fios go raibh a sláinte go maith nó an-mhaith i gcomparáid le 87% in 2016.

Cainteoirí Gaeilge

78,172 an líon daoine (trí bliana nó níos sine) a thug le fios i Luimneach go raibh siad ábalta Gaeilge a labhairt i gcomparáid le 77,313 in 2016. Laistigh den fhigiúr sin, dúirt 1,853 gur labhair siad Gaeilge go laethúil agus dúirt 4,319 gur labhair siad Gaeilge go seachtainiúil. Go náisiúnta, 1,873,997 duine a thug le fios go raibh siad ábalta Gaeilge a labhairt, le 71,968 á labhairt go laethúil agus 115,065 á labhairt go seachtainiúil.

Fostaíocht

90,623 duine (15 bliana agus níos sin) a bhí ag obair i Luimneach, ardú 13,438 duine (+17%) idir 2016 agus 2022. Go náisiúnta, bhí 313,656 duine breise (+16%) ag obair.

Obair ón mBaile

I Luimneach, 24,866 duine (15 bliana agus níos sine) a bhí ag obair ón mbaile lá amháin ar a laghad sa tseachtain in 2022. B’ionann sin agus 27% den fhórsa saothair. Ba 32% an figiúr náisiúnta.

Cúram Leanaí

Ba cheist nua í seo do Dhaonáireamh 2022. 39,474 leanbh a bhí 15 bliana nó níos óige a bhí i Luimneach in Aibreán 2022. Astu sin, bhí 12,568 (32%) i gcúram leanaí, i gcomparáid le 33% go náisiúnta.

Tionacht

In 2022, bhí úinéireacht ag 65% de líonta tí i Luimneach ar a dteach féin, le háiteanna ar cíos ag 27% eile. Cuirtear é sin i gcomparáid le 66% de líonta tí a bhfuil úinéireacht acu ar a dteach féin agus áiteanna ar cíos ag 28% go náisiúnta.

Taisceadán Todhchaí

I Luimneach, scríobh 18% de líonta tí teachtaireacht sa Taisceadán Todhchaí. Go náisiúnta, ba 19% an figiúr sin. (Féach Nóta an Eagarthóra thíos).

 

 

Nóta Buíochais

Ag trácht dó ar rannpháirtíocht i nDaonáireamh 2022, dúirt Cormac Halpin: “Ní bheadh sé ar ár gcumas torthaí Dhaonáireamh 2022 a bhaint amach murach an fhreagairt thar a bheith dearfach a fuaireamar ón bpobal agus gabhaimid buíochas le gach duine a líon amach a bhfoirm dhaonáirimh ar an 03 Aibreán 2022. Ba mhaith linn buíochas a ghabháil freisin le gach duine a raibh baint acu le feachtas Dhaonáireamh 2022 a raibh foilsiú rathúil na dtorthaí an lae inniu mar bhailchríoch air.

 

Nótaí d'Eagarthóirí

  • Is é Tuarascáil Achoimre an lae inniu an chéad cheann i sraith de thuarascálacha ar Dhaonáireamh 2022. Ar feadh an chuid eile den bhliain, déanfaimid ocht gcinn de thuarascálacha téamacha a fhoilsiú ina bhfiosrófar réimse d’ábhair amhail tithíocht, daoine gan dídean, agus creideamh ar bhealach níos mionsonraithe. Is iad seo a leanas teidil na dtuarascálacha:
    • Próifíl 1 - Dáileadh agus Gluaiseachtaí Daonra
    • Próifíl 2 - Tithíocht in Éirinn
    • Próifíl 3 - Líonta Tí, Teaghlaigh agus Cúram Leanaí
    • Próifíl 4 - Daoine faoi Mhíchumas, Sláinte agus Cúramóirí
    • Próifíl 5 - Éagsúlacht, Imirce, Eitneachas, An Lucht Siúil, agus Creideamh
    • Próifíl 6 - Daoine gan dídean
    • Próifíl 7 - Fostaíocht, Slite Beatha agus Comaitéireacht
    • Próifíl 8 - An Ghaeilge agus Oideachas
  • Foilseofar an Staidreamh Daonra um Cheantair Bheaga (SAPS), ar staidreamh iad a tháirgtear do réimse de leibhéil gheografacha ón Stát go ceantair bheaga i Meán Fómhair. Is féidir leat an Sceideal Foilsithe iomlán maidir le Daonáireamh 2022 a fháil.
  • Ceisteanna Coitianta maidir le Daonáireamh 2022 ar fáil.
  • grafaic faisnéise foilsithe do ‘Daonáireamh 2022 – Torthaí Achoimre’. Déan teagmháil le pressoffice@cso.ie má theastaíonn an ghrafaic faisnéise uait i bhformáid ar leith.
  • Is faisnéis faoin líon Taisceadán Todhchaí a líonadh in 2022 agus sin amháin a bheidh á ligean le fios ag an CSO. Níor gabhadh aon fhaisnéis eile ó rannóg na dTaisceadán Todhchaí le linn phróiseáil an daonáirimh. Stórálfar na Taisceadáin Todhchaí go slán ar feadh 100 bliain i gcomhréir le hAirteagal 35 den Acht Staidrimh, 1993, agus scaoilfear iad ina dhiaidh sin leis an bpobal.

Teagmhálaithe

Kathleen Goulding (+353) 1 895 1413
Tony Downes (+353) 1 895 1319
R-phost censuspublicity@cso.ie

-- CRÍOCH --