Tá an tuarascáil ‘Daonáireamh 2022 – Torthaí Achoimre’, inar dtugtar sonraí ar na hathruithe daonra ag leibhéal náisiúnta ó Aibreán 2016, foilsithe inniu (30 Bealtaine 2023) ag an bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO). Tá na torthaí briste síos againn chomh maith ag leibhéal contae agus tarraingítear aird sa phreasráiteas seo ar roinnt de na príomhathruithe do Bhaile Átha Cliath. Tá liosta iomlán de phreasráitis na gcontaetha ar fáil.
Kathleen Goulding | (+353) 1 895 1413 |
---|---|
Tony Downes | (+353) 1 895 1319 |
R-phost | censuspublicity@cso.ie |
-- CRÍOCH --
Trácht an Staitisteora
Ag trácht dó ar na torthaí, dúirt Cormac Halpin, Staitisteoir Sinsearach i Rannóg an Daonáirimh: “Tugann torthaí Dhaonáireamh 2022 an lae inniu léargas ar leith agus luachmhar dúinn ar an Éire a bhfuilimid ag maireachtáil ann sa lá atá inniu ann.
Ag féachaint ar na torthaí ag leibhéal contae, léiríonn Daonáireamh 2022 gur fhás daonra Bhaile Átha Cliath 8% go dtí 1,458,154 duine, rud a chiallaíonn gur ardaigh líon na ndaoine sa chontae 110,795 idir Aibreán 2016 agus Aibreán 2022. Sa tréimhse chéanna sin, d’fhás daonra na hÉireann 8% ó 4,761,865 duine go dtí 5,149,139 duine."
Torthaí do Bhaile Átha Cliath
Daonra - Fireannaigh agus Baineannaigh
Maidir le daonra Bhaile Átha Cliath, ba bhaineannaigh iad 744,548 díobh agus b’fhireannaigh iad 713,606 díobh, rud a chiallaíonn go raibh 96 fireannach ann in aghaidh gach 100 baineannach. In Éirinn ar an iomlán, ba bhaineannaigh iad 2,604,590 agus b’fhireannaigh iad 2,544,549 nó 98 fireannach in aghaidh gach 100 baineannach.
Daonra de réir Aoise
Ba 38 bliain meánaois dhaonra Bhaile Átha Cliath in Aibreán 2022, i gcomparáid le 36.8 bliana in Aibreán 2016. Go náisiúnta, ba é 38.8 meánaois an daonra – méadú ó 37.4 i mí Aibreáin 2016.
Tá fás ag teacht go fóill ar líon na ndaoine atá 65 bliana d’aois nó níos sine. Mhéadaigh an t-aoisghrúpa seo 19% go 195,664 duine i mBaile Átha Cliath agus 22% go 776,315 duine ag leibhéal náisiúnta ó 2016 i leith.
Déshaoránaigh Éireannacha
I mBaile Átha Cliath, d’ardaigh líon na ndéshaoránach Éireannach ó 39,440 go 56,696 duine agus ba shaoránaigh neamh-Éireannacha a bhí i 17% de dhaonra an chontae. Go náisiúnta, mhéadaigh déshaoránacht Éireannach 63% ó 104,784 go 170,597 duine agus ba shaoránaigh neamh-Éireannacha iad 12% den daonra.
Colscaradh/Idirscaradh
Tá cionroinn na ndaoine idirscartha agus colscartha i mBaile Átha Cliath fanta seasta ag 6% den daonra (aois 15 agus níos sine), mar an gcéanna le 2016. 6% an chomparáid náisiúnta a bhí ann in 2022 agus 2016 araon.
Sláinte
In 2022, thug 81% de dhaoine i mBaile Átha Cliath le fios go raibh a sláinte go maith nó an-mhaith i gcomparáid le 86% in 2016. Go náisiúnta, thug 83% de dhaoine le fios go raibh a sláinte go maith nó an-mhaith i gcomparáid le 87% in 2016.
Cainteoirí Gaeilge
467,679 an líon daoine (trí bliana nó níos sine) a thug le fios i mBaile Átha Cliath go raibh siad ábalta Gaeilge a labhairt i gcomparáid le 431,413 in 2016. Laistigh den fhigiúr sin, dúirt 16,440 gur labhair siad Gaeilge go laethúil agus dúirt 29,624 gur labhair siad Gaeilge go seachtainiúil. Go náisiúnta, 1,873,997 duine a thug le fios go raibh siad ábalta Gaeilge a labhairt, le 71,968 á labhairt go laethúil agus 115,065 á labhairt go seachtainiúil.
Fostaíocht
698,931 duine (15 bliana agus níos sin) a bhí ag obair i mBaile Átha Cliath, ardú 84,155 duine (+14%) idir 2016 agus 2022. Go náisiúnta, bhí 313,656 duine breise (+16%) ag obair.
Obair ón mBaile
I mBaile Átha Cliath, 284,885 duine (15 bliana agus níos sine) a bhí ag obair ón mbaile lá amháin ar a laghad sa tseachtain in 2022. B’ionann sin agus 41% den fhórsa saothair. Ba 32% an figiúr náisiúnta.
Cúram Leanaí
Ba cheist nua í seo do Dhaonáireamh 2022. 268,943 leanbh a bhí 15 bliana nó níos óige a bhí i mBaile Átha Cliath in Aibreán 2022. Astu sin, bhí 82,484 (31%) i gcúram leanaí, i gcomparáid le 33% go náisiúnta.
Tionacht
In 2022, bhí úinéireacht ag 58% de líonta tí i mBaile Átha Cliath ar a dteach féin, le háiteanna ar cíos ag 36% eile. Cuirtear é sin i gcomparáid le 66% de líonta tí a bhfuil úinéireacht acu ar a dteach féin agus áiteanna ar cíos ag 28% go náisiúnta.
Taisceadán Todhchaí
I mBaile Átha Cliath, scríobh 19% de líonta tí teachtaireacht sa Taisceadán Todhchaí. Go náisiúnta, ba 19% an figiúr sin. (Féach Nóta an Eagarthóra thíos).
Nóta Buíochais
Ag trácht dó ar rannpháirtíocht i nDaonáireamh 2022, dúirt Cormac Halpin: “Ní bheadh sé ar ár gcumas torthaí Dhaonáireamh 2022 a bhaint amach murach an fhreagairt thar a bheith dearfach a fuaireamar ón bpobal agus gabhaimid buíochas le gach duine a líon amach a bhfoirm dhaonáirimh ar an 03 Aibreán 2022. Ba mhaith linn buíochas a ghabháil freisin le gach duine a raibh baint acu le feachtas Dhaonáireamh 2022 a raibh foilsiú rathúil na dtorthaí an lae inniu mar bhailchríoch air.”