Tá an tuarascáil ‘Daonáireamh 2022 – Torthaí Achoimre’ inar dtugtar sonraí ar na hathruithe daonra ag leibhéal náisiúnta ó Aibreán 2016, foilsithe inniu (30 Bealtaine 2023) ag an bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO). Tá na torthaí briste síos againn chomh maith ag leibhéal contae agus tarraingítear aird sa phreasráiteas seo ar roinnt de na príomhathruithe do Chiarraí. Tá liosta iomlán de phreasráitis na gcontaetha ar fáil.
Kathleen Goulding | (+353) 1 895 1413 |
---|---|
Tony Downes | (+353) 1 895 1319 |
R-phost | censuspublicity@cso.ie |
-- CRÍOCH --
Trácht an Staitisteora
Ag trácht dó ar na torthaí, dúirt Cormac Halpin, Staitisteoir Sinsearach i Rannóg an Daonáirimh: “Tugann torthaí Dhaonáireamh 2022 an lae inniu léargas ar leith agus luachmhar dúinn ar an Éire a bhfuilimid ag maireachtáil ann sa lá atá inniu ann.
Ag féachaint ar na torthaí ag leibhéal contae, léiríonn Daonáireamh 2022 gur fhás daonra Chiarraí 6% go dtí 156,458 duine, rud a chiallaíonn gur ardaigh líon na ndaoine sa chontae 8,751 idir Aibreán 2016 agus Aibreán 2022. Sa tréimhse chéanna sin, d’fhás daonra na hÉireann 8% ó 4,761,865 duine go dtí 5,149,139 duine.
Torthaí do Chiarraí
Daonra - Fireannaigh agus Baineannaigh
Maidir le daonra Chiarraí, ba bhaineannaigh iad 79,071 díobh agus b’fhireannaigh iad 77,387 díobh, rud a chiallaíonn go raibh 98 fireannach ann in aghaidh gach 100 baineannach. In Éirinn ar an iomlán, ba bhaineannaigh iad 2,604,590 agus b’fhireannaigh iad 2,544,549 nó 98 fireannach in aghaidh gach 100 baineannach.
Daonra de réir Aoise
Ba 41.5 bliain meánaois dhaonra Chiarraí in Aibreán 2022, i gcomparáid le 40.2 bliain in Aibreán 2016. Go náisiúnta, ba é 38.8 meánaois an daonra – méadú ó 37.4 i mí Aibreáin 2016.
Tá fás ag teacht go fóill ar líon na ndaoine atá 65 bliana d’aois nó níos sine. Mhéadaigh an t-aoisghrúpa seo 18% go 29,567 duine i gCiarraí agus 22% go 776,315 duine ag leibhéal náisiúnta ó 2016 i leith.
Déshaoránaigh Éireannacha
I gCiarraí, d’ardaigh líon na ndéshaoránach Éireannach ó 3,039 go 5,471 duine agus ba shaoránaigh neamh-Éireannacha a bhí i 10% de dhaonra an chontae. Go náisiúnta, mhéadaigh déshaoránacht Éireannach 63% ó 104,784 go 170,597 duine agus ba shaoránaigh neamh-Éireannacha iad 12% den daonra.
Colscaradh/Idirscaradh
Tá cionroinn na ndaoine idirscartha agus colscartha i gCiarraí fanta seasta ag 6% den daonra (aois 15 agus níos sine), mar an gcéanna le 2016. 6% an chomparáid náisiúnta a bhí ann in 2022 agus 2016 araon.
Sláinte
In 2022, thug 83% de dhaoine i gCiarraí le fios go raibh a sláinte go maith nó an-mhaith i gcomparáid le 86% in 2016. Go náisiúnta, thug 83% de dhaoine le fios go raibh a sláinte go maith nó an-mhaith i gcomparáid le 87% in 2016.
Cainteoirí Gaeilge
62,887 an líon daoine (trí bliana nó níos sine) a thug le fios i gCiarraí go raibh siad ábalta Gaeilge a labhairt i gcomparáid le 61,597 in 2016. Laistigh den fhigiúr sin, dúirt 3,763 gur labhair siad Gaeilge go laethúil agus dúirt 4,302 gur labhair siad Gaeilge go seachtainiúil. Go náisiúnta, 1,873,997 duine a thug le fios go raibh siad ábalta Gaeilge a labhairt, le 71,968 á labhairt go laethúil agus 115,065 á labhairt go seachtainiúil.
Fostaíocht
67,545 duine (15 bliana agus níos sin) a bhí ag obair i gCiarraí, ardú 6,323 duine (+10%) idir 2016 agus 2022. Go náisiúnta, bhí 313,656 duine breise (+16%) ag obair.
Obair ón mBaile
I gCiarraí, 17,119 duine (15 bliana agus níos sine) a bhí ag obair ón mbaile lá amháin ar a laghad sa tseachtain in 2022. B’ionann sin agus 25% den fhórsa saothair. Ba 32% an figiúr náisiúnta.
Cúram Leanaí
Ba cheist nua í seo do Dhaonáireamh 2022. 28,756 leanbh a bhí 15 bliana nó níos óige a bhí i gCiarraí in Aibreán 2022. Astu sin, bhí 9,454 (33%) i gcúram leanaí, i gcomparáid le 33% go náisiúnta.
Tionacht
In 2022, bhí úinéireacht ag 70% de líonta tí i gCiarraí ar a dteach féin, le háiteanna ar cíos ag 24% eile. Cuirtear é sin i gcomparáid le 66% de líonta tí a bhfuil úinéireacht acu ar a dteach féin agus áiteanna ar cíos ag 28% go náisiúnta.
Taisceadán Todhchaí
I gCiarraí, scríobh 19% de líonta tí teachtaireacht sa Taisceadán Todhchaí. Go náisiúnta, ba 19% an figiúr sin. (Féach Nóta an Eagarthóra thíos).
Nóta Buíochais
Ag trácht dó ar rannpháirtíocht i nDaonáireamh 2022, dúirt Cormac Halpin: “Ní bheadh sé ar ár gcumas torthaí Dhaonáireamh 2022 a bhaint amach murach an fhreagairt thar a bheith dearfach a fuaireamar ón bpobal agus gabhaimid buíochas le gach duine a líon amach a bhfoirm dhaonáirimh ar an 03 Aibreán 2022. Ba mhaith linn buíochas a ghabháil freisin le gach duine a raibh baint acu le feachtas Dhaonáireamh 2022 a raibh foilsiú rathúil na dtorthaí an lae inniu mar bhailchríoch air.