16 Feabhra 2022
Breathnaigh ar an eisiúint: Ioncam na gContaetha agus Olltáirgeacht Inmheánach na Réigiún 2019 [en]
Tá torthaí foilsithe ag an bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO) inniu (16 Feabhra 2022) maidir le hIoncaim na gContaetha agus Olltáirge Inmheánach na Réigiún sa bhliain 2019.
Déanann John Milne, Staitisteoir, trácht ar an eisiúint an lae inniu: “Lean ioncaim i mBaile Átha Cliath ag fás ar bhonn ní ba sciobtha ná meán an stáit in 2019. Ag áireamh an phríomhchathair agus an contae le chéile, bhí teacht isteach de €25,696 ar an meán ag daoine i mBaile Átha Cliath an bhliain sin, figiúr a bhí 16.6% ní b’airde ná meán an stáit, sé sin €22,032. Tháinig ardú 5.3%, ar an meán, ar ioncaim i mBaile Átha Cliath idir 2018 agus 2019. Bhí ioncaim i mBaile Átha Cliath 4.7% ní b’airde ná i Luimneach (cathair agus contae), an dara chontae ab airde ioncam in 2019 le €24,540, figiúr a bhí fós 11.4% os cionn meán an stáit.
In 2019, as an seacht réigiún taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath, bhí meánioncam indiúscartha sa Lár-Iarthar (€21,972), sa Lár-Oirthear (€21,914), agus san Iardheisceart (€21,835) i ngar do mheán an stáit, sin €22,032. Is i réigiúin na Teorann (€18,524 nó 15.9% ní b’ísle ná meán an stáit) agus Lár Tíre (€17,125 nó 22.3% ní b’ísle) a taifeadadh na meánioncaim indiúscartha ba ísle.
Tháinig méadú bliain-ar-bhliain ar an mbearna idir an luach is airde agus an luach is ísle ioncaim de réir réigiúin, ó €7,205 in 2018 go €8,571 in 2019. Bhí seo amhlaidh toisc gur tháinig fás €1,297 (+5.3%) ar an meánioncam i réigiún Bhaile Átha Cliath, agus titim €69 (-0.4%) ar ioncaim sa réigiún Lár Tíre. Chonacthas fás ar mheánioncaim i ngach réigiún eile idir 2018 agus 2019.
Taifeadadh ioncam indiúscartha in aghaidh an duine os cionn meán an stáit in 2019 i ndíreach 4 chontae - Baile Átha Cliath, Luimneach, Cill Dara agus Corcaigh (in ord íslitheach ioncaim). Ar an lámh eile de, bhí ioncaim i gcontaetha na hIarmhí, Dhún na nGall, Uíbh Fhailí, an Longfoirt, agus Laoise méid suntasach ní b’ísle ná meán an stáit sa bhliain chéanna.”
John Milne (+353) 1 498 4007 nó Michael Connolly (+353) 1 498 4006
nó seol ríomhphost chuig nat_acc@cso.ie nó NatAccAng@cso.ie
-- CRÍOCH --