30 Samhain 2022
Tá tús curtha inniu (30 Samhain 2022) ag an bPríomh-Oifig Staidrimh le próiseas comhairliúcháin phoiblí do Dhaonáireamh 2027. Táimid ag tabhairt cuireadh don phobal, d’eagraíochtaí agus do ghrúpaí spéise aighneachtaí a chur chugainn maidir le ceisteanna a mholfaidís do chéad daonáireamh eile na hÉireann, a bheidh ar siúl in 2027.
Beidh fáilte roimh aighneachtaí ina mbeidh moltaí i dtaobh athrú a dhéanamh ar an bhfoclaíocht a úsáideadh i nDaonáireamh 2022 nó ceist nó ceisteanna nua a mholadh do Dhaonáireamh 2027 mar chuid den chomhairliúchán.
Is éard a dúirt Eileen Murphy, Ceann um Riar Daonáireamh: “Táthar i mbun ullmhúcháin cheana féin do Dhaonáireamh 2027 agus is cuid thábhachtach den phróiseas an comhairliúchán poiblí seo ar na ceisteanna a bheidh sa chéad daonáireamh eile. Glacfaimid le haighneachtaí ar fhoirm ar líne, ar ríomhphost nó ar an bpost chun a chinntiú go mbeidh sé ar chumas an méid eagraíochtaí agus daoine aonair agus is féidir a bheith páirteach ann. Cuirfimid teachtaireacht ar ais ar gach aighneacht a gheobhaimid lena chur in iúl go bhfuil sí faighte.
Tá an Phríomh-Oifig Staidrimh ag cur tús freisin le rogha freagartha ar líne a chur ar fáil don chéad uair i ndaonáireamh de chuid na hÉireann.
Is féidir tuilleadh eolais i dtaobh mar is féidir aighneacht a dhéanamh a fháil ar láithreán gréasáin na Príomh-Oifige Staidrimh ar cso.ie/en/baile/daonaireamh/comhairliuchan2027
Tiocfaidh deireadh leis an gcomhairliúchán ag 5pm, Dé hAoine an 20 Eanáir 2023.
Dúirt Eileen Murphy chomh maith: “Déanfar Grúpa Comhairleach Daonáirimh a bhunú ag tús na bliana 2023 chun na haighneachtaí a athbhreithniú agus chun cinneadh a dhéanamh i leith ceisteanna nua agus faoi athruithe a dhéanamh ar na ceisteanna atá ann faoi láthair. Déanfar iad a thástáil ansin i ndaonáireamh píolótach in 2024 sula gcuirtear na ceisteanna deiridh ar aghaidh chuig an Rialtas lena gceadú in 2025. Cuirfimid an t-eolas is déanaí maidir le céimeanna éagsúla an phróisis comhairliúcháin ar fáil go leanúnach ar láithreán gréasáin na Príomh-Oifige Staidrimh.
Comhairliúchán 2027,
An Phríomh-Oifig Staidrimh,
Campas Gnó Shord,
Bóthar Bhaile Anraí,
Sord, Co. Bhaile Átha Cliath
K67 D2X4.
Foilsíodh Réamhthorthaí do Dhaonáireamh 2022 ar an 23 Meitheamh i mbliana agus is féidir teacht orthu ar an nasc seo a leanas https://www.cso.ie/en/baile/nuachtagusimeachtai/lghpreasa/2022/daon22reamhthorthai/
Déanfar an tsraith iomlán torthaí, a chlúdaíonn réimse leathan téamaí, a fhoilsiú ó Ráithe 2, 2023.
Kathleen Goulding (+353) 1 895 1413 nó Tony Downes (+353) 1 895 1319
nó seol ríomhphost chuig census2027consultation@cso.ie
-- CRÍOCH --