27 Lúnasa 2021
Breathnaigh ar an eisiúint: Staitisticí Beatha, Ráithe 1 2021 [en]
Foilsíonn an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) tuarascáil inniu (27 Lúnasa 2021) i ndáil le Staitisticí Beatha Ráithe 1 2021.
Déanann Carol Anne Hennessy, Staitisteoir, trácht ar na figiúirí seo: “I Ráithe 1 2021 tá méadú 890 nó 10.3% tagtha ar líon na mbásanna i gcomparáid leis an tréimhse chéanna anuraidh. Taifeadadh 1,846 bas de bharr COVID-19 sa chéad ráithe den bhliain seo, sin 19.3%, den iomlán.
B’ionann básanna de bharr ailse agus galair imshruthaithe agus nach mór leath, 49.8%, de bhásanna uile sa ráithe.
Tá líon na mbreitheanna tite 476, nó 3.3%, ó 14,731 in R1 2020 go 13,895 in R1 2021. Leanann an laghdú ar bhreitheanna do mháithreacha sna déaga, ó 221 in R1 2020 go 179 in R1 2021.
Ba í meánaois máithreacha uile in R1 2021 na 33.1 bliana, an figiúr ceannann céanna is a bhí sa ráithe sin anuraidh. Deich mbliana roimhe, in R1 2011 sheas an mheánaois ag 31.7 bliain.
Tharla 40.1% de bhreitheanna uile in R1 2021 lasmuigh den phósadh nó den pháirtnéireacht shibhialta, mionmhéadú ar an sciar 38.3% a taifeadadh sa ráithe chéanna bliain roimhe.
Bhí méadú nádúrtha (breitheanna lúide básanna) de 4,331 in R1 2021, sin laghdú 24.0% ón bhfigiúr 5,697 in R1 2020.”
Meabhraíonn an Oifig d’úsáideoirí staitisticí go bhfuil tréimhse dhlíthiúil suas le trí mhí ann chun bás a fhógairt do na húdaráis lena chlárú. Féach an Nóta Eolais a foilsíodh roimhe seo ar an ábhar le haghaidh tuilleadh sonraí: Nóta Eolais - Tionchar COVID-19 ar Phróiseáil Teastais Báis
Tá Nóta Eolais nua ar fáil chomh maith ina mínítear an bealach ina rangaítear COVID-19 bunchúis báis mar chuid d’obair na hOifige seo: Nóta Eolais - Rangú COVID-19 mar Bunchúis Báis
Carol Anne Hennessy (+353) 21 453 5307 nó John O' Connor (+353) 21 453 5787
nó seol ríomhphost chuig vitalstats@cso.ie
-- CRÍOCH --