12 Feabhra 2021
Breathnaigh ar an eisiúint: Tuarascáil SILC faoi Áiseanna Líon Tí agus Teacht ar Sheirbhísí 2004-2019 [en]
Tá torthaí á fhoilsiú inniu ag an bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO) inniu (12 Feabhra 2021) as an Tuarascáil SILC faoi Áiseanna Líon Tí agus Teacht ar Sheirbhísí 2004-2019. Eascraíonn na sonraí sa tuarascáil seo as an Suirbhé ar Ioncam agus Dálaí Maireachtála (SILC) atá á dhéanamh le 17 mbliana anuas ag an CSO mar chuid dá chlár staidrimh shóisialta.
Déanann Eva O’Regan, Staitisteoir, trácht ar an tuarascáil seo: “Ón mbliain 2004 anuas, tá sonraí á mbailiú ag an CSO ó réimse leathan líonta tí ar fud an stáit. Déantar trácht sa tuarascáil seo ar fhearais tí, fóntais agus gnéithe den teach/árasán féin, ag tabhairt léiriú ar na bealaí ina bhfuil athrú tagtha ar ár n-áiteanna cónaithe sa tréimhse sin. Chomh maith leis sin, tá anailís sa tuarascáil seo ar leibhéil deacrachta atá ag líonta tí teacht ar sheirbhísí éagsúla sa phobal - sonraí a bailíodh idir 2011 agus 2019.
Áiseanna Líon Tí agus Timpeallacht Áitiúil
Tá laghdú síoraí tagtha ar an oiread líon tí le guthán líne talún de réir sonraí SILC. In 2004, bhí guthán sa mbaile ag nach mór seacht líon tí as gach ocht gceann (86.9%) ach thit sé go trí líon tí as cúig ceann (59.2%) in 2019. Ar an lámh eile de, tháinig méadú an sciar daoine 16 bliana d’aois nó níos sine a raibh guthán póca acu, ó 74.9% in 2004 go 97.1% in 2019.
Sa mbliain 2004, bhí ríomhaire sa mbaile ag leath de líonta tí (50.5%) agus d’ardaigh sé seo go seacht líon tí as naoi gcinn (77.9%) faoi 2019. Ag an mbuaicphointe, bhí seinnteoir DVD ag cúig líon tí as gach sé cheann (83.5%) ach thit sé seo go cúig as ocht líon tí (63.2%) faoin mbliain 2019.
In 2004, bhí mias satailíte ag 28.6% de líonta tí agus tháinig níos mó ná dúbailt (61.1%) ar an sciar sin faoi 2019. Tá méadú nach beag tagtha ar an sciar líon tí le déghloiniú nó tríghloiniú, ó 70.5% in 2004 go 94.2% in 2019.
Tá an sciar de líonta tí a raibh fadhbanna coireachta, foréigin nó loitiméireachta ina gceantar áitiúil nach mór gearrtha ina leat, ó 16.1% ag an mbuaicphointe in 2006 go 8.2% in 2019. Sa mbliain is déanaí sin, bhí figiúr 10.2% i gceist i gceantair uirbeacha agus 4.1% i gceantair tuaithe. Tá méadú tagtha ar an sciar líon tí le aláram buirgléireachta sa mbaile ó 27.5% in 2004 go 45.9% in 2019.
In 2019, luaigh aon líon tí as gach 12 ceann (8.3%) fadhbanna le torann ag teacht ón sráid nó ó chomharsana, sin 10.7% i gceantair uirbeacha agus 3.2% i gceantair tuaithe. Sa mbliain chéanna, dúirt 6.0% de líonta tí go raibh fadhbanna le truailliú, salachar nó nithe eile timpeallacht sa cheantar áitiúil de bharr trácht bóithre nó gníomhaíochta tionsclaíche. Tá an figiúr sin tite ó 9.0% in 2004.
Teacht ar Sheirbhísí
Idir 2001 agus 2019, iarradh ar fhreagróirí cé chomh héasca nó deacair is a bhí sé orthu teacht ar sheirbhísí áitiúla. Chuaigh an sciar de líonta tí faoin tuath le han-deacracht teacht ar iompar poiblí in airde ó 23.4% in 2011 go 27.9% in 2019. I gcás na gceantar uirbeacha, bhí an-deacracht ag 3.0% de fhreagróirí in 2011 agus 2019 araon.
In 2019, dúirt 11.3% de líonta tí faoin tuath go raibh an-deacracht acu teacht ar sheirbhísí cúram príomhúil sláinte (amhail dochtúir teaghlaigh, ionad cúram príomhúil, rannóg éigeandála) le hais 2.4% i gceantair uirbeacha. Sa mbliain chéanna, bhí an-deacracht teacht ar shiopa ag 8.4% de líonta tí faoin tuath agus ag 1.4% i gceantair uirbeacha.
Tá méadú ar an sciar líon tí le han-deacracht teacht ar bhanc, ó 9.8% in 2011 go 15.5% in 2019. Maidir le han-deacracht freastal ar oifig phoist, b’amhlaidh an cás do 6.0% de líonta tí faoin tuath in 2011, ag ardú go 10.4% in 2019. Bhí figiúr comhfhreagrach 1.8% de líonta tí uirbeacha in 2011, agus 1.7% in 2019.”
Nóta d’Eagarthóirí
I gcead don tsáinn sláinte ina bhfuilimid agus i gcomhréir le treoirlínte sláinte poiblí COVID-19, níl agallóirí suirbhé de chuid CSO ag casadh le freagróirí ag an doras faoi láthair. Ina áit sin, seoltar litir chuig gach líon tí roghnaithe mar chéad pointe teagmhála d’aon suirbhé agus socraítear am le hagallamh a dhéanamh thar an nguthán. Tá tábhacht leis na suirbhéanna seo mar gheall ar an léargas cruinn a mbaintear astu faoin staid shóisialta agus gheilleagrach ina bhfuil muintir na hÉireann. Má fhaigheann daoine litir faoi shuirbhé CSO, iarraimid orthu páirt a ghlacadh – is tábhachtach dúinn bhur scéalta.
Eva O'Regan, Cian O'Brien (+353) 21 453 5243 nó Gerry Reilly (087) 250 5165 (+353) 21 453 5700 (+353) 21 453
nó seol ríomhphost chuig ICW@CSO.ie
-- CRÍOCH --