18 Márta 2021
Breathnaigh ar an eisiúint: Ireland's UN SDGs 2019 - Report on Indicators for Goal 6 Clean Water and Sanitation
Tá tuarascáil ar ‘Sprioc 6: Uisce Glan agus Slántaíocht’ faoin gclár Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe foilsithe ag an bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO) inniu (18 Márta 2021). Is é seo an séú tuarascáil i sraith ón Oifig lena ndéantar tomhas ar dhul chun cinn na hÉireann i gcomhlíonadh a dualgas faoin 17 Sprioc Forbartha Inbhuanaithe, clár gnímh idirnáisiúnta na Náisiún Aontaithe. Is féidir teacht ar thuarascálacha eile na sraithe go dáta anseo.
Déanann Kevin McCormack, Staitisteoir Sinsearach, trácht ar thuarascáil an lae inniu:
"I Sprioc 6 – Uisce Glan agus Slántaíocht, leagtar amach sonraí náisiúnta d’Éirinn faoi thrí phríomhthéama: Uisce Glan agus Sábháilte; Bainistiú Uisce; Polasaithe Uisce. Déanta sonraí a scagadh de réir inscne, aoisghrúpa agus láthair thireolaíoch an oiread agus is féidir.
Déantar scagadh ar shonraí de réir inscne, aoisghrúpa, grúpaí leochaileacha agus láthair thíreolaíoch an oiread agus is féidir. Ceapadh na SFInna agus na táscairí a bhaineann leo le réimse leathan a chlúdach. Mar gheall air seo, tagann na sonraí maidir le hÉireann ó iliomad foinsí éagsúla: ranna rialtais, gníomhaireachtaí stáit, eagraíochtaí idirnáisiúnta agus tuilleadh nach iad. Cuireadh an tuarascáil seo i dtoll a chéile i gcomhpháirt leis an nGníomhaireacht Cosanta Sonraí (EPA).”
Is é atá sa 17 Sprioc Forbartha Inbhuanaithe (SFI) ná sraith cuspóirí forbartha domhanda ar ghlac ballstáit na Náisiún Aontaithe (NA) leo i Meán Fómhair 2015 chun todhchaí níos fearr agus níos inbhuanaithe a bhaint amach do chách. Tá clár oibre faoi bhun na SFIanna ceaptha chun forbairt an domhain a stiúradh go dtí 2030 (Agenda 2030). Tá sé i gceist leis na SFIanna aghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhomhanda, lena n-áirítear cinn a bhaineann leis an mbochtaineacht, éagothroime, athrú aeráide, díghrádú comhshaoil, síocháin, dlí agus cirt. Tá ról lárnach ag an Oifig i sonraí a aithint, a bhainistiú agus a chur i láthair ionas go mbeifear in ann riachtanais faoi Tháscairí SFI na NA a chomhlíonadh.
Ag tagairt do phríomhthorthaí na tuarascála, lean Kevin McCormack air:
“De réir sonraí an daonáirimh in 2016 bhí soláthar píobaithe uisce agus teacht ar chóras séarachais ag 99.9% de líonta tí príobháideacha in Éirinn. Bhain 77% díobh sin le soláthar príomhlíne poiblí, 8% le grúpscéim soláthair uisce, 10% le scéim phríobháideach soláthair uisce agus níor tugadh sonraí do 4% de líonta tí.
I dtuarascáil de chuid an EPA, ‘Urban Wastewater Treatment 2019’ léirítear go mbaineann 92% d’fhuíolluisce uirbeach le bailte móra agus cathracha na hÉireann. In 2019, bhí 19 ceantar mór uirbeacha a sháraigh riachtanais éigeantacha ón AE maidir le caighdeáin cóireála, agus bhain breis is leath d’iomlán an fhuíolluisce uirbigh i gcórais séarachais phoiblí leo seo. É sin ráite, tá laghdú tagtha ar líon na gceantar nár chloígh le caighdeáin ó 28 in 2017 go 19 in 2019. Is í an phríomhchúis le neamhchomhlíonadh in Éirinn ná teipeadh an chórais ag Ionad Cóireála na Rinne, in oirthear Bhaile Átha Cliath. Cóireáiltear beagnach leath d’fhuíolluisce uirbeach an stáit ag an ionad seo.
Faoi lár 2020, bhí camras ámh fós á scaoileadh isteach in aibhneacha agus san fharraige gach lá ag 35 baile agus sráidbhaile. Cuirtear 30.4% d’fhuíolluisce poiblí go hionaid ar féidir leo cóireáil dara chéime agus laghdú cothaitheach a dhéanamh air, 67.2% go hionaid ar féidir cóireáil dara chéime a dhéanamh agus 1% go hionaid ar féidir cóireáil níos bunúsaí, cóireáil chéad céime, a dhéanamh. I gcás an 1.4% eile d’fhuíolluisce poiblí, bailítear seo lena scaoileadh isteach sa timpeallacht uisce gan cóireáil ar bith.
Sa tréimhse 2013-2018, taifeadadh caighdeán maith uisce chomhthimpeallaigh i 59% de dhobharlach na hÉireann(ní áirítear an fharraige cois cósta iontu seo). Len é sin a scagadh, taifeadadh caighdeán maith i 53% d’aibhneacha, 50% de lochanna agus 92% d’fhoinsí screamhuisce. Is í an phríomhfhadhb le truailliú na n-uiscí seo ná an iomarca cothaithigh amhail fosfar agus nítrigin, agus tagann an formhór mór díobh seo ón fheirmeoireacht agus ó fhuíolluisce.
In 2019, caitheadh €2.55 milliún ar thograí uisce agus slántaíochta do thíortha i mbéal forbartha as buiséad Cúnamh Forbartha Oifigiúil (CFO) na hÉireann.”
Bunaíodh foireann tionscail ar a raibh ionadaithe ón bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO), Suirbhéireacht Ordanáis Éireann (OSi) agus Environment Systems Research Institute (Esri-Ireland) in Aibreán 2017 chun tabhairt faoi bheart ceaptha ag Rannán Staitisticí na Náisiún Aontaithe (UNSD) agus Esri. Ba é cuspóir an bhirt seo ná cur chuige nuálach a fhorbairt agus a chur chun feidhme maidir le monatóireacht ar Tháscairí SFI na NA, ag úsáid córas faisnéise geografaí. Is é toradh an bhirt ná suíomh gréasáin, Mol Sonraí SFIanna na hÉireann https://irelandssdg.geohive.ie/), á óstáil ar ardán an OSi. Tá an suíomh seo ina lárphointe eolais mar gheall ar SFIanna na hÉireann agus sonraí ar fáil ann ar tháscairí na 17 Sprioc uile don stát. Cuirfear na sonraí ar fad ón bhfoilseachán seo leis an Mol Sonraí freisin.
Kevin McCormack (+353) 21 453 5603 nó Mary Smyth (+353) 21 453 5309
nó seol ríomhphost chuig sdg@cso.ie
-- CRÍOCH --