20 Bealtaine 2021
Breathnaigh ar an eisiúint: Cuntais Éiceachórais – Portaigh agus Fraochmhánna 2018 [en]
Eisíonn an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) an foilseachán Cuntais Éiceachórais – Portaigh agus Fraochmhánna 2018 inniu (20 Bealtaine 2021).
Tá an foilseachán seo á eisiúint mar Aschur Ceannródaíoch CSO – rud a chiallaíonn go bhfuil ceisteanna fós le réiteach faoi mhodhanna nó anailísiú i gcineál taighde nua. Is réimse réasúnta nua í cuntasaíocht éiceachórais agus tá forbairt modheolaíochta ar siúl go fóill ag leibhéil náisiúnta agus idirnáisiúnta.
Is é is aidhm leis an gcuntasaíocht éiceachórais ná tuiscint chomhleanúnach chomhoiriúnach a thabhairt ar éiceachórais. Anuas air sin, tomhaistear caidrimh éiceachóras leis an ngeilleagar agus le tairbhithe foriomlána earraí agus seirbhísí éiceachórais. Ar leibhéal idirnáisiúnta, tá Córas na gCuntas Eacnamaíoch Comhshaoil – Cuntais Éiceachórais (SEEA-EA) [en] cruthaithe agus á fhorbairt ag na Náisiúin Aontaithe. Leis seo, táthar ag obair chun caighdeáin idirnáisiúnta a chur ar bun chun sonraí a bhailiú agus a thiomsú sa réimse cuntasaíochta éiceachórais.
Tá Buntreoir [en] eisithe ag an CSO inniu freisin chun cuid de na coincheapa, sainmhínithe agus dúshláin agus bhaineann le cuntasaíocht éiceachórais a mhíniú.
Déanann Sylvie Clappe, Staitisteoir, trácht ar thorthaí an lae inniu, “De réir an tsraith sonraí Cumhdaigh Talún CORINE, ba Phortaigh Móna, Móinteáin agus Fraochmhánna iad beagnach 16% de chríocha an stáit in 2018. Portaigh a bhí i mbreis is 14% de thailte iomlán agus tháinig nach mór 2% eile faoin aicmiú Móinteáin & Fraochmhánna.
Ag an am sin, bhí beagnach 70% de Phortaigh le fáil i gcuid de chontaetha an Iarthair – de réir méid b'shin iad Maigh Eo, Dún na nGall, Gaillimh agus Ciarraí. Bhí nach mór 70% de Mhóinteáin & Fraochmhánna in 2018 le fáil sna contaetha Dún na nGall, Corcaigh, Ciarraí agus Cill Mhantáin.
In 2018, bhí os cionn 44% d’iomlán na bPortach, Móinteán agus Fraochmhánna i gceantair chaomhnaithe – ar thailte líonra Natura 2000 agus/nó i Limistéar Oidhreachta Náisiúnta (LON) reatha nó molta. Tá cosaint dhlíthiúil ag dul do LONanna agus iad sainithe mar cheantracha a ghabhann tábhacht náisiúnta leo.
Úsáideadh 60% de Phortaigh, Móinteáin agus Fraochmhánna don Talmhaíocht in 2018. Bhí difear nuair a tháinig sé chuig an dara chatagóir úsáide is mó - Táirgeadh Móna (breis is 5%) i gcás na bPortach, agus Foraoiseacht (faoi bhun 2%) i gcás Móinteán & Fraochmhánna.
De réir tuairiscí 2019 ón tSeirbhís Náisiúnta Páirceanna agus Fiadhúlra (NPWS), tá stádas caomhnaithe foriomlán na ngnáthóga portaigh agus fraochmhánna sa stát ‘go dona’ nó ‘easnamhach’ agus tá an treocht ag dul in olcas. Déantar na tuairiscí seo i gcomhréir le Treoir an AE maidir le Gnáthóga agus sainítear na gnáthóga éagsúla faoi Iarscríbhinn I de.
Go dtí an bhliain 2020, reáchtáladh cláracha athneartaithe ar nach mór 12,000 heicteár de thailte portaigh agus tugadh faoi oibreacha athshlánaithe ar bhreis is 20,000 heicteár eile.”
Ach foilseacháin a fhoilsiú faoin aicmiú Aschur Ceannródaíoch CSO, bíonn deis ag an CSO eolas staitistiúil nua agus inúsáidte a chur ar fáil d’úsáideoirí agus aiseolas tábhachtach a fháil uathu maidir leis na modhanna agus torthaí a ghabhann leo. Ag an am céanna, déanann foireann CSO a ndícheall chun na laigeachtaí a bhaineann le haschur den tsórt seo a mhíniú agus chun cinntiú go dtuigtear iad.
Úsáidtear dhá shraith sonraí éagsúla don anailís ar fhairsinge spásúil na bportach agus na bhfraochmhánna san fhoilseachán seo: Cumhdach Talún CORINE 2018, a fuarthas ón nGníomhaireacht Caomhnú Comhshaoil; agus tuairiscí an NPWS faoi Alt 17 de Threoir an AE maidir le Gnáthóga, Fauna agus Flora (92/43/EEC).
As an tionscadal Cumhdach Talún CORINE tagann léarscáileanna náisiúnta maidir le cumhdach talún agus athruithe i gcumhdach talún i gcúig bliana éagsúla ó 1990 i leith. Tá an t-eolas bunaithe ar léirmhíniú íomhánna satailíte agus é nasctha ag an nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (EPA) le sonraí úsáide talún ó réimse eagraíochtaí éagsúla.
De réir Alt 17 de Threoir an AE maidir le Gnáthóga, tuairiscíonn an NPWS ar stádas caomhnaithe gnáthóga ar leith go dtí Choimisiún na hEorpa. Tugtar gnáthóga Iarscríbhinn I orthu seo, mar is é sin an chuid den Treoir faoina liostáiltear iad. Sainítear réimse leathan sonraí le tuairisciú faoi Alt 17, lena n-áirítear raon tíreolaíoch, fairsinge spásúil, struchtúr, feidhmeanna agus stádas caomhnaithe gnáthóga.
Sonraí teagmhála le haghaidh ceisteanna/agallamh
Tom Healy – (01) 498 4153
nó 086 678 0316
Tom Healy (+353) 1 498 4153
nó seol ríomhphost chuig ecosystems@cso.ie
-- CRÍOCH --