31 Lúnasa 2021
Breathnaigh ar an eisiúint: Meastacháin Daonra agus Imirce 2021 [EN]
Foilsíonn an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) torthaí bliantúla inniu (31 Lúnasa 2021) ó na Meastacháin Daonra agus Imirce le haghaidh Aibreán 2021.
Déanann James Hegarty, Staitisteoir, trácht ar na torthaí seo: “Is é daonra measta na hÉireann, tráth na bhfigiúirí seo in Aibreán 2021, ná 5.01 milliún. Is é seo an chéad uair go raibh an daonra sna sé chontae is fiche os cionn cúig milliún ó 1851, tráth a raibh 5.11 milliún ag maireachtáil san áit. Ag an am sin, b’é daonra iomlán oileán na hÉireann ná 6.55 milliún.
Is é toradh foriomlán an imirce glan isteach agus an méadú nádúrtha ná fás 34,000 (+0.7%) ar dhaonra an stáit sa bhliain go hAibreán 2021, i gcomparáid le méadú 55,900 (+1.1%) sa bhliain roimhe, go hAibreán 2020.
Áiríodh 55,500 breith agus 32,700 bás sa stát don 12 mhí ábhartha, rud a fhágann méadú nádúrtha (breitheanna lúide básanna) de 22,800 sa bhliain go hAibreán 2020. Is é seo an leibhéal méadaithe nádúrtha is ísle ar an taifead ó 2000 i leith.
Meastar líon 65,200 imirceach a bheith tagtha go dtí an stáit sa bhliain go hAibreán 2021. Sa tréimhse chéanna d’imigh líon measta 54,000 eisimirceach amach ón stát. Ag tógáil an dá sruth imirce san áireamh, bhí imirce glan isteach 11,200 go hÉirinn sa bhliain go hAibreán 2021, i gcomparáid le 28,900 an bhliain roimhe.
Náisiúnaigh Éireannacha ab iad 30,200 (46.3%) den 65,200 inimirceach go hÉirinn, an líon is airde náisiúnach Éireannacha ag filleadh ar an stát ó 2007 i leith. I measc an 54,000 eisimirceach as Éirinn, meastar gur fhág 22,800 (42.2%) náisiúnach Éireannacha an stát chun maireachtáil in áit éigean eile. Mar thoradh air seo, bhí imirce glan isteach na náisiúnach Éireannacha beagán le cois 7,300 sa bhliain go hAibreán 2021.
Sa bhliain go hAibreán 2021, tháinig 35,000 náisiúnach coigríche chun maireachtáil in Éirinn agus d’eisimircigh 31,200 náisiúnach coigríche chun cur fúthu thar lear. Ciallaíonn sé sin go raibh imirce glan isteach de 3,900 i measc náisiúnach coigríche, tite ó 28,300 in 2020 (-86.2%). Feictear mar sin gur tháinig méadú beag ar líon na náisiúnach coigríche ag maireachtáil in Éirinn ó 644,400 in Aibreán 2020 go 645,500 in Aibreán 2021, agus gurbh ionann an dream seo agus 12.9% den daonra iomlán in Aibreán na bliana seo.
Ba lag an fás a tháinig ar dhaonra Bhaile Átha Cliath an bhliain seo, gan ach méadú 8,300 (+0.6%). Dá bharr sin, meastar go raibh daonra 1.43 milliún i mBaile Átha cliath in Aibreán, ionann le 28.5% de dhaonra iomlán an Stáit.
Feictear méadú 22,200 (+3.1%) a bheith tagtha ar an daonra 65 bliana d’aois agus os a cionn sa bhliain go hAibreán 2021. Tá méadú 742,300 (+17.9%) tagtha ar an aoisghrúpa seo sa tréimhse cúig bliana ó Aibreán 2016.”
Lean James Hegarty ar aghaidh le rá: “Ba chóir tabhairt faoi ndeara gur an 12 mhí go hAibreán 2021 atá i gceist san eisiúint seo. Dá bharr sin, tá cuid de na tionchair dhéimeagrafacha agus shóisialta imeartha ag COVID-19 le brath sna torthaí.”
Tá tuilleadh eolais faoi mhodheolaíocht na meastachán le fáil i nótaí cúlra na heisiúna féin.
Modh teagmhála inmhianaithe:
Tá an Rannóg Déimeagrafaíochta ag obair go cianda faoi láthair agus ba mhór againn dá ndéanfaí teagmháil trí ríomhphost ar an gcéad dul síos, chomh fada agus gur féidir
James Hegarty (+353) 21 453 5429 nó Brian Ring (+353) 21 453 5204
nó seol ríomhphost chuig demography@cso.ie
-- CRÍOCH --