29 Márta 2021
Breathnaigh ar an eisiúint: Coireacht Thaifeadta, Ráithe 4 2020 [en]
Tá na staitisticí Coireachta Taifeadta is déanaí foilsithe inniu (29 Márta 2020) ag an bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO), ina chlúdaítear an tréimhse go dtí Nollaig 2020.
Déanann Sam Scriven, Staitisteoir, trácht ar an eisiúint coireachta: “Feictear dúinn gur tháinig titim shuntasach ar líon na gcionta a taifeadadh i go leor réimsí coireachta in 2020 le hais 2019.
Tá laghduithe móra tagtha ar chionta taifeadta in 2020 sna réimsí Buirgléireachta (-34.7%), Gadaíochta (-24.5%) agus Robála (-22.9%) i gcomparáid le 2019. Bhí laghduithe le dealramh ann chomh maith mar a bhain sé le Ionsaithe & Cionta Gaolmhara (-13.2%) agus Cionta Gnéis (-10.6%). Tháinig titim chomh maith ar chásanna de Dhamáiste Choiriúil (-11%) agus Cionta Oird Phoiblí (-10.6%).
Taifeadadh laghdú bliantúil ar líon na n-ionsaithe ar mhná in 2020, ach bhí laghdú níos suntasaí ann in ionsaithe ar fhir sa tréimhse chéanna. Titim 546 (-6.4%) a tháinig ar líon na mban a ionsaíodh anuraidh, ach bhí difear 2,319 (-19%) ar líon na bhfear a ionsaíodh in 2020 le hais 2019. I measc ban 30-44 bliana d’aois tuairiscíodh 61 chás níos mó (+2.1%) d’ionsaithe sa tréimhse seo. Is é seo an t-aon ardú ar ionsaithe i measc aon aoisghrúpa as ceachtar inscne in 2020.
Chonacthas ardú ar chionta sna réimsí Seilbh ar Arm (+14.9%) agus Drugaí (+9.1%) in 2020 le hais na bliana roimhe. Bhí ardú de naoi ar an líon dúnbhásanna anuraidh. Áirítear orthu seo, ardú de 10 chás ar chionta Tiomána Dainséaraí ar Tharla Bás Dá mBarr. Ó thaobh dúnmharú agus dúnorgain de, bhí bás amháin níos lú sa stát anuraidh i gcomparáid le 2019.”
Nóta: Leasaíodh an preasráiteas seo an 29 Márta 2021 chun figiúirí maidir le hionsaithe ar dhaoine a cheartú
Tá na Staitisticí Coireachta Taifeadta fós á fhoilsiú faoin gcatagóir Staitisticí Faoi Fhorchoimeádas
Féach anseo i gcomhair tuilleadh eolais:
Ceisteanna Coitianta - Staitisticí Faoi Fhorchoimeádas
Sam Scriven (+353) 21 453 5276 nó Caroline Barrett (+353) 21 453 5485
nó seol ríomhphost chuig crime@cso.ie
-- CRÍOCH --