Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

16 Meán Fómhair 2021

Athoscailt an comórtas Maoirseoir Allamuigh Daonáirimh 2022 i roinnt ceantar

Deis bhreise le bheith i do Mhaoirseoir Allamuigh Daonáirimh do Dhaonáireamh 2022 toisc gur athosclaíodh an comórtas i roinnt ceantar.

Breathnaigh ar an eisiúint: Earcaíocht d’Fhoireann Allamuigh Daonáirimh 2022

D’athoscail an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) an comórtas Maoirseora Allamuigh Daonáirimh mar gheall ar ghanntanas iarratasóirí i líon teoranta ceantar.  Glacfar le hiarratais ar shuíomh gréasáin na Príomh-Oifige Staidrimh go dtí 2i.n Dé Máirt 21 Meán Fómhair.

Ag trácht di ar an athoscailt, dúirt Eileen Murphy, Ceann Riaracháin an Daonáirimh: “Tá roinnt ceantar daonáirimh timpeall na tíre ina bhfuil ganntanas iarratasóirí.  Oibreoidh Maoirseoirí Allamuigh Daonáirimh gar dá gceantar féin, mar sin tá sé tabhachtach go mbeadh iarratasóirí ó cheantair áitiúla.  I gceantair Gaeltachta, teastaíonn daoine uainn le ceannas maith ar an nGaeilge. Tá na ceantair a nglacfaimid le hiarratais ina leith liostaithe ar shuíomh gréasáin na Príomh-Oifige Staidrimh.”

Beidh an chéad Daonáireamh eile ar siúl 03 Aibreán 2022.   Beidh gach maoirseoir lonnaithe ina dtithe féin agus bainisteoidh siad foireann de 10 go 13 áiritheoir daonáirimh.

Lean Eileen Murphy, Ceann Riaracháin Daonáirimh, ag míniú na bpost:  “Beidh maoirseoirí ag obair go cianda ón mbaile agus €564, móide liúntais, á tuilleamh acu in aghaidh na seachtaine. Tosóidh an conradh in Eanáir 2022 agus críochnóidh sé go luath i mBealtaine na bliana sin. Beidh freagracht ag Maoirseoirí Allamuigh as an bhfoireann atá acu a chur faoi agallamh agus oiliúint a chur orthu chomh maith le cinnte a dhéanamh de go n-éiríonn lena bhfoireann d’áiritheoirí, foirmeacha daonáirimh a sheachadadh go dtí gach áit chónaithe agus áitreabh comhchoiteann in Éirinn agus a bhailiú uathu.”

Beidh an daonáireamh atá beartaithe don bhliain seo chugainn ar an 27ú daonáireamh a dhéanfar anseo ó dheas (an 18ú ceann ó bhunú an tSaorstáit)  agus ar an suirbhé is mó arna reáchtáil ag an stát go dtí seo. Is as an daonáireamh a sholáthraítear eolas thar a bheith luachmhar ar réimse leathan ábhair agus baineann gach roinn rialtais agus gach údarás áitiúil sa tír úsáid domhain as an t-eolas céanna chun pleanáil don todhchaí. Úsáidtear sonraí daonáirimh sna céimeanna pleanála i mbeagnach gach gné de shaol na tíre, ar nós scoileanna agus ospidéil, cúrsaí iompar agus seirbhísí pobail.

“Táimid ag lorg daoine a bhfuil taithí acu ar fhoirne a bhainistiú, le scileanna cumarsáide maithe agus atá inniúil ar ríomhairí. Tabharfar oiliúint do na hiarrthóirí a n-éiríonn leo."deir Eileen Murphy ar deireadh.

Más maith leat cur isteach ar phost, ní mór iarratas a sheoladh roimh 2i.n. Dé Máirt 21 Meán Fómhair 2021 ar trí thairseach earcaíochta ar líne an CSO, sin é https://censusrecruitment.cso.ie/

Nótaí d'Eagarthóirí:

Ceantair agus contaetha ina bhfuil iarratasóirí ag teastáil;

Gach ceantar Gaeltachta
Baile Átha Cliath – Baile Átha Cliath Thiar, Contae Bhaile Átha Cliath Thuaidh, Lár na Cathrach, An Cabhán – Béal Tairbirt, Ciarraí – An Daingean, Cill Mhóna, Cnoc na gCaiseal agus Oileán Ciarraí, Cill Dara – An Nás, Cill Mhantáin – Cill Mhantáin Thoir, Corcaigh – Contae agus Cathair thuaidh, Dún na nGall – Leitir Ceanainn, Gaillimh - Áth Cinn, Lár na Cathrach, Port Omna agus Tuaim, An Iarmhí – Baile Átha Luain agus An Muileann gCearr
An Longfort – Gránard, Luimneach – Caladh an Treoigh, Garraí Eoin, Lár na Cathrach, Oileán an Rí, Sparr Thuamhan agus Tuair an Daill, Maigh Eo – Béal Easa agus Cluain Cearbán

 Contaetha : Cill Chainnigh, Loch Garman, Lú, An Mhí, Port Láirge, Ros Comáin, Tiobraid Árann agus Uíbh Fhailí

  1. Reáchtálfar an chéad daonáireamh eile ar oíche Dé Domhnaigh 03 Aibreán 2022
  2. Tharla an daonáireamh deireanach ar Dé Domhnaigh 24 Aibreán 2016.
  3. D’fhoghlaimíomar ó Dhaonáireamh 2016 gurbh é daonra na hÉireann ar an oíche sin ná 4,757,976.
  4. Beidh Daonáireamh 2022 ar an 27ú gceann a dhéanfar i bPoblacht na hÉireann.
  5. Tá os cionn dhá milliún fhoirm daonáirimh curtha i gcló cheana féin ag an bPríomh-Oifig Staidrimh.
  6. Fostaímid 466 Maoirseoir Allamuigh Daonáirimh. Tuilfidh siad thart ar €560 in aghaidh na seachtaine móide liúntais.
  7. Samplaí d’áitribh chomhchoitinn iad óstáin, ospidéil, tithe altranais agus scoileanna cónaithe.
  8. Chun críche an daonáirimh, déantar an tír a roinnt i 46 ‘réigiún’ ainmnithe, ina bhfuil thart ar 10 ‘limistéar allamuigh’ i ngach ceann.
  9. San fhoirm daonáirimh do 2022 tá ceisteanna a bhaineann le cúram leanaí, teas fuinnimh in-athnuaite, caitheamh tobac, aláraim dóiteáin, obair dheonach, bheith ag obair sa bhaile agus saoránacht.
  10. Fógrófar 5,100 post eile le haghaidh Áiritheoirí Daonáirimh i Samhain 2021.
I gcomhair tuilleadh eolais, déan teagmháil le:

Kathleen Goulding (+353) 1 895 1413

nó seol ríomhphost chuig censuspublicity@cso.ie

-- CRÍOCH --